Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ag ceannach tí > Cabhair maidir le teach a cheannach > Ag íoc chun teach a cheannach in Éirinn.

Print Page Send to a Friend

Ag íoc chun teach a cheannach in Éirinn.

Eolas

Tá tithe an-daor. Muna duine tú de ghrúpa an- bheag a bhfuil ar a gcumas teach a cheannacht amach ar airgead tirim beidh ort iasacht a fháil agus é sin a íoc ar ais thar thréimhse 20 – 25 bliain de ghnáth. Tugtar morgáiste ar iasacht den chineál seo.

Foinsí Airgid

Tá dhá fhoinse airgid ann duit chun teach a cheannacht: eagraíochtaí iasachta trádala mar bainc, Cumainn foirgníochta agus údaráis áitiúla.

  • Bainc agus Cumainn Foirgníochta
  • Ní hiad na rialacha céanna a bhíonn ag na heagraíochtaí éagsúla dá bhrí sin tá sé tábhachtach go ndéanann tú taighde leathan sula ndéanann tú cinneadh. De ghnáth, nuair nach bhfuil ach ioncam amháin ann faigheann tú dhá uair go leith an ioncam bhliaintiúil sin, nó má tá beirt ag saothrú faigheann tú dhá uair go leith an ioncam is airde móide an ioncam eile. B'fhéidir go dtabharfadh eagraíochtaí áirithe níos mó ná seo duit ach ní mór a bheith cúramach gan tú féin a chuir i sáin. Beidh deis agat idir 80% agus 90% de chostas an tí a fháil ar iasacht ach caithfidh tú féin a bheith freagrach as an gcuid eile den chostas.
  • Údaráis Áitiúla.
  • Má tá deacracht agat morgáiste a fháil, ó bhanc nó Cumainn Foirgníochta, chun teach a cheannacht bfhéidir go dtabharfadh na húdaráis áitiúil iasacht duit. Le breis eolais a fháil ar mhorgáistí ó údaráis áitiúil

Cineáil morgáistí

Tá dhá chineál morgáiste ann; Morgáiste anáide agus morgáiste dearlaice

  • Morgáiste Anáide

Seo é an morgáiste tradisiúnta agus an ceann is coitianta. Iasacht 20 go 25 bliain atá i gceist de ghnáth agus é le níoc ar ais, móide an úis, taobh istigh den ama sin. Istigh le chuile aisíocaíocht tá ús agus roinnt den iasacht. Sna chéad blianta íoctar an t-ús rud a chiallaíonn nach dtagann morán isliú ar mhéid an iasachta ach go dtiteann méid an iasachta go tapaigh sna blianta deiridh den mhorgáiste. Athraíonn an ráta úis de réir mar a tharlaíonn do rátaí go ginearalta dá bhrí sin má thagann ardú nó ísliú ar na rátaí úis tiocfaidh árdú nó ísliú ar do chuid aisíocaíochtaí freisin.

Tá cúpla mion-dhifríochtaí eile ann. Le Morgáiste le Ráta Seasta bíonn an ráta úis seasta ar feadhtréimhse áirithe. An buntáiste is mó a bhaineann leis an gcineál seo ná go mbíonn na haisíocaíochtaí go léir an méid ceanna agus gur féidir cuntas cruinn a choiméad air. Cailleann tú má thiteann na rátaí úis níos ísle ná an ráta seasta agus buann tú má théann na rátaí níos airde ná an ráta seasta.

Cuireann Morgáiste Tús Iséal siar íocaíocht roinnt den ús atá le híoc ar feadh tamaill agus cuirtear leis an iasacht rud a ardaíonn méid an iasachta. Tar éis an tréimhse sin, a bhí réitithe roimh ré, íocann tú an ghnáth ús agus tagann ardú ar na haisíocaíochtaí míosúla. Má ghlacann tú leis an gcineál seo bí cinnte go bhfuil tú ábalta an meadú míosúil a íoc agus smaoinigh faoín gcontúirt a bhaineann le ardú sna rátaí úis maidir le luach do thí. Tharlódh sé go mbeadh do iasacht níos mó ná luach do thí.

Níl an chontúirt seo ag baint le morgáiste anáide. É sin ráite, bíonn an ráta úis orthu sin de réir an ráta úis ginearálta rud a dhéanann na morgáistí seo an-daor sna chéad blianta den iasacht.

Morgáistí dearlaice

Leis an gcineál seo morgáiste, bíonn polasaí árachais ag teastáil uait a ghlanfadh an iasacht iomlán tar éis fiche bliana nó mar sin. San aisíocaíocht mhíosúil, dá bhrí sin, bíonn an táille árachais agus ús ar an iasacht. Ní íoctar aon chuid den iasacht go sroicheann an polasaí árachais aibíocht. Faoín am sin ba chóir go mbeadh a ndóthain airgid ann chun an iasacht a íoc go hiomlán agus b'fhéidir méid áirithe breise mar chnapshuim.Tá cineálacha éagsúla de na morgáistí seo ann ach, go bunúsach, sé an prionsabal céanna atá leo go léir.

An príomh bhuntáiste atá leis an gcineál seo morgáiste ná go dtugann sé faoiseamh cánach níos fearr ná na cinn eile. Cé go bhfuil maolú ar an bhfaoiseamh seo le blianta beaga anuas. Tá méid áirithe contúirte i gceist mar go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh a ndóthain airgid ann ar deireadh chun an iasacht iomlán a aisíoc. Níl siad chomh solúbtha leis na ceanna eile ach oiread. Má bhíonn deacraíochtaí airgid agat ní féidir leat na híocaíochtaí a chuir siar go sealadach.

Faoiseamh Cánach ar Mhorgáistí

Tá faoiseamh cánach ar fáil ar an ús a bhaineann le hiasacht nó morgáiste a fhaigheann tú chun teach a cheannacht, a dheisiú nó a fheabhsú. Tá tú i dteideal faoiseamh cánach más gá duit iasacht sealadach a fháil fad atá tú ag fanacht leis an morgáiste a bheith réitithe nó fad atá teach á dhíol agat agus ceann eile á cheannacht.

Ag Ceadú Iasachta

Ba chóir duit labhairt leis na daoine cuí sula dtéann tú ag cuartú tí. Ag brath ar do ioncam, ar do stair íocaíochta, ar do chuid fostaíochta, agus ar iasachtaí eile beidh iasachtóir ábalta a insint duit cé méid a bheadh said sásta a thabhairt duit. Shábháilfeadh sé seo a lán ama ort níos faide síos an bóthar.

Rialacha

Rátaí

Is féidir leat faoiseamh cánach de 100% a iarradh ar ais ar an ús atá íoctha agat ar an morgáiste suas go dtí uasmhéid 2,539.48 euro má tá tú singil nó 5,078.95 euro má tá tú pósta nó i do bhaintreach/baintreach fir. Más é seo do chéad uair ag ceannacht tí is féidir leis an uasmhéid sin a bheith 3,174.35 euromá tá tú singil agus 6,348.69 euro más pósta dhuit nó más baintreach/baintreach fir tú. Tá faoiseamh cánach ceadaithe ag an gnáth ráta fiú má tá tú ar an ráta ard cánach dod' ioncam.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.