Tá ar iasachtóirí cloí le dhá chód iompair reachtúla agis iad ag plé le morgáistí. Riarann Banc Ceannais na hÉireann an dá chód seo - an Cód um Chosaint Tomhaltóirí agus an Cód Iompair i leith Riaráistí Morgáiste (CIRM).
Tá forálacha cosúla i bfheidhm i leith údaráis áitiúla. Maidir le daoine a bhfuil deacrachtaí acu ag aisíoc iasachtaí atá acu ón údarás áitiúil, tá dhá phíosa reachtaíochta ann, mar aon le treoirlínte, a fhorálann go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil socruithe chun déileáil leis an gcás (féach ar 'Iasachtaí ó údaráis áitiúla' thíos).
Má tá fadhb agat morgáiste a íoc, ba chóir duit labhairt leis an institiúid iasachtaí chomh luath agus is féidir. Caithfidh d'iasachtóir céimeanna áirithe a thógáil chun déileáil le fadhbanna ar bith atá agat morgáiste a íoc. Ba chóir go mbeadh athshealbhú tí mar bheart deiridh ag iasachtóir.
Baineann an Cód um Chosaint Tomhaltóirí (pdf) leis na soláthraithe iasachtaí tí ar fad in Éirinn. Tá sé i bhfeidhm ó 2007 i leith agus foilsíodh Aguisín (pdf) i mBealtaine 2008. Déanann an cód foráil gur gá don ghníomhaireacht iasachtaí:
Ciallaíonn sé seo gcaithfidh iasachtóirí plean gníomhaíochta leasúcháin a chomhaontú leat chomh luath agus a thagann riaráistí chun cinn, agus iarracht a dhéanamh cabhrú leat do thiomantais airgeadais a bhainistiú ar bhealach nach gceadaíonn don chás éirí níos measa.
Baineann an cód seo um chosaint tomhaltóirí le hiasachtaí pearsanta agus cártaí creidmheasa chomh maith le morgáistí; ní bhaineann sé le hiasachtaí atá soláthraithe ag comhair chreidmheasa nó ag iasachtóirí airgid.
Cuirtear an Cód Iompraíochta athbhreithnithe ar Riaráistí Morgáiste (féach thíos) in ionad roinnt forálacha an Chóid um Chosaint Tomhaltóirí maidir le morgáistí. Baineann na forálacha seo le láimhseáil ghearán (curtha ina ionad an próiseas achomhairc CIRM anois), fógra a thabhairt do ráthóir nuair a athraíonn téarmaí iasachta agus fógra a thabhairt d'iasachtaí nuair a bhíonn morgáiste i riaráiste.
D'fhoilsigh an Banc Ceannais roinnt doiciméad ag déileáil leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí.
Tháinig leagan nua den Chód i bhfeidhm ar 1 Eanair 2012.
Is é an Cód Iompraíochta ar Riaráistí Morgáiste (CIRM) (pdf) an cód is mó atá ábhartha maidir le daoine a bhfuil a morgáiste i riaráistí nó i mbaol sleamhnaithe isteach i riaráistí. Tháinig an CIRM bunaidh i bhfeidhm i mí Feabhra 2009 agus chuir sé iallach ar iasachtóirí fanacht ar feadh sé mhí roimh chaingean dlí a ghlacadh maidir le morgáistí i riaráiste. Cuireadh síneadh air seo go 12 mí i mí Feabhra 2010 (ní bhaineann an ceanglas 12 mí le hábhar más rud é nach bhfuil iasachtaí ag gabháil leis an iasachtóir d'aon ghnó).
I mí Lúnasa 2010, thuairiscigh an Grúpa Saineolaithe ar Riaráistí Morgáiste agus Fiach Pearsanta. Chuimsigh a chuid moltaí athruithe fairsinge ar an CIRM. Rinneadh athbhreithniú ar an gcód i bhfianaise na moltaí seo agus tháinig an Cód athbhreithnithe i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2011.
Cuireann an CIRM ar an gCód um Chosaint Tomhaltóirí, ar chód deonach atá forbartha ag Cónaidhm Baincéireachta na hÉireann. Baineann sé le gach iasachtóir morgáiste atá ag feidhmiú sa Stát, ar leith ó chomhair chreidmheasa.
Má cheapann tú gur theip ar d'iasachtóir morgáiste ceachtar de na cóid seo a leanúint, agus má tá tú tar éis an próiseas achomharc a idiú, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais.
D'fhoilsigh an Banc Ceannais leabhrán do thomhaltóirí, Riaráistí Morgáiste - Treoir do Thomhaltóir maidir le Déileáil le d'Iasachtóir (pdf) agus liosta ceisteanna coitianta (pdf).
D’fhoilsigh Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce Dlí (FLAC) treoir maidir leis an CIRM (pdf).
Scóip an Chód Iompraíochta ar Riaráistí Morgáiste
Baineann an CIRM le morgáistí ar chónaithe príomha amháin. Sainmhíníonn an Cód cónaithe príomha mar “réadmhaoin chónaithe sa Stát seo arb í an réadmhaoin chónaithe amháin atá faoi úinéireacht an iasachtaí” le cur san áireamh chomh maith leis an sainmhíniú níos coitianta ar “an réadmhaoin chónaithe atá á saothrú ag an iasachtaí mar a c(h)ónaithe príomhúil sa Stáit seo” (do phríomhbhaile).
Is í aidhm an sainmhínithe níos leithne seo ná cosaintí an CIRM a leathnú do dhaoine atá ag iarraidh a n-ioncam a uasmhéadú chun cuidiú leis an morgáiste a íoc ar a gcónaí/mbaile príomha, bíodh nó ná bíodh siad ina gcónaí ann i ndáiríre.
Clúdaíonn an Cód iasachtaithe i réamh-riaráistí freisin. Sainmhíníonn sé réamh-riaráistí mar seo a leanas: “Éiríonn cás réamh-riaráistí sa chás go ndéanann an t-iasachtaí teagmháil leis an iasachtóir chun a chur in iúl daoibh go bhfuil sé/sí i mbaol dul i ndeacrachtaí airgeadais agus/nó buartha faoi dul isteach i riaráiste morgáiste”.
Éilíonn an CIRM go nglacfadh iasachtóirí morgáistí nósanna imeachta sonracha agus iad ag déileáil le hiasachtaithe a bhfuil riaráistí agus deacrachtaí airgeadais acu. Ní mór do na nósanna imeachta den tsórt sin a bheith dírithe ort féin a chuidiú chomh fada agus is féidir i do chúinsí áirithe féin.
Ceanglais maidir le Cód Iompraíochta ar Riaráistí Morgáiste
Leagann an Cód amach an creatlach nach mór d’iasachtóirí a úsáid agus iad ag déileáil le hiasachtaithe i riaráistí morgáiste nó i réamh-riaráistí. Éilíonn sé ar iasachtóirí cásanna den tsórt sin go léir a láimhseáil go tuisceanach agus go dearfach, agus é mar chuspóir ag gach tráth cabhrú le daoine a gcuid oibleagáidí morgáiste a chomhlíonadh.
De réir an CIRM, ní mór d’iasachtóirí an méid seo a leanas a bheith i bhfeidhm:
Ní mór d’iasachtóirí freisin:
Ní mór d'iasachtóirí gan:
Forálann Alt 11 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 1992 go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil a leithéid de shocruithe airgeadais a dhéanamh leat a mheasann sé a bheith cothrom cóir chun do chuid imthosca aonair a thógáil san áireamh. Ciallaíonn sé sin go bunúsach má tá fadhbanna agat do chuid aisíocaíochtaí a íoc gur chóir duit dul chuig d’údarás áitiúil le féachaint an féidir leat socrú a dhéanamh le cabhrú leat íoc thar thréimhse níos faide nó na híocaíochtaí a athstruchtúrú ar bhealach éigin eile. Tá treoirlínte do na húdaráis áitiúla eisithe faoi conas déileáil lena leithéid de chásanna. Tá siad bunaithe ar chód iompair an Bhainc Cheannais a bhfuil cur síos air thuas.
Forálann Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 sa chás go bhfuil airgead amuigh agat ar údarás áitiúil de bharr cíosa nó de bharr aisíocaíochtaí iasachta, agus go dtuigeann an t-údarás áitiúil go bhfulaingeodh tú cruatan míchuí murach sin, féadfaidh sé socrú a dhéanamh leat go n-íocfaidh tú é ina ghálaí. Tá feidhm ag an alt seo (Alt 34) i gcás socruithe maidir le híocaíochtaí iasachtaí ón 14 Meitheamh 2010 ach níl feidhm aige maidir le cíos.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.