Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ag ceannach tí > Seilbh tí > Cuideachta bhainistíochta do bhloic árasáin

Print Page Send to a Friend

Cuideachta bhainistíochta do bhloic árasáin

Réamhrá

Tháinig an tAcht um Fhorbairtí Il-Aonad 2011 (pdf) i bhfeidhm ar an 1 Aibreán 2011. Rialaíonn sé úinéireacht agus bainistíocht comhlimistéar fhorbairtí il-aonad, agus soláthraíonn sé do bhunú chuideachta bainistithe úinéirí chun bainistiú a dhéanamh ar limistéirí mar seo.

Is éard is forbairt il-aonad ann ná forbairt ina bhfuil ar a laghad 5 aonad cónaitheacha agus ina roinneann na haonaid áiseanna, conláistí agus seirbhísí. I gcleachtas, is bloic árasáin an chuid is mó d'fhorbairtí il-aonad, ach clúdaíonn an tAcht grúpaí tithe a roinneann áiseanna comónta agus a bhfuil cuideachta bainistithe úinéirí acu. Soláthraíonn sé do rialacha áirithe maidir le forbairtí ina bhfuil 2 agus 4 aonad cónaitheacha. Baineann sé freisin le forbairtí trádálacha agus cónaitheacha measctha go pointe áirithe.

Soláthraíonn an tAcht nach mór cuideachta bainistithe úinéirí a bhunú, agus na comhlimistéirí a aistriú chuici, sula ndíolann an réalóir aon aonad. D'fhorbairtí eiste ina ndíoladh aonad amháin nó níos mó sular tháinig an tAcht i bhfeidhm, bhí 6 mhí ag an réalóir – go dtí 30 Meán Fómhair 2011 – úinéireacht na gcomhlimistéar a aistriú.

Rialacha

Comhlimistéirí

San Acht, déantar cur síos ar chomhlimistéirí mar seo a leanas:

  • Na ballaí ar an taobh amuigh, na dúshraitheanna agus na díonta agus na ballaí inmheánacha a iompraíonn ualach
  • Na hallaí isteach, na léibhinn, na hardaitheoirí, na seaftaí ardaitheora, na staighrí agus na pasáistí
  • Na bóithre isteach, na coislite, na colbhaí, limistéirí pábháilte, plandáilte agus tírdhreachtaithe agus na ballaí teorann
  • Comharthaí ailtireachta agus uisce
  • Na duchtanna agus na seolphíopaí uile, ach amháin na cinn nach bhfuil ag freastal ach ar aonad amháin san fhobairt
  • Na sistéil, na tancanna, na séaraigh, na draenacha, na sreanga, na coirí téimh lárnacha, ach amháin nithe mar seo taobh istigh de agus nach bhfuil ag freastal ach ar aonad amháin san fhorbairt
  • Limistéirí eile atá curtha ar fáil do chomhúsáid anois is arís

Forbairtí il-aonad nua

Cuireann an tAcht oibleagáidí nua ar réalóir fhorbairt il-aonad sula bhféidir aon cheann de na haonaid san fhorbairt a dhíol:

  • Ní mór cuideachta bainistithe úinéirí a bhunú. Ní mór go mbeadh comhlimistéirí na forbartha aistrithe chuig an gcuideachta bainistithe sin. Ní mór don réalóir íoc as é seo a dhéanamh.
  • Ní mór don réalóir dul i gconradh leis an gcuideachta bainistithe úinéirí a imlíníonn an fhreagracht atá ag gach ceann acu dá chéile agus a déileálann le ceisteanna cosúil le géilleadh le ceanglais reachtúla (as a bhfanann a réalóir freagrach, airgead coinneála (de gnáth, airgead coinnithe ag an gcuideachta d’fhonn a chinntiú go gcríochnaíonn an réalóir an tionscadal) agus modhanna chun díospóirí a réiteach; ní mór don chuideachta bainistithe úinéirí ionadaíocht dhlíthiúil eile a bheith aici i ngnóthaíocht an chonartha.
  • Ní mór don réalóir teastas a sholáthar faoi na hAchtanna um Rialú Foirgníochta ó dhuine leis na cáilíochtaí cuí maidir le géilleadh do shlándáil tine san fhorbairt. Tá rialacháin (pdf) déanta ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag mionsonrú go bhfuil ailtirí, suirbhéirí foirgnimh agus innealtóirí cláraithe ina ndaoine atá cáilithe go cuí.
  • Tá oibleagáid ar an réalóir gach rud réasúnta a theastaíonn a dhéanamh d’fhonn a chinntiú go mbaineann úinéir an aonaid sásamh as na cearta agus na conláistí riachtanacha d’úsáid réasúnta agus d’áitiú sámh na n-aonad.

Forbairtí il-aonad eiste

I bhforbairtí ina bhfuil aonad cónaitheach díolta cheana ach nach bhfuil na comhlimistéirí aistrithe chuig an gcuideachta bainistithe úinéirí, tá dualgas ar an réalóir úinéireacht na bpáirteanna ábhartha de na comhlimistéirí a aistriú chuig an gcuideachta bainistithe úinéirí taobh istigh de 6 mhí tar éis teacht i bhfeidhm an Achta – is é sin, roimh 30 Meán Fómhair 2011 ar a dhéanaí. Fanann an réalóir freagrach as na comhlimistéirí a chur i gcrích.

Aistriú na gcomhlimistéar

Nuair atá na comhlimistéirí aistrithe chuig an gcuideachta, bíonn cearta ag an réalóir fós a bheith sna comhlimistéirí sin d'fhonn iad a chur i gcrích. Ní mór polasaí árachais bailí a bheith ag an réalóir i leith gach riosca maidir le húsáid nó le áitiú an réalóra den fhobairt il-aonad. Ní mór don réalóir an chuideachta bainistithe úinéirí a shlánú i gcoinne aon éilimh i leith ghníomh nó fhaillí an réalóra agus na hoibreacha á gcur i gcrích.

Tá oibleagáid ghinearálta ar an réalóir míchaoithiúlacht d’úinéirí an aonaid a íoslaghdú d’fhonn a chinntiú go bhfuil rochtain acu ar an aonad ag gach am réasúnta.

Cuideachta bainistithe úinéirí

Tá cead ag gach aonad cónaitheach ballraíocht a ghlacadh sa chuideachta bainistithe úinéirí agus go ginearálta tá vóta amháin dlite dó. Sa chás go bhfuil socruithe ionadúla i bhfeidhm cheana, is féidir leanúint leo seo chomh fada agus atá siad ceart agus féaráilte.

Tá an chuideachta bainistithe úinéirí mar chuid den ghnáthamh tíolachta do na haonaid aonair. Má dhíoltar an t-aonad ansin nó má aistrítear chuig duine éigin eile é, aistríonn ballraíocht na cuideachta bainistithe úinéirí go huathoibríoch chuig an úinéir nua. Ní bheidh sé riachtanach an t-aistriú a chur i gcrích go foirmiúil nó do stiúrthóirí na cuideachta é a fhaomhadh. (Go ginearálta, teastaíonn na foirmiúlachtaí seo agus ballraíocht cuideachta á aistriú.)

Déanann an tAcht trácht ar na heagraíochtaí a bhainistíonn forbairtí il-aonad mar chuideachta bainistithe úinéirí fiú mura bhfuil an eagraíocht ina cuideachta. Mar shampla, d’fhéadfadh grúpa nó comhlacht neamhchorpraithe a bheith freagrach as an mbainistíocht agus tá na hoibleagáidí céanna orthu is atá ar an gcuideachta bainistithe úinéirí atá ionchorpraithe mar chuideachta.

Stiúrthóirí fadtéarmacha

I roinn forbairtí eiste, tá sé de cheart ag stiúrthóirí ceaptha ag an réalóir fanacht ina stiúrthóirí dá saoil. Ní féidir lena leithéid tarlú ón 1 Aibreán 2011 ar aghaidh agus ní mór do stiúrthóirí a bhí ann ar an 1 Aibreán 2011 seasadh siar ón bpost roimh 1 Aibreán 2014 ar a dhéanaí. Beidh gach stiúrthóir nua srianta do thréimhse 3 bliana.

Oibleagáidí chuideachta bainistithe úinéirí

Ní mór do chuideachtaí bainistithe úinéirí géilleadh do dhlí na gcuideachtaí go ginearálta agus d'oibleagáidí ar leith forchurtha ag an Acht seo. Seo a leanas na príomhoibleagáidí ar leith ar chuideachta bainistithe úinéirí do na baill – úinéirí na n-aonad:

Clár na mball

Ní mór don chuideachta scair nó teastas ballraíochta a sholáthar don cheannathóir agus ní mó di a chinntiú go bhfuil clár na mball cothrom le dáta. Tá dualgas ar na baill an chuideachta a choinneáil ar an eolas maidir le haon athrú ábhartha.

Tuarascáil bhliantúil

Ní mór don chuideachta tuarascáil bhliantúil a ullmhú agus cruinniú bliantúil a reáchtáil chun an tuarascáil a phlé. Ní mór don tuarascáil sonraí maidir le hioncam agus le caiteachas, costais seirbhíse bliantúla, an cuntas ciste suncála, caiteachas beartaithe ar chothabháil agus ar chóiriú, clúdach árachais agus conarthaí arna ndeachaigh an chuideachta iontu a chuimsiú. Ní mór fógra 21 lá a thabhairt do na baill go bhfuil an cruinniú le tarlú agus ní mór an tuarascáil a sholáthar dóibh 10 lá roimh an gcruinniú. Ní mór don chruinniú bliantúil tarlú gar go leor don fhorbairt il-aonad ach amháin sa chás go n-aontaíonn 75% de na baill amhlaidh.

Muirir sheirbhíse

Ní mór don chuideachta scéim a bhunú do na muirir sheirbhíse bliantúla chun íoc as an gcothabháil, árachas agus cóiriú na gcomhlimistéar faoina cumhacht agus do sholáthar seirbhísí comónta (mar shampla, slándáil) d'úinéirí aonaid. Is féidir an muirear tionscantach leagadh síos gan chruinniú na mball a reáchtáil ach, go ginearálta, ní mór do na muirir seo a bheith faomhadh ag cruinniú ginearálta na mball. Mura nglacann 75% de na baill leis an muirear molta, ní mór don mhuirear reatha fanacht. Ní féidir an muirear seirbhíse a úsáid chun íoc as ábhair atá faoi chúram an réalóra nó an tógálaí ach amháin sa chás go bhfuil sé seo aontaithe, i scríbhinn, ag 75% de bhaill na cuideachta. Ní féidir an formheas seo a thabhairt ach amháin má tá 65% de na haonaid díolta agus ní féidir é a chur i bhfeidhm ach trí bliana tar éis aistriú úinéireachta na gcomhlimistéar chuig an gcuideachta bainistithe úinéirí. I gcás na n-aonad nach bhfuil díolta, ní mór don úinéir, an réalóir san áireamh, an muirear seirbhíse a íoc. Ní mór don mhuirear seirbhíse a bheith comhairithe ar bhonn trédhearcach agus cothrom agus ní mór taifead ceart de chaiteachas a bheith coinnithe.

Ciste fiachmhúchta

Taobh istigh de 3 bliana d’aistriú úinéireachta chuige (nó 18 mí i gcás fhorbairtí eiste, is é sin, roimh 30 Meán Fómhair 2012), ní mór dó ciste fiachmhúchta a bhunú le caitheamh ar athchóiriú, ar fheabhsú nó ar chothabháil den chineál neamh-athfhillteach den fhorbairt il-aonad. Tá dualgas ar úinéirí ranníocaíochtaí a dhéanamh leis (lena n-áirítear réalóirí i gcás aonaid nach bhfuil díolta). Soláthraíonn an tAcht gurb é €200 an mhéid in aghaidh na bliana nó aon mhéid eile faoi mar a aontaíonn na baill. Ní mór do ranníocaíochtaí chuig an gciste fiachmhúchta a choinneáil i gcuntas eile.

Rialacha an tí

Is féidir leis an gcuideachta bainistithe úinéirí rialacha tí a dhéanamh don fheidhmiú agus don chothabháil éifeachtach den fhorbairt il-aonad. Ní mór do na rialacha seo a bheith aontaithe ag cruinniú na mball ach ní mór don chuideachta an chéad seit de rialacha a dhéanamh sula ndíoltar an chéad aonad. Sa chás ina bhfuil aonad ligthe, ní mór do a bheith ina tréimhse ligthe atá faoi réir chomhlíonadh rialacha tí na dtionóntaí.

Conarthaí fadtéarmacha

Ní féidir leis an gcuideachta dul i gconradh le soláthraithe earraí agus seirbhísí atá le maireachtáil níos mó ná 3 bliana.

Modhanna chun díospóirí a réiteach

Is féidir le duine ar bith gafa iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar ordú chun aon chearta bronnta a fheidhmiú nó aon oibleagáid forchurtha faoin Acht. Áirítear leis seo an chuideachta bainistithe úinéirí, úinéir aonaid, iontaobhaí faoi thoil nó aon réiteach eile agus an réalóir.

Is féidir leis an gCúirt, in ionad ordú a dhéanamh, na páirtithe a stiúradh i dtreo theacht ar réiteach i leith an ábhair.

Tuilleadh eolais

Chomh maith le téacs an Achta féin (pdf), seans go mbeidh tú ag iarraidh an Meabhrán Mínitheach a léamh arna rinneadh athbhreithniú air i mí an Mhárta 2011 chun na hilathruithe a rinneadh ar an mBille a thógáil san áireamh agus é ag dul tríd an Oireachtas.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 June 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cosc ar chaitheamh tobac sa láthair oibre
    Is coir í tobac a chaitheamh i láthair oibre iniata in Éirinn. Faigh tuilleadh eolais faoin gcosc seo agus ar an mbealach ina gcuirtear é i bhfeidhm.
  • Fíneálacha páirceála agus clampáil feithiclí
    Tá córas a chuireann srian ar pháirceáil agus a ghearrann fíneálacha i bhfeidhm ar fud bailte agus cathracha in Éirinn. Eolas faoi fhíneálacha, srianta ar pháirceáil agus an chaoi a chuireann d'údarás áitiúil an dlí i bhfeidhm.
  • An Muirear Teaghlaigh
    Sonraí faoin Muirear nua Teaghlaigh: rialacha, díolúintí agus conas é a íoc.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.