Tugadh isteach Muirear bliantúil Teaghlaigh €100 d’fhonn seirbhísí áitiúla a chistiú. Déantar foráil san Acht Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh), 2011 (pdf) don mhuirear seo, ar beart eatramach é agus a dtiocfaidh cáin réadmhaoine luacháil-bhunaithe ina ionad amach anseo. Tá an muirear nua ar leith ón, agus anuas ar, an muirear ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (ACPN).
Más leatsa réadmhaoin chónaithe in Éirinn, tá dualgas ort do dhliteanas faoin Muirear Teaghlaigh a dhearbhú agus é a íoc roimh an dáta dlite, mura bhfuil tú faoi dhliteanas – féach ‘Díolúintí' agus 'Tarscaoiltí’ thíos.
Tá sraith shonrach de 'Cheisteanna coitianta' foilsithe ar láithreán gréasáin an Mhuirir Theaghlaigh.
Más leatsa áitreabh, tá tú faoi dhliteanas an Muirear Teaghlaigh a íoc dó, ach féach ar na díolúintí agus tarscaoiltí a liostaítear thíos. Má tá do theach á ligean ar cíos, tá tusa faoi dhliteanas an muirear a íoc – seachas do thionónta. Ar a shon sin, má tá an teach ligthe ar léas le breis agus 20 bliain, is é an duine lena bhfuil an teach ar léas an t-úinéir, ar mhaithe le cuspóirí an mhuirir. Déantar cur síos ar dhíolúintí agus tarscaoiltí thíos.
Tá nach mór gach réadmhaoin phríobháideach chónaithe, lena n-áirítear árasáin agus mionárasáin, faoi dhliteanas an muirear a íoc.
Má tá tú i dteideal Forlíonadh Ús Morgáiste ar dháta an dliteanais (an 1 Eanáir gach bliain), déanfar an Muirear Teaghlaigh a tharscaoileadh.
Gheobhaidh daoine ar a bhfuil cónaí in eastáit áirithe tithíochta nach bhfuiltear críochnaithe lena dtógáil tarscaoiltí le haghaidh 2012 agus 2013. Tá sonraí faoi eastáit incháilithe ar láithreán gréasáin an Mhuirir Theaghlaigh. Tá an liosta seo foilsithe sna Rialacháin (SI 1/2012) freisin. Muna bhfuil d'eastát ar an liosta, ni bhfaighidh tú an tarscaoileadh.
Caithfidh tú do réadmhaoin a chlárú chun ceann des na tarscaoiltí a éileamh - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Níl an muirear le híoc ar áitreabh:
Níl tithe soghluaiste faoi dhliteanas an Muirear Teaghlaigh a íoc.
Níl tú faoi dhliteanas an muirear a íoc más gá duit an réadmhaoin a fhágáil, bliain nó a thuilleadh roimh an dáta dliteanais, de bharr éiglíocht fhadtéarmach mheabhrach nó fhisiciúil – seo chun cásanna a chuimsiú go mórmhór ina mbíonn daoine i dtithe altranais nó a bhog isteach le gaolta de bharr go dteastaíonn cúram uathu. Chun an díolúineadh seo a fháil i 2012, ní mór ná gur fhág tú an réadmhaoin ar 31 Nollaig 2010 nó roimhe sin. Ní gá réadmhaoin díolúinte a chlárú, ach d'fhéadfaí éileamh ort a chruthú go raibh tú incháilithe (le litir dochtúra nó mar sin) muna n-íocann tú an muirear.
Amhail a luaitear thuas, tá dualgas ort do dhliteanas a dhearbhú don Mhuirear Teaghlaigh, nó tarscaoileadh a éileamh. Nuair atá tú ag clárú don mhuirear, caithfidh tú sonraí na réadmhaoine a thabhairt - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Déantar foráil san Acht go bhféadfar sonraí a roinnt i measc gníomhaireachtaí cuí, ar nós údaráis áitiúla, na Roinne Coimirce Sóisialaí, na gCoimisinéirí Ioncaim, an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha agus BSL ionas gur féidir réadmhaoine dlite cónaithe a shainaithint.
Más leatsa áitreabh, is é an dáta dlite don Mhuirear Teaghlaigh an 1 Eanáir gach bliain, ag tosú in 2012. Má tá sé á íoc agat mar shuim shingil, tá agat 3 mhí le híoc as – a fhad leis an 31 Márta. Má theastiagh uait é a íoc i 4 thráthchuid ar fud na bliana, níor mhór duit sainordú dochair dhírigh a shocrú faoin 29 Feabhra 2012.
Gearrfar pionóis de bharr íocaíochtaí déanacha agus beidh ús i gceist mura n-íocfaidh tú an muirear in am – féach ‘Rátaí’ thíos. Cion é gan an muirear a íoc. Tá ag údaráis áitiúla an chumhacht chun daoine nach n-íocann an muirear a ionchúiseamh.
Gheobhaidh tú fáltas nuair a bheidh an Muirear Teaghlaigh íoctha agat. Más mian leat, is féidir leat iarraidh freisin ar dheimhniú díscaoilte, a dheimhníonn gur íocadh an muirear don bhliain lena mbaineann. Beidh gá le cruthúnas íocaíochta más mian leat an réadmhaoin a dhíol nó a aistriú.
Má fhaigheann úinéir réadmhaoine cónaithe bás, tá ionadaí pearsanta an té mhairbh faoi dhliteanas an muirear a íoc má ghlacadh le deonú ionadaíochta. Murar glacadh le deontas ar bith, níl muirear le híoc.
Beidh an t-ionadaí pearsanta faoi dhliteanas íoc as aon mhuirir gan íoc laistigh de 3 mhí tar éis deonú ionadaíochta a ghlacadh – is iad na muirir seo iad sin a bhí gan íoc ag tráth bhás an úinéara. Mura n-íocann an t-ionadaí pearsanta aon mhuirir gan íoc laistigh den tréimhse 3 mhí seo, déantar na muirir agus an t-ús a charnadh arís ó dháta an deonaithe ionadaíochta.
Is é €100 sa bhliain an Muirear Teaghlaigh. Munar shocraigh tú roimh 29 Feabhra 2012 chun 4 thráthchuid €25 a íoc trí dhochar díreach, caithfidh tú aon íocaíocht amháin a íoc.
Pionóis um íocaíocht dhéanach
Beidh ús agus táillí um íocaíocht dhéanach i gceist duit mura n-íocann tú an táille in am. Ríomhfar ús de réir 1% sa mhí nó cuid de mhí. Is amhlaidh a leanas a ghearrfar na táillí um íocaíocht dhéanach:
| Moill ar íocaíocht | Táille um íocaíocht dhéanach |
| A mhéid le 6 mhí i ndiaidh an dáta dhlite | 10% den mhéid atá gan íoc |
| Idir 6 agus 12 mhí i ndiaidh an dáta dhlite | 20% den mhéid atá gan íoc |
| Breis agus 12 mhí i ndiaidh an dáta dhlite | 30% den mhéid atá gan íoc |
Ar chuma an mhuirir ar Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (ACPN), tá an Muirear Teaghlaigh á bhailiú ar bhonn féin-dearbhaithe agus ní mór duit do réadmhaoin a chlárú, fiú má tá tú i dteideal tarscaoilte. Ní gá réadmhaoin díolúinte a chlárú, áfach - féach thuas.
Tá an Muirear Teaghlaigh á bhailiú ag an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRA) ar láithreán gréasáin nó tríd an bpost. Ina theannta sin, is féidir é a íoc ag oifigí údaráis áitiúil.
Le clárú don Mhuirear Teaghlaigh agus le hé a íoc ar líne, is féidir leat láithreán gréasáin an Mhuirir Theaghlaigh a úsáid.
Le hé a íoc tríd an bpost, seol seic, ordú poist etc. chuig an nGníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil ag an seoladh thíos.
Anuas air sin, is féidir leat an muirear a íoc go díreach ag oifigí d’údaráis aitiúil.
Le teacht ar fhaisnéis faoi tharscaoiltí do dhaoine a fhaigheann Forlíonadh Ús Morgáiste, déan teagmháil le hionadaí na Roinne Coimirce Sóisialaí ag d’ionad sláinte áitiúil (tugadh Oifigeach Leasa Pobail orthu roimhe seo).
Má tá liosta na n-eastát neamhchríochnaithe tithíochta seiceáilte agat agus má tá bhreis faisnéise uait, déan teagmháil le d'údarás áitiúil.
Gníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil
Bosca PO 12168
Baile Átha Cliath 1
Lóghlao:1890 357 357
Láithreán Gréasáin: http://www.householdcharge.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.