Bunchíos

Réamhrá

Tá dhá cineálacha éagsúla úinéireachta ar réadmhaoine in Éirinn – réadmhaoin ar léas agus réadmhaoin rúilse.

Más le duine réadmhaoin ar léas is ionann sin agus gur leis/léi an foirgneamh amháin agus nach leis/léi an talamh ar a bhfuil sé tógtha agus go bhfuil úinéireacht aige/aici ar feadh méid áirithe blianta socraithe. Más leat réadmhaoin ar léas ní mór duit cíos talún a íoc leis an tiarna talún gur leis/léi an talamh ar a bhfuil an foirgneamh tógtha. Ní mar a chéile a bhíonn méid an chíosa ar fud na tíre. Go minic bíonn an t-údarás áitiúil ina thiarna talún, mar shampla, i mBaile Átha Cliath d'fhéadfadh sé gur Comhairle Chathair Átha Cliath a bheadh ina thiarna talún ag duine.

Más leat réadmhaoin rúilse ciallaíonn sin gur leat an talamh agus na foirgnimh (más ann dóibh) ar fad. Níl aon tréimhse úinéireachta ag baint leis seo. Ní bhaineann cíos talún le réadmhaoin rúilse.

Nuair atá réadmhaoin dhá cheannach nó dhá dhíol agat déanfar aon bunchíos a thaifead ar na gníomhais (má tá an mhaoin cláraithe le Clárlann na nGníomhas) nó ar an bhfóilió (má tá an mhaoin cláraithe ar Clárlann na Talún). Is é an tÚdarás Clárúcháin Maoine a dhéanann Clárlann na nGníomhas agus Clárlann na Talún a rialú agus a bhainisteoireacht.

Tá scéim ag Clárlann na Talún a thugann deis d'úinéirí réadmhaoine ar léas an bunchíos a cheannach amach agus a bheith ina n-úinéirí iomlána ar a maoine. Tugtar Scéim Cheannaigh na mBunchíosanna ar an scéim seo.

Tá roinnt cásanna eisceachtúla ann nuair nach féidir bunchíosanna a cheannach amach, mar shampla muna bhfuil sé ar leas an phobail, nó má tá alt faoi leith i léas a chuireann cosc ar seo, ach ní minic a bhíonn na cásanna seo amhlaidh. Is í an príomhreachtaíocht a bhaineann le bhunchíos an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 1967,an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 1978 agus an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 2005.

Do bhunchíos a cheannach amach

D'fhéadfadh duine atá ag ceannach réadmhaoine a bheith in ann an bhunchíos a cheannach amach nuair a bheidh ceannacht na réadmhaoine críochnaithe. Féadann tú é a cheannach go príobháideach nó trí scéim cheannaigh na mbunchíosanna.

Is féidir leat féin agus an tiarna talún teacht ar réiteach maidir leis an méid atá le n-íoc leis an mbunchíos a cheannach amach nó d'fhéadfaí iarraidh ar eadránaí neamhspléach in oifig Chlárlann na Talún praghas a shocrú. Is é/í an t-eadránaí a leagann síos cé mhéid atá le n-íoc ar bhunchíos má tá bunchíos dhá cheannach amach agat faoin Scéim Cheannaigh na mBunchíosanna nuair nach féidir leat teacht ar réiteach leis an tiarna talún ar an méid atá le n-íoc. Beidh Clárlann na Talún sásta breathnú i ndiaidh na hoibre dlíthiúil ar chostas, ag brath an bhfuil socrú déanta agaibh féin ar phraghas nó an bhfuil sibh ag iarraidh ar eadránaí Chlárlann na Talún an praghas a shocrú. Tá an costas níos mó má bhíonn eadránaí i gceist.

Má cheannaíonn tú bunchíos ó thiarna talún príobháideach eiseófar Teastas Dílseacháin. Tá an éifeacht dlíthiúil chéanna aige seo agus atá ag cáipéis tíolactha agus déanann sé úinéireacht iomlán an áitribh a "dhílsiú" i d'ainm. (Cineál gníomhais í cáipéis tíolactha.) Is gníomhas teidil do mhaoin nua é an Teastas Dílseacháin. Is doiciméad an-tábhachtach é agus molfar duit go tréam do Teastas Dílseacháin a chlárú.

Má cheannaíonn tú bunchíos ón údarás áitiúil, eiseófar Ordú Aistrithe leis an éifeacht chéanna. Sa dá chás beidh úinéireacht réadmhaoine rúilse agat ar an mhaoin as sin amach in áit úinéireacht réadmhaoine ar léas.

Do Theastas Dílseacháin nó Ordú Aistrithe a chlárú

Is é Clárlann na Talún a eisíonn Teastais Dílseacháin agus Orduithe Aistrithe le moladh go ndéanfar iad a chlárú le Clárlann na Talún nó le Clárlann na nGníomhas ionas gur féidir an t-athrú ar an gcinéal úinéireachta a thaifead. Déanfar an fóilió a thabhairt suas chun dáta i gClárlann na Talún. I gClárlann na nGníomhas coinneofar cóip den cháipéis ar nós gur meabhrúchán a bhí ann. Achoimre ar an gcáipéis é meabhrúchán. Tá tuilleadh eolais maidir leis an Scéim Cheannaigh na mBunchíosanna sa bhileog na Clárlainne na Talún.

Rátaí

Má tá do chíos talún á ceannach amach agat trí thoiliú, is é €30 an táille d'úinéirí cónaitheacha agus €65 d'úinéirí neamhchónaitheacha.

Má tá tú á ceannach amach tríd an

nós imeachta eadrána

, is é €105 an táille d'úinéirí cónaitheacha agus €195 d'úinéirí neamhchónaitheacha.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

An tAonad Cheannaigh na mBunchíosanna

Tailte Éireann

Sráid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
Éire
D07 T652

Teil: 051 303000
Láithreán Gréasáin: https://www.tailte.ie/
R-phost: info@prai.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Bealtaine 2020