Tá an Scéim Chomhúinéireachta dírithe ar dhaoine nach féidir leo a dteach ina iomlán a cheannach ag an aon am amháin. Is féidir cuid den teach a cheannach, agus de réir a chéile píosaí de a cheananch go dtí gur leat an teach ar fad. An fhad is go bhfuil tú ag ceannach cuid den teach tá comhúinéireacht ar an teach sin agat féin agus t-údarás áitiúil. Íocann tú morgáiste ar an gcuid is leat agus íocann tú cíos ar an gcuid eile leis an údarás áitiúil ag ráta de 4.3%.
Chomh luath go mbíonn comhúinéireacht tí leis an údarás áitiúil ceadaithe i bprionsabal duit is féidir leat tús a chur le teach nua nó sean teach a lorg nó le teach a thógáil. D'fhéadfadh tithe a bheith ar fáil ag an údarás áitiúil freisin le ceannach faoin scéim ar phraghas laghduithe ón luach ar an margadh. Ní mór don teach do chuid riachtanais agus bunchaighdeáin áirid a shásamh agus ní mór go mbeadh an t-údarás áitiúil sásta leis. Má cheapann an t-údarás áitiúil go bhfuil sé in acmhainn duit an morgáiste a íoc chomh maith leis an gcíos ceannóidh sé an teach/arasán agus cuirfear léas comhúinéireachta ar fáil duit.
Más mian leat do theach féin a thógáil d’fhéadfá a bheith i dteideal suíomh ag costas íseal nó ainm costais a cheannach ón údarás áitiúil.
Ón tús, ní mór duit ar a laghad 40% de phraghas an tí a íoc.
Is féidir leat an chuid den teach atá tú ag ceannach a mhéadú ag am ar bith, tríd an morgáiste a ardú nó airgead tirim a íoc. Ní mór duit úinéireacht iomlán an tí a bheith ceannaithe agat taobh istigh de chúig bliana fichead. Ní gá duit áfach an caipiteal ar fad atá ag seasamh amach ar an morgáiste a bheith íoctha agat taobh istigh den chúig bliana fichead. Is féidir leat morgáiste nua a thógáil amach leis an sciar atá ag seasamh amach a cheannach nuair atá an chéad mhorgáiste aisíoctha.
Is féidir leat an teach/arasán a dhíol ag am ar bith. Beidh an tÚdarás Áitiúil, ár ndóigh, i dteideal éilimh a dhéanamh ar luach a sciar ag am an díolacháin.Má thug an tÚdarás Áitiúil teach/arasán duit ar phraghas laghduithe ón luach ar an margadh ní mór duit sciar den laghdú seo a aisíoc leis an údarás áitiúil, ag brath ar an tréimhse atá caite agat ag maireachtáil ann.
Beidh tú i dteideal Scéim Comhúinéireachta má/s:
Baineann an scrúdú ioncaim leis an gcéad rannóg amháin; má thiteann tú faoin dara, tríú nó ceathrú rannóg, ní bhaineann an scrúdú ioncaim leat.
Ní mór duit ar a laghad 40% den phraghas a d’íoc an t-údarás áitiúil ar an teach/arasán a íoc.
Braitheann seo ár ndóigh ar chostas an tí, an sciar atá ar chíos agat agus na rátaí reatha úis.
Má bhí ioncam an líon tí sa bhliain chánach dheireanach níos lú ná 28,000 euro beidh fordheontas cíosa ar fáil duit idir 1,050 euro agus 2,550 euro sa bhliain chomh fada nach laghdaíonn an fordheontas an cíos a íocann tú go dtí níos lú ná 1 euro sa tseachtain.
D'fhéadfadh an t-Údarás Áitiúil an t-éarlais de 1,270 euro a ligint thart
Déan teagmháil leis an údarás áitiúil sa cheantar inár mian leat teach a cheannach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.