Gach seans gurb é an morgáiste ar do theach nó ar d'árasán an ceangaltas airgeadais is mó agus is tábhachtaí atá agat. Mura bhfuil tú in ann leanúint le d'aisíocaíochtaí morgáiste, is féidir go ndéanfaidh an institiúid iasachtaí (banc nó cumann foirgníochta nó údarás áitiúil) iarracht do theach a athshealbhú ar deireadh.
Má tá fadhb agat morgáiste a íoc, ba chóir duit labhairt leis an institiúid iasachtaí chomh luath agus is féidir. Caithfidh d'iasachtóir céimeanna áirithe a thógáil chun déileáil le fadhbanna ar bith atá agat morgáiste a íoc. Ba chóir go mbeadh athshealbhú tí mar bheart deiridh ag iasachtóir.
Tá institiúidí iasachtaí cosúil le bainc agus cumainn foirgníochta faoi cheangal ag cóid iompair maidir le daoine a bhfuil deacrachtaí acu morgáiste a íoc. Oibríonn na húdaráis áitiúla de réir treoirlínte atá bunaithe ar na cóid iompair sin.
Faigh tuilleadh eolais inár ndoiciméad Cóid um chosaint tomhaltóirí agus fiachas morgáiste.
Iasachtaí agus fiachais eile
Fiú mura bhfuil morgáiste tí agat, d’fhéadfadh baol athshealbhaithe a bheith ann má tá fiachais eile agat. Má charnaíonn tú fiachais eile agus nach bhfuil tú ábalta iad a aisíoc, d’fhéadfadh na daoine lena bhfuil airgead le haisíoc agat an fiachas a chlárú mar bhreithiúnas morgáiste in aghaidh do thí nó árasáin agus iarracht a dhéanamh an t-airgead a aisghabháil ar an mbealach sin (féach ar ár ndoiciméad mar gheall ar athshealbhú tí).
Is iasacht é morgáiste tí ó institiúid iasachta chun cabhrú leat teach nó árasán a cheannach. Nuair a fhaigheann tú morgáiste, faigheann an institiúid iasachtaí éileamh ar do mhaoin. Má tá fadhb agat ag íoc morgáiste, nó más cosúil go mbeidh fadhb agat, ba chóir duit labhairt leis an institiúid iasachtaí chomh luath agus is féidir. Déanann na cóid um chosaint tomhaltóirí foráil go gcaithfidh d’iasachtóir céimeanna áirithe a thógáil chun déileáil le fadhbanna ar bith atá agat ag íoc morgáiste, roimh a dhéantar iarracht do mhaoin a athshealbhú.
Beidh na fadhbanna níos measa má bhíonn tú ag moilliú agus ag carnadh riaráistí íocaíochta. Ní theastaíonn ó institiúidí iasachtaí do theach a athshealbhú. Teastaíonn uathu go leanfá le d'íocaíochtaí.
Má tá fiachais agat nó má tá deacrachtaí airgeadais ag tosú, is féidir leat cúnamh a fháil ón tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS). Soláthraíonn MABS seirbhís saor in aisce chun cabhrú leat déileáil le fiachais agus buiséad a dhéanamh bunaithe ar d’ioncam. Tá Treoir maidir leis an Cód Iompraíochta ar Riaráistí Morgáiste (pdf) foilsithe ag MABS.
Tá forbairt déanta ag MABS agus ag Cónaidhm Baincéireachta na hÉireann ar chomhphrótacal (joint protocol) (pdf) a leagann amach mar is féidir le comhairleoirí airgid MABS oibriú i gcomhar le creidiúnaithe chun cabhrú le daoine dul i ngleic le fadhbanna fiachais agus iad a bhainistiú, fadhbanna le fiachas morgáiste san áireamh. Tá treoir ann freisin maidir le conas a oibríonn an prótacal.
Tá forbairt déanta ag an IBF chomh maith ar Threoir um Dhéileáil le Deacrachtaí maidir le Morgáiste a Aisíoc (Guide to Dealing with Mortgage Repayment Difficulties) (pdf) i gcomhairle le MABS. Tá an Treoir sin le fáil ar an láithreán gréasáin tiomnaithe helpinghomeowners.ie.
Má tá deacrachtaí agat ag íoc morgáiste toisc go bhfuil tú dífhostaithe nó ag obair faoi 30 uair an chloig in aghaidh na seachtaine, d’fhéadfá a bheith i dteideal Forlíonadh Ús Morgáiste a fháil.
Tá sraith úsáideach treoirlínte maidir le riaráistí morgáistí (guidelines on mortgage arrears) (pdf) foilsithe ag FLAC (na hIonaid um Chomhairle Dlí in Aisce).
Ceithre chéim thábhachtacha
Chomh luath agus a thugann tú faoi deara go bhféadfadh fadhb a bheith agat do mhorgáiste a íoc, is féidir leat tús a chur le gníomhartha le déileáil leis. D'fhéadfadh comhairleoir MABS cúnamh a thabhairt duit leis seo, agus d'fhéadfá bualadh leis/léi tú féin nó an líne cabhrach a úsáid. Is féidir leat úsáid a bhaint as an mbealach féinchabhrach 4 chéim a ndéantar cur síos mionsonraithe air ar láithreán gréasáin MABS freisin. Is féidir achoimre a thabhairt ar an mbealach 4 chéim mar seo a leanas:
Is é an Cód Iompraíochta ar Riaráistí Morgáiste (CIRM) (pdf) an cód is mó atá ábhartha maidir le daoine a bhfuil a morgáiste i riaráistí nó i mbaol sleamhnaithe isteach i riaráistí. De réir an Chóid, ní mór d’iasachtóirí Próiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste (MARP) a úsáid agus iad ag déileáil le custaiméirí riaráiste agus réamh-riaráistí. Faigh tuilleadh eolais inár ndoiciméad ar an bPróiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste.
Comhairle dlí
B’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh comhairle dlí a fháil faoi na roghanna atá agat agus faoi cad a tharlóidh má ghlacann an t-iasachtóir céimeanna chun do theach a athshealbhú. Tugann na hIonaid um Chomhairle Dlí in Aisce (FLAC) comhairle dlí saor in aisce ó líonra d’ionaid chomhairle dheonacha ar fud na tíre, agus tá cuid acu bunaithe in Ionaid Faisnéise do Shaoránaigh. Soláthraíonn An Bord um Chúnamh Dlíthiúil comhairle dlí freisin, ach tá tástáil acmhainne ann ina leith. Má tá do theach in mbaol athshealbhaithe, d'fhéadfá a bheith in ann teacht ar chabhair dlí ó New Beginning, eagraíocht dheonach a bhfuil mar aidhm aici cabhair a thabhairt do dhaoine sa staid seo.
Féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos chun sonraí teagmhála do na heagraíochtaí sin a fháil.
Aimsigh d'oifig áitiúil MABS nó glaoigh ar an líne cabhrach ag 1890 283 438 (Íosghlao) (9rn - 8in, Luan - Aoine) nó ríomhphost: helpline@mabs.ie
Más mian leat teacht ar chomhairle dlí saor in aisce, is féidir leat glaoch ar líne chabhrach FLAC ag Íosghlao 1890 350 250 (9.30 r.n. - 5.30 i.n., Luan - Aoine). Is féidir leo a rá leat cá bhfuil an t-ionad um chomhairle dlí in aisce is gaire duit lonnaithe.
D’fhéadfá a bheith in ann teacht ar chomhairle dlí freisin ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil, má chomhlíonann tú na critéir.
Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála New Beginning ar a láithreán gréasáin.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.