Ní mór d’úinéirí níos mó ná teach nó réadmhaoin chónaithe amháin muirear bliantúil a íoc leis an údarás áitiúil. Tá sé mar rún go gcuideoidh an t-airgead a bhailítear ón muirear seo le cistiú seirbhísí údarás áitiúil. Tá sonraí faoin muirear seo ar fáil san Acht Rialtais Áitiúil (Muirir) 2009.
Mura bhfuil ach aon teach amháin agat agus más é do Phríomh-áitreabh Príobháideach é, ní gá duit an muirear a íoc. Ní íocfaidh tú an muirear má tá seomra curtha ar cíos agat i do theach féin agus má tá tú cáilithe le haghaidh faoiseamh cánach agus an seomra seo á chur amach ar cíos.
Baineann an muirear seo le tithe cónaithe príobháideacha nach iad na promh-thithe cónaithe (NPPR), mar shampla, réadmhaoin ar cíos agus tithe saoire. Tá dliteanas ort an muirear a íoc freisin, má tá cónaí ort thar lear agus má tá réadmhaoin chónaithe agat in Éirinn.
Más leat níos mó ná réadmhaoin chónaithe amháin ar an dáta dliteanais i mbliain ar bith, ní mór duit an muirear de €200 a íoc le haghaidh na bliana sin ach amháin más teach soghluaiste nó carbhán nó árasán muintire é - féach 'Díolúintí' thíos.
Baineann an muirear le gach réadmhaoin chónaithe ar leat é seachas do phríomh-theach cónaithe. Tá sé mar dhualgas ortsa, úinéir an tí, teacht chun tosaigh agus an muirear a íoc leis an údarás áitiúil ina bhfuil an réadmhaoin suite. Mar shampla, má tá do phríomh-theach cónaithe i mBaile Átha Cliath agus má tá teach saoire agat i Loch Garman, íocann tú an muirear leis an údarás áitiúil i Loch Garman.
Ní gá an muirear a íoc sna cásanna áirithe seo:
Teach muintire
Má tá an dara réadmhaoin agat, níl tú faoi dhliteanas an muirear a íoc muna bhfuil an duine atá ina chónaí ann ag íoc cíosa agus:
Ní mór don réadmhaoin a bheith taobh istigh de 2 chiliméadar ó do theach nó ó áitreabh féinchuimsitheach ar an réadmhaoin chéanna agus atá do phríomháitreabh, mar shampla, teach muintire nó for-ráth.
Ag aistriú go teach altranais
Nuair a fhágann tú do phríomhbhaile chun aistriú chuig teach altranais ní íocfaidh tú an muirear, a fhad is nach leat féin an teach altranais a mbogann tú chuige.
Ag aistriú tí
Tá díolúine theoranta ann má aistríonn tú teach agus, sa phróiseas, gur leat dhá réadmhaoin ar feadh tréimhse measartha gairid.
Ní mór an muirear a íoc más leat dara réadmhaoin ar an dáta dlite (31 Márta gach bliain as 2010 amach), fiú má fuarthas í seo mar chuid den phróiseas bogtha tí. Má aistríonn tú, áfach, ón gcéad réadmhaoin (do phríomh-theach cónaithe) isteach chuig an dara réadmhaoin ar dháta nach faide ná 6 mhí i ndiaidh an 31 Márta, féadann tú aisíoc ar an muirear seo a fháil, a fhad is nach tú úinéir na chéad réadmhaoine a thuilleadh.
Chun aisíoc a fháil déan teagmháil le d’údarás áitiúil.
Idirscaradh agus colscaradh
Tá díolúine ann do dhaoine a bhféadfaí leas a bheith acu sa dara réadmhaoin mar gheall ar idirscaradh breithiúnach nó cholscaradh.
Má tá tú colscartha nó má tugadh idirscaradh breithiúnach duit, ní bheidh tú faoi dhliteanas an muirear a íoc má tá tú i do chónaí in áit a mbíodh mar bhaile teaghlaigh mar phríomh-theach cónaithe agat. Nuair nach mbíonn do chéile nó d’iarchéile ina chónaí sa bhaile teaghlaigh bunaidh ní bheidh siad faoi dhliteanas an mhuirir, má choinníonn siad leas san áit a mbíodh mar bhaile teaghlaigh mar thoradh ar cholscaradh nó idirscaradh breithiúnach.
Carthanais agus iontaobhais lánroghnacha
Tá díolúine ann i leith réadmhaoine cónaithe atá i seilbh charthanais nó i seilbh iontaobhais lánroghnaigh.
Sa bhliain 2010, is é €200 an muirear le haghaidh gach réadmhaoine ar leat é ar an 31 Márta 2010, seachas do phríomháitreabh.
Ní mór an muirear a íoc faoin 31 Bealtaine 2010. Mar a tharla i 2009, ligfear mí breise sula ghearrtar táille moille. Tar éis an 30 Meitheamh, gearrfar táille moille de €20 le haghaidh gach míosa, nó gach cuid de mhí, go dtí n-íocann tú an muirear.
Tá an muirear de €200 agus pé táillí moille le n-íoc leis an údarás áitiúil sa cheantar ina bhfuil an réadmhaoin suite.
Ón 31 Márta 2010, is féidir leat an muirear le haghaidh 2010 a íoc ar líne ag www.nppr.ie.
Má theip ort an muirear le haghaidh 2009 a íoc, glacfar leis an íocaíocht in éineacht leis na táillí moille atá á ngearradh ón 1 Samhain 2009 amach.
Glacfaidh údaráis áitiúla le foirmeacha comhlánaithe cláraithe NPPR. Má íoc tú an muirear le haghaidh 2009, tá cuntas agat, agus má theastaíonn foirm uait, is féidir leat an fhoirm chuí a íoslódáil anseo. Munar íoc tú muirear cheana, is féidir leat an fhoirm le haghaidh custaiméirí nua a íoslódáil.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil leis an údarás áitiúil sa cheantar ina bhfuil do réadmhaoin suite.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.