Má ligean tú amach seomra (nó seomraí) i do phríomháit chónaithe phríobháideach do thionóntaí príobháideacha i rith na bliana cánach cuí, ní ghearrfar cáin ar an ioncam cíosa, muna bhfuil sé os cionn €10,000 sa bhliain cánach. Tugtar scéim 'seomra a ligean ar cíos' uirthi.
Má tá níos mó ná duine amháin i dteideal tairbhe a bhaint as an ioncam cíosa (mar shampla, tusa agus do chéile agus araile) roinntear an teorainn €10,000 idir na daoine sin. Tá na tionóntaí a thógann seomra(í) ar cíos i do theach i dteideal éilimh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar an gcíos.
Tá cúpla eisiamh ann i leith an fhaoisimh seo - féach 'Rialacha' thíos.
Ní chlúdaíonn reachtaíocht tiarna talún/tionónta thú má ligean tú seomra(í) ar cíos. Ciallaíonn sé seo nach mbíonn ort clarú leis an mBord um Thionóntachtaí Príobháideacha Cónaithe mar thiarna talún, ní bhíonn ort leabhar cíosa a chur ar fáil don tionónta ná ní chaithfidh an lóistín cloí le híoschaighdeáin fisiciúla.
Faoin scéim 'seomra a ligean ar cíos' tá tionóntaí atá ina gcónaí i do phríomhtheach ina gcónaí ann faoi 'Chonradh Ceadúnaí' agus níl siad i dteideal ach 'fógra réasúnta' má roghnaíonn tú deireadh a chur leis an gconradh. D'fhéadfadh tionóntaí, áfach, aighnis i dtaobh tréimhsí fógra réasúnta, éarlaisí á gcoinneái, agus aighnis i dtaobh asbhaint ón éarlais mar gheall ar damáiste déanta do mhaoin os cionn "gnáthchaitheamh agus cuimilt" do Chúirt na n-Éileamh Beag.
Moltar go mór duit bunrialacha a réiteach idir thú féin agus an tionónta (na tionóntaí) roimh duit seomra a ligean ar cíos i do theach. Ba cheart duit na bunrialacha seo a chur i scríbhinn agus ba cheart don dá pháirtí (tusa agus do thionónta) an cháipéis a shíniú agus cóip den chonradh a choinneáil ionas go mbeidh an bheirt agaibh in ann tagairt a dhéanamh do théarmaí do chonartha i gcás easordú nó easaontú. D'fhéadfá smaoineamh ar chuid de na bunrialacha seo a leanas:
Má tá íocaíocht cúnaimh shóisialta atá tástáilte de réir maoine á fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí, déanfar aon ioncam cíosa atá agat a mheasúnú mar acmhainní agus is féidir leis tionchar a bheith aige ar d’íocaíocht. Mar sin féin, ní dhéanfar ioncam cíosa a mheasúnú mar acmhainní, má tá Pinsean Stáit (Neamhranníocach) nó Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamhranníocach) á fháil agat agus go mbeifeá i do chónaí leat féin murach seomra a bheith ar cíos agat.
Chun faoiseamh ‘seomra a ligean ar cíos a fháil:
Ní foláir d'áit chónaithe ar bith atá cáilithe le díolúine ó cháin a bheith lonnaithe in Éirinn agus ní foláir duit a bheith i do chónaí inti mar do phríomháit chónaithe phríobháideach i rith na bliana measúnaithe.
Ní dhéantar aon asbhaint i gcomhair costais agus an t-ioncam cíosa á oibriú amach. Cé nach mbaineann ÁSPCná an Muirear Uilíoch Sóisialach ná cáin ioncam leis an ioncam a fhaigheann tú as seomra nó seomraí i do phríomháit chónaithe phríobháideach a ligean ar cíos, ní foláir duit é a bhreacadh síos ar do thuairisceán cánach bliantúil.
Má tá tú ag fáil faoisimh ar ús morgáiste, ní bheidh tionchar ort as ucht seomra i do theach a ligean ar cíos sa chaoi seo. Ní bheidh tionchar ort as do dhíolúine ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil (CGC). (Is cáin í CGC a ghearrtar ar ghnóthachan caipitiúil (brabús) a dhéantar ó dhiúscairt sócmhainne ar bith, mar shampla, díol tí.a bhaineann le díol do phríomháit chónaithe phríobháideach.)
Eisiaimh i leith an fhaoisimh
Ní bhfaigheadh tú faoiseamh cánach Seomra ar Cíos:
Tá ioncam cíosa faighte ó sheomra(í) i do theach a ligean ar cíos saor ó cháin suas go uasmhéid €10,000.
Líon Foirm Thuaraisceán Chánach (Foirm 12) ag deireadh na bliana cánach ag taispeáint go bhfuair tú ioncam ón scéim 'seomra a ligean ar cíos'. Tá foirm 12 ar fáil ó d'oifig chánach áitiúil.
Ba cheart an tuairisceán cánach bliantúil líonta a chur ar ais chuig d'oifig chánach áitiúil. Beidh d'oifig chánach áitiúil in ann ceisteanna ar bith a bheas agat a fhreagairt agus tabharfaidh siad cúnamh duit má tá deacrachtaí ar bith agat agus tú ag líonadh do thuairisceán cánach bliantúil.
D'fhéadfá tuilleadh faoi scéim seomra a ligean ar chíos a léamh - i mbileog na gCoimisinéirí Ioncaim Treoir d'ioncam cíosa.
Tabhair cuairt ar aimsitheoir leathanaigh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim chun uimhir Íosghlao do réigiún a aimsiú. Is féidir leat sonraí teagmhála níos mionsonraithe faoi do réigiún a fháil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.