Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ag ceannach tí > Riaráistí morgáiste > Freagairtí maidir le riaráistí morgáiste agus fiachas pearsanta

Print Page Send to a Friend

Freagairtí maidir le riaráistí morgáiste agus fiachas pearsanta

Réamhrá

Tá a lán oibre ar bun chun deileáil le fadhbanna riaraistí morgáiste agus fiachas pearsanta. Déanann an doiciméad seo cur síos ar cad tá ar siúl faoi láthair.

Grúpa Saineolaithe maidir le Riaráistí Morgáiste agus Fiach Pearsanta

Bunaíodh grúpa saineolaithe i mí Feabhra 2010 chun obair leis an Rialtas maidir lena fhreagra ar cheist an fhiachais.

I mí Samhna 2010 d'fhoilsigh an Sainghrúpa ar Riaráistí Morgáiste agus Fiach Pearsanta a thuarascáil deiridh (pdf), ag cur le tuarascáil eatramhach an 5 Iúil 2010 (pdf). Tá mórchuid de na moltaí curtha isteach mar chuid den Cód Iompraíochta athbhreithnithe ar Riaráistí Morgáiste (pdf).

I measc na moltaí breise eile:

  • Ba chóir Scéim Úis Iarchurtha a thabhairt isteach d’iasachtaithe gur féidir leo 66% den ús ar a laghad a íoc. Tabharfaidh sé seo suas le cúig bliana d’iasachtaithe cuí a chur orthu féin.
  • Ba chóir d’iasachtóirí machnamh a dhéanamh ar iasachtaithe a éascú i gcothromas diúltach ar mian leo a thrádáil síos go dtí teach níos inacmhainne.
  • I gcás morgáiste neamh-inbhuanaithe, ba chóir measúnú le haghaidh tithíochta sóisialta a dhéanamh sula dtarlaíonn athshealbhú.
  • Ba chóir meicníocht a chur i bhfeidhm chun iasachtaithe athshealbhaithe a ligean le fanacht ina dtithe ar feadh tamaill, ag ceadú am don údarás tithíochta cóiríocht chuí a fhoinsiú.
  • Níl an Grúpa ag moladh mhaithiúnas féich, nó scéim morgáiste-go-cíosa maoinithe ag an Stát.
  • Ba chóir reachtaíocht féimheachta nua a thabhairt isteach.
  • Ba chóir córas shocraíocht fhéich neamhbhreithiúnach reachtúil a bhunú.
  • Ba chóir don teorainn ama urscaoileadh féich a athrú ar aon dul le luach iomlán an fhéich.
  • Gur chóir an córas tuairiscithe creidmheasa in Éirinn a leasú, agus gur chóir an rud céanna a dhéanamh freisin leis an tslí a dtuairiscíonn an Rialtóir Airgeadais [an Banc Ceannais] riaráistí morgáiste.
  • Gur chóir an scéim um Fhorlíonadh Ús Morgáiste (MIS) a leasú, lena n-áirítear athrú ar na coinníollacha cáilitheacha ionas gur féidir leat MIS a éileamh má tá do pháirtí i bhfostaíocht lánaimseartha, ar an gcoinníoll go gcomhlíonann tú tástáil acmhainne. Rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí tuarascáil a fhoilsiú ar leasú théarmaí na scéime sin freisin. Beidh gá le reachtaíocht chun athruithe ar an MIS a chur i bhfeidhm.

Cúrsaí fiachais i gcoitinne

D’fhoilsigh an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí tuarascáil faoi Bhainistiú Fiacha Pearsanta agus Forfheidhmiú Fiacha (pdf). Molann sé sin roinnt athruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an dlí um fhorfheidhmiú fiacha.

Cuireann an tAcht um An Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2011 (pdf) moladh an Choimisiúin um Athchóiriú Dlí a chur i bhfeidhm chun an tréimhse le haghaidh urscaoilte ó fhéimheacht a laghdú ó 12 go 6 bliana, agus forálann sé go n-urscaoilfear féimheachtaí go huathoibríoch tar éis 12 bliain.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 October 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.