An scéim morgáiste go cíos

Réamhrá

Má tá deacracht agat do mhorgáiste a íoc, ceadaíonn an scéim morgáiste go cíos duit athrú ó úinéireacht a bheith agat ar do theach féin go dtí é a fháil ar cíos mar thionónta tithíochta sóisialta. Roghnaíonn tú faoin scéim úinéireacht ar do theach a thabhairt suas do d’iasachtóir. Ciallaíonn seo nach mbeidh úinéireacht agat a thuilleadh ar do theach agus nach mbeidh aon leas airgeadais agat ann. Déanann comhlacht ceadaithe tithíochta (CCT) nó cuideachta phríobháideach cheadaithe do theach a cheannach ó d’iasachtóir ansin agus ligeann sé ar cíos duit é. Déantar tionónta tithíochta sóisialta díot, a chiallaíonn go n-íocann tú cíos inacmhainne bunaithe ar d’ioncam. Má thagann méadú ar d’ioncam, tagann méadú ar an gcíos. Má thagann laghdú ar d’ioncam, tagann laghdú ar an gcíos.

Déantar tionónta tithíochta sóisialta díot faoin scéim agus bíonn ceart agat go bhfreastalóidh an t-údarás áitiúil ar do riachtanais tithíochta ar feadh tréimhse éiginnte. Ciallaíonn seo, má thagann athrú ar do riachtanais, go gcuirfidh an t-údarás áitiúil cóiríocht mhalartach ar fáil a fhreastalaíonn ar do riachtanais athraithe. Má thagann feabhas ar do chás airgeadais, bíonn an rogha agat do theach a cheannach ar ais.

Rialacha

Ní chuirtear an scéim morgáiste go cíos ar fáil ach do dhaoine a gcuireann iasachtóir príobháideach a morgáiste ar fáil. Tá rogha ar leith morgáiste go cíos ar fáil d’iasachtaithe údaráis áitiúil a bhfuil riaráistí acu.

Caithfidh do mhorgáiste, do theach agus do theaghlach na critéir cháilitheachta mhionsonraithe seo a shásamh chun go gcáileoidh tú don scéim morgáiste go cíos.

Do mhorgáiste

•Caithfidh nach féidir leat aisíocaíochtaí a dhéanamh ar d’iasacht mhorgáiste agus caithfidh go ndearna d’iasachtóir an cinneadh nach dóchúil go dtiocfaidh athrú ar an gcás seo amach anseo

•Caithfidh go bhfuil idirchaidreamh á dhéanamh agat le d’iasachtóir chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach

•Caithfidh gur thug tú an Próiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste (an PRRM) chun críche le d’iasachtóir

Do theach

•Caithfidh cothromas diúltach a bheith ag do réadmhaoin, de ghnáth. Ach is féidir réadmhaoin a bhfuil roinnt bheag cothromas dearfach aige a chur san áireamh sa scéim, áfach, más rud é nach bhfuil an cothromas sin níos mó ná 10% den luach margaidh oscailte, a mhéid le €15,000.

•Caithfidh go n-oireann do réadmhaoin do do riachtanais – caithfidh nach ndéantar cóiríocht iomarcach ná ghann a chur ar fáil duit i gcomhréir le treoirlínte údaráis áitiúil. Ceadaíonn an scéim morgáiste go cíos 2 sheomra leapa níos mó a bheith i do theach ná mar a shonraítear sna treoirlínte údaráis áitiúil do do líon tí.

•Ag brath ar shaghas agus láthair do réadmhaoine, caithfidh nach sáraíonn sé luach áirithe, féach an tábla thíos:

Saghas na réadmhaoine Láthair
Teach Baile Átha Cliath, Cill Dara, an Mhí, Cill Mhantáin, Lú, Corcaigh agus Gaillimh
Árasán nó teach baile mhóir Baile Átha Cliath, Cill Dara, an Mhí, Cill Mhantáin, Lú, Corcaigh agus Gaillimh
Teach Áit eile sa Stát
Árasán nó teach baile mhóir Áit eile sa Stát

Do theaghlach

•Caithfidh tú cáiliú do thacaíocht tithíochta sóisialta san údarás áitiúil ina bhfuil an teach suite. Mar chuid den riachtanas seo, caithfidh nach mó do ghlanioncam teaghlaigh ná teorainneacha áirithe, ag brath ar cén áit sa tír ina gcónaíonn tú agus cé mhéid duine fásta agus leanbh atá i do theaghlach. Leagtar amach na teorainneacha ioncaim do láithreacha agus teaghlaigh éagsúla sa tábla seo. Is ionann glanioncam teaghlaigh agus ioncam do theaghlaigh i ndiaidh gur baineadh cáin agus árachas sóisialach. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar thacaíocht tithíochta sóisialta sula gcuireann tú iarratas ar aghaidh ar an scéim morgáiste go cíos.

•Caithfidh nach bhfuil aon réadmhaoin eile agat nó nach bhfuil sócmhainní ar a bhfuil luach breis agus €20,000 agat.

•Caithfidh go bhfuil ceart chun fanacht sa Stát (pdf) go fadtéarmach agat.

Comhairle a fháil

Caithfidh tú comhairle dhlíthiúil agus airgeadais a fháil sular féidir leis an bpróiseas morgáiste go cíos leanúint ar aghaidh.

Íocfaidh d’iasachtóir a mhéid le €500 as comhairle dlí.

Más mian leat, íocfaidh d’iasachtóir €250 freisin duit chun comhairle airgeadais a fháil ó chuntasóir atá ar phainéal na Seirbhíse Faisnéise agus Comhairle ar Riaráistí Morgáiste.

Is féidir leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA) comhairle faoi fhiachas a sholáthar, chomh maith le heolas ginearálta faoin scheme.

Conas a oibríonn sé

Baineann sraith chasta socruithe dlíthiúla agus airgeadais le do stádas a athrú ó úinéir go tionónta, agus caithfear ainm a chur le gach ceann díobh sula ndéanfar an t-aistriú réadmhaoine.

Nuair atá comhaontú déanta ar na socruithe uile seo, praghas ceannaigh do thí (féach thíos) san áireamh, déanann tú seilbh ar do theach a thabhairt suas go saorálach do d’iasachtóir morgáiste. Díolann d’iasachtóir do theach láithreach le comhlachas tithíochta nó cuideachta phríobháideach cheadaithe, a ligfidh an teach ansin leat ar cíos. Má cheannaíonn CCT an réadmhaoin, beidh úinéireacht acu air agus is iadsan a bheidh mar do thiarna talún. Má cheannaíonn cuideachta phríobháideach cheadaithe do theach, beidh úinéireacht acu air, ach is é d’údarás áitiúil a bheidh mar an tiarna talún. Féach ‘Comhlachais tithíochta agus cuideachtaí príobháideacha ceadaithe’ thíos.

Praghas ceannaigh do thí

Sular féidir do theach a dhíol le comhlachas tithíochta nó cuideachta phríobháideach, caithfear é a luacháil go neamhspleách agus caithfidh an comhlachas tithíochta comhaontú a dhéanamh ar phraghas. Bunófar an praghas ar roinnt tosca, luacháil mhargaidh na réadmhaoine agus costas aon deisiúchán riachtanach san áireamh. Mura féidir leis an iasachtóir agus an comhlachas tithíochta nó an chuideachta phríobháideach comhaontú ar phraghas, ní leanfar ar aghaidh leis an socrú.

I ndiaidh an díola

Íocfar na fáltais ó do theach a dhíol i dtreo d’fhiachas mhorgáiste agus bainfidh tú socrú amach le d’iasachtóir chun an t-iarmhéid a íoc atá fós le híoc agat, más ann dó. Fiachas neamhurraithe é an fuílleach seo anois. (Iasacht é fiachas urraithe a gcuirtear earraí nó réadmhaoin ar fáil mar urrús in aghaidh neamhíocaíochta – mar shampla, morgáiste tithíochta, ina gcuireann tú an réadmhaoin ar fáil mar urrús agus inar féidir é a athshealbhú mura n-íocann tú an morgáiste.)

Ní bheidh úinéireacht agat ar do réadmhaoin a thuilleadh ach is féidir leat leanúint ag cónaí i do theach mar thionónta tithíochta sóisialta agus beidh comhaontú tionóntachta agat leis an gcomhlachas tithíochta, nó leis an údarás áitiúil, má cheannaíonn cuideachta phríobháideach do theach. A luaithe a dhíoltar an mhaoin faoin scéim morgáiste go cíos, tá an ceannaitheoir freagrach as an réadmhaoin a chothabháil agus a dheisiú, faoi mar a leagtar amach i do chomhaontú tionóntachta.

Má thagann feabhas ar do chás airgeadais, beidh an rogha agat do theach a cheannach ar ais ón gcomhlachas tithíochta nó an chuideachta phríobháideach cheadaithe i ndiaidh 5 bliana, nó níos luaithe, má chomhaontaítear air sin.

Comhlachais tithíochta agus cuideachtaí príobháideacha ceadaithe

Is féidir le comhlachas tithíochta nó cuideachta phríobháideach cheadaithe do theach a cheannach faoin scéim morgáiste go cíos. Má cheannaíonn comhlachas tithíochta do theach, beidh úinéireacht acu air agus is iadsan a bheidh mar do thiarna talún. Ach, má cheannaíonn cuideachta phríobháideach cheadaithe do theach, beidh úinéireacht acu air, ach is é d’údarás áitiúil a bheidh mar do thiarna talún. Tionónta tithíochta sóisialta a bheidh ionat i gceachtar rogha agus socróidh an t-údarás áitiúil do chíos ar ráta inacmhainne. Chun teacht ar bhreis sonraí ar na difríochtaí idir na roghanna seo, féach mortgagetorent.ie.

Achomhairc

Mura gcomhaontaíonn d’iasachtóir go bhfuil tú oiriúnach don scéim morgáiste go cíos, caithfidh siad thú a chur ar an eolas i scríbhinn ar an bhfáth. Is féidir leat achomharc a dhéanamh le Coiste Achomhairc an iasachtóra faoin bPróiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste (PRRM).

Má dhéanann an t-údarás áitiúil an cinneadh nach bhfuil tú incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta (a chiallaíonn nach féidir leat teacht ar an scéim morgáiste go cíos), is féidir leat an cinneadh seo a achomharc trí chóras achomhairc inmheánach an údaráis áitiúil. Mura bhfuil tú sásta leis an toradh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman.

Conas iarratas a dhéanamh

Sa chás gur cuí, cuirfidh d’iasachtóir deis ar fáil duit iarratas a dhéanamh ar an scéim agus tabharfaidh siad foirm iarratais duit ar mhorgáiste go cíos. Más spéis leat, tugann tú toiliú i scríbhinn do d’iasachtóir do shonraí a sheoladh chuig roinnt eagraíochtaí atá bainteach sa scéim.

Tá ort dul i mbun roinnt céimeanna ansin:

1.Cuireann tú isteach ar thacaíocht tithíochta sóisialta le d’údarás áitiúil.

2.Comhaontaíonn tú úinéireacht do thí a thabhairt suas mar mhalairt ar chomhaontú tionóntachta le comhlachas tithíochta nó údarás áitiúil.

3.Líonann tú d’iarratas ar Mhorgáiste go Cíos.

D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Tithíochta Treoir maidir leis an Scéim Náisiúnta Morgáiste go Cíos (pdf).

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Déan teagmháil le d’iasachtóir morgáiste chun plé a dhéanamh ar d’oiriúnacht maidir leis an scéim morgáiste go cíos.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Lúnasa 2021