Abhaile - tacaíocht saor in aisce do riaráistí morgáiste

Cad é an scéim Abhaile?

Má tá riaráistí tromchúiseacha morgáiste agat ar do theach, mura bhfuil tú in ann d’fhiachas a íoc, agus má chuir d’iasachtóir morgáiste tús le caingean dlí, b’fhéidir go mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar an scéim Abhaile d’iasachtaithe a bhfuil riaráistí morgáiste tí acu. Soláthraíonn an scéim seo réimse seirbhísí chun cabhrú leat déileáil le do chás, comhairle airgeadais, comhairle dlí agus comhairle dócmhainneachta ina measc.

Déanann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí í a comhordú agus déanann an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (an SBCA) í a oibriú i gcomhar le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann (SDÉ), an Bord um Chúnamh Dlíthiúil agus an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Socraíodh painéil de ghairmithe cáilithe agus rialaithe chun seirbhísí a sholáthar faoin scéim. Tá líonra de chomhairleoirí Tiomnaithe Riaráistí Morgáiste (TRM) ag an SBCA chun comhairle neamhspleách shaineolach a sholáthar do dhaoine a bhfuil deacrachtaí acu le riaráistí morgáiste.

Cé a cháilíonn don scéim Abhaile?

Beidh tú incháilithe chun comhairle agus cúnamh a fháil faoin scéim sna cásanna a leanas:

  • Tá tú dócmhainneach – ciallaíonn seo nach bhfuil ar do chumas d’fhiachas ina iomláine a íoc faoi mar a bhíonn siad le híoc
  • Tá riaráistí morgáiste agat ar do theach
  • Tá tú i mbaol do theach a chailleadh. Mar shampla, má chuir d’iasachtóir tús le himeachtaí athshealbhaithe nó má thug siad le fios go mbeartaíonn siad amhlaidh a dhéanamh; má dúirt siad go measann siad nach bhfuil tú ag comhoibriú; nó má d’iarr siad ort machnamh a dhéanamh ar do theach a dhíol nó a thabhairt suas.

Fiú má shásaítear na coinníollacha thuas, áfach, ní bheidh tú incháilithe don scéim má tá an teach díréireach i dtaobh do riachtanais réasúnta cóiríocht mhaireachtála, faoi mar a leagtar amach ag alt 104 den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012.

Mura mbaineann do riaráistí morgáiste ach le maoin a cheannaítear le ligean ar cíos, níl tú cumhdaithe ag an scéim. Má tá riaráistí morgáiste agat ar do theach, áfach, agus má tá maoin a cheannaítear le ligean ar cíos agat chomh maith, beidh tú incháilithe fós féin, má shásaíonn tú na coinníollacha thuas.

Déantar cáilitheacht a athbhreithniú ar bhonn cás ar chás. Ba cheart duit dul i dteagmháil le SBCA le seiceáil an gcáilíonn tú d’Abhaile.

Cén seirbhísí a sholáthraítear?

Tá na 6 sheirbhís chomhairle agus chúnaimh ar leith a leanas ar fáil faoin scéim.

Comhairleoirí Riaráistí Morgáiste Tiomnaithe

Tá líonra de chomhairleoirí Tiomnaithe Riaráiste Morgáiste (TRM) bunaithe in oifigí SBCA ar fud na tíre. Cuireann comhairleoirí TRM sainchomhairle neamhspleách ar fáil do dhaoine a bhfuil riaráistí morgáiste acu agus feidhmíonn siad mar an chéad phointe teagmhála d’iarratasóirí ar an scéim Abhaile.

Seirbhís Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta (CDP)

painéal Cleachtóirí Dócmhainneachta Pearsanta (pdf) ag an scéim Abhaile. Más mian leat do roghanna a fhiosrú faoi dhócmhainneacht phearsanta, is féidir le SBCA dearbhán a thabhairt duit le haghaidh comhairle agus cabhair saor in aisce ó cheann de na CDPanna seo. Féadfaidh tú do CDP a roghnú ó phainéal na scéime Abhaile, ag brath ar an soláthar.

Tugann an dearbhán comhairliúchán aghaidh ar aghaidh le CDP duit. Déanfaidh an CDP:

● Déan measúnú iomlán ar do chás airgeadais

● Mínigh na roghanna go léir atá ar fáil maidir le conas déileáil le do riaráistí morgáiste

● Cuir in iúl duit an rogha is fearr maidir le conas déileáil le do riaráistí morgáiste agus deimhnigh an chomhairle sin i scríbhinn

● Réitigh Ráiteas Forordaithe Airgeadais (RFA) leat. Is anailís mhionsonraithe scríofa é seo ar do chás airgeadais, mar a cheanglaítear faoin reachtaíocht dócmhainneachta pearsanta.

Má thugann an CDP le fios gurb é an rogha is fearr duit dócmhainneacht phearsanta, cabhróidh siad leat leis na chéad chéimeanna eile. Má thugann siad le fios gurb í an rogha is fearr ná féimheacht, tabharfaidh siad deimhniú duit ag dearbhú gur cuireadh ar an eolas tú faoi do roghanna faoi dhócmhainneacht phearsanta. Tá an deimhniú seo ag teastáil ón gcúirt féimheachta.

Cáilíonn tú don tSeirbhís Athbhreithnithe Cúirte um Dhócmhainneacht Phearsanta faoin scéim Abhaile má tá tú dócmhainneach agus i riaráistí morgáiste agus má dhiúltaigh do chreidiúnaithe do thogra le haghaidh Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (SDP) a chuimsigh do theach. Féach thíos le haghaidh tuilleadh faisnéise ar an tSeirbhís Athbhreithnithe Cúirte um Dhócmhainneacht Phearsanta.

Seirbhís chuntasóra

Má bhaineann saincheisteanna casta airgeadais le do chás, ach mura n-oireann siad do dhócmhainneacht phearsanta, féadfaidh an SBCA dearbhán a thabhairt duit le haghaidh comhairle airgeadais saor in aisce ó chuntasóir eile faoin Scéim. Tá painéal cuntasaíochta á bhunú, ina liostaítear cuntasóirí a ghlacann páirt sa Scéim. Féadfaidh tú do chuntasóir a roghnú ón bpainéal seo, faoi réir fáil a bheith orthu.

Beidh ort oibriú le comhairleoir an SBCA i dtosach chun an Ráiteas Caighdeánach Airgeadais (RCA) a chomhlánú a theastaíonn ó iasachtaithe faoin bPróiseas Réitigh Riaráistí Morgáiste (PRRM). Teastóidh cóip den ráiteas seo ón gcuntasóir, d’fhonn comhairle airgeadais a sholáthar duit.

Bronnfaidh an dearbhán an teidlíocht ort comhairliúchán duine ar dhuine a bheith agat le cuntasóir painéil. Déanfaidh an cuntasóir:

● Comhairle a thabhairt duit ar aon saincheisteanna airgeadais a bhaineann le réiteach de do riaráistí morgáiste

● Comhairle a thabhairt duit maidir le réitigh

● Deimhnigh an chomhairle sin duit i scríbhinn

Seirbhís dlíodóir comhairliúcháin

Seans go mbeidh ort dul i gcomhairle le dlíodóir freisin má ardaíonn do chás ceisteanna dlí. Mar shampla, b’fhéidir gur scríobh d’iasachtóir morgáiste chugat, ag iarraidh do theach a athshealbhú nó ag moladh duit é a thabhairt suas.

Féadfaidh do chomhairleoir airgeadais faoin scéim (CDP, comhairleoir SBCA nó cuntasóir) a mholadh go bhfaighidh tú an chomhairle dlí seo.

Is féidir le do chomhairleoir airgeadais iarratas a dhéanamh chuig SBCA ar dhearbhán comhairle dlí ar do shon. Is féidir leat dlíodóir a roghnú ansin ó phainéal dlíodóirí Abhaile.

Gheobhaidh tú comhairliúchán aghaidh ar aghaidh le dlíodóir ón dearbhán comhairle dlí. Déanfaidh an dlíodóir comhairliúcháin:

● Do sheasamh dlíthiúil a mheas agus a mhíniú

● Comhairle a thabhairt duit maidir le haon imeachtaí athshealbhaithe agus aon saincheisteanna dlí a bhaineann le do riaráistí morgáiste

● Deimhnigh a gcomhairle dlí duit i scríbhinn

Má tá imeachtaí athshealbhaithe eisithe ag an iasachtóir cheana féin, d’fhéadfadh go mbeadh an dlíodóir comhairliúcháin in ann idirbheartaíocht a dhéanamh ar do shon chun na himeachtaí a shocrú lasmuigh den chúirt.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go mbeidh ar an aturnae aon cháipéisí a fheiceáil a bhaineann le do chás, go háirithe do ráiteas airgeadais atá cothrom le dáta agus aon chomhairle airgeadais i scríbhinn a fuair tú faoin Scéim.

Seirbhís aturnae dualgais

Má tá imeachtaí athshealbhaithe sa Chúirt Chuarda i ndán duit, b’fhéidir go mbeidh tú in ann roinnt cabhrach a fháil sa Chúirt ón aturnae dualgais. Aturnae atá san aturnae dualgais ó phainéal aturnaetha na Scéime (féach thuas) ar gnách go mbíonn sé/sí ar dualgas sa Chúirt Chuarda ar dhátaí éisteachtaí athshealbhaithe. Ní féidir leat an t-aturnae dualgais a roghnú, mar gheall go sannann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil aturnaetha ón bpainéal chun freastal ar an gcúirt ar dhátaí ar leith.

Seirbhís theoranta is ea seirbhís an aturnae dualgais chun comhairle agus cabhair a sholáthar d’iasachtaithe a ndéantar tearcionadaíocht dóibh sa chúirt. Míneoidh d’aturnae comhairliúcháin seo duit le níos mó sonraí.

De ghnáth, ba cheart go bhfuair tú comhairle scríofa airgeadais agus dlí faoin Scéim cheana féin, comhairle ón aturnae comhairliúcháin ar aon imeachtaí athshealbhaithe ina measc.

Mura ndearna tú iarratas go tráthúil chun an chomhairle sin a fháil, b’fhéidir go mbeidh an t-aturnae dualgais fós in ann roinnt cabhair bhreise theoranta a thabhairt duit, ach amháin má tá iarratas déanta agat ar an SBCA cheana féin. Má tá imeachtaí athshealbhaithe eisithe ag d’iasachtóir morgáiste cheana féin in aghaidh do thí, agus mura ndearna tú iarratas go fóill ar an Scéim, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an SBCA a luaithe agus is féidir – féach ‘Cá ndéanfaidh mé iarratas?’ thíos.

B’fhéidir go mbeidh an t-aturnae dualgais in ann:

  • Labhairt ar do shon sa Chúirt, a mhíniú cén bearta atá á nglacadh agat chun iarracht a dhéanamh déileáil le do riaráistí morgáiste
  • B’fhéidir go mbeidh sé/sí in ann iarratas a dhéanamh ar na himeachtaí a chur ar athló má tá iarracht a déanamh agat chun réiteach a chur i bhfeidhm
  • B’fhéidir go mbeidh siad in ann a mhíniú duit cad atá ag tarlú sna himeachtaí

B’fhéidir go bhfuil siad ag cabhrú le roinnt iasachtaithe Scéime sa chúirt ar an lá sin, mar sin, ba cheart duit freastal ar an gCúirt i bhfad níos luaithe ná an t-am a thaispeántar ar pháipéir na Cúirte, agus ba cheart duit fios a chur ar an SBCA ar theacht duit. (Chomh maith leis sin, freastalaíonn comhairleoirí an SBCA ar an gCúirt Chuarda ar dhátaí éisteachta athshealbhaithe, chun faisnéis agus tacaíocht a sholáthar. Ní féidir leo comhairle dlí ná labhairt ar do shon sa Chúirt, áfach.)

Ní féidir leis an aturnae dualgais gníomhú mar d’aturnae cúnaimh dlí, ná na himeachtaí athshealbhaithe a chosaint thar do cheann. Ní chumhdaíonn an Scéim seo cúnamh dlí chun imeachtaí athshealbhaithe a chosaint. Ma tá cosaint bhailí dhlíthiúil agat i leith an athshealbhaithe agus más mian leat iarratas a dhéanamh ar chúnamh dlí, ba cheart duit iarratas a dhéanamh air sin leis an mBord um Chúnamh Dlíthiúil, ar leithligh ón Scéim seo.

An tseirbhís athbhreithnithe cúirte um dhócmhainneacht phearsanta

Má d’oibrigh tú cheana féin le CDP agus má bheartaigh tú Socrú um Dhócmhainneacht Phearsanta (CDP) do do chuid creidiúnaithe, ach má dhiúltaigh na creidiúnaithe do thogra, féadfaidh tú iarraidh ar na Cúirteanna chun athbhreithniú a dhéanamh air.

Féadfaidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil ionadaíocht dlí a sholáthar duit ag aturnae agus abhcóide nuair a lorgaítear athbhreithniú Cúirte ar do thogra CDP. Má chomhaontaíonn an Chúirt go bhfuil an togra cóir agus réasúnta ar an iomlán, agus leas á bhaint as na critéir a leagtar amach in alt 115A den Acht um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012, féadfaidh sé/sí an togra a ghearradh ar do chreidiúnaithe.

Déanfaidh do CDP iarratas ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil ar ionadaíocht dlí thar do cheann. Caithfidh an CDP a dheimhniú don Bhord go bhfuil forais réasúnta agat chun an t-athbhreithniú cúirte a lorg agus go sásaíonn tú na coinníollacha eile le haghaidh athbhreithniú a leagtar síos sna hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta, 2012 go 2015 (pdf).

Má tá an Bord um Chúnamh Dlíthiúil sásta leis an iarratas, deonóidh sé Deimhniú um Chúnamh Dlíthiúil duit. Féadfaidh tú féin agus do CDP aturnae a roghnú ó phainéal aturnaetha na Scéime chun gníomhú thar do cheann. (Faoi na hAchtanna um Dhócmhainneacht Phearsanta, is é do CDP nach mór iarratas a dhéanamh ar an gCúirt thar do cheann don athbhreithniú.) Is gnách go gcumhdóidh an Bord um Chúnamh Dlíthiúil an costas a bhíonn ar abhcóide ón bpainéal abhcóidí Cúnaimh Dhlíthiúil Shibhialta chomh maith.

Cé mhéad a chosnaíonn seirbhísí Abhaile?

Soláthraítear an Scéim Abhaile saor in aisce d’iasachtaithe incháilithe.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Is féidir glao ar Líne Chabhrach an SBCA: 0818 07 2000 (9am - 8pm, ó Luan go hAoine) nó déan teagmháil le hoifig áitiúil an SBCA.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Meán Fómhair 2023