Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ag ceannach tí > Cabhair maidir le teach a cheannach > Suíomhanna tithíochta ar chostas íseal

Print Page Send to a Friend

Suíomhanna tithíochta ar chostas íseal

Eolas

Is féidir le húdaráis áitiúla súiomhanna tithíochta a chur ar fáil ar chostas íseal chun cabhrú le daoine a bhfuil tithíocht de dhíth orthu a dtithe féin a chur ar fáil. Sé an t-údarás áitiúil a shocraíonn an praghas; d'fhéadfadh sé a bheith chomh híseal le 126.97 euro.

Is féidir na costaisí tógála a bheith maoinithe le morgáiste ó bhanc, nó má tá tú i dteideal, ó údarás áitiúil. Tá an scéim deartha le n-úsáid i gcomhar le scéimeanna eile tithíochta cosúil leis an Comhúinéireacht; Scéim tithíocht achmhainneach agus Scéim Liúntas Morgáiste.

Má theastaíonn sain-fhorbairt ón suíomh ionas gur féidir leanacht ar aghaidh leis an tóigeáil, d'fhéadfadh sé go dtabhairfeadh an t-údarás áitiúil cabhair airgid leis na costaisí.

Rialacha

Má tá tú:

  • Cláraithe ar liosta feithimh tithíochta ag údarás áitiúil, nó,
  • I do thionónta ag údarás áitiúil nó i do thionónta atá ag ceannacht do theach, agus go bhfuil tú ag iarraidh teach príobháideach a cheannacht agus an teach atá agat faoi láthair a thabhairt ar ais don údarás áitiúil, nó
  • I do thionónta ar feadh níos mó ná bliain amháin i dteach a cumann tithíochta ar fáil faoin scéim Foirdheontasaíocht Cíos agus go bhfuil tú ag iarraidh teach phríobháideach a cheannacht agus an teach atá agat faoi láthair a thabhairt ar ais don údarás áitiúil, nó
  • i do bhall de chomharchumann nó grúpa tithíochta neamh-bhrabúis ar a bhfuil ar a laghad 75% de na baill ina dtionóntaí, tionóntai atá ag ceannacht a dtithe nó cláraithe ar an liosta feithimh tithíochta ag an údarás áitiúil, nó
  • ar dhuine atá páirteach i dtionscnamh grúpa chomh-úinéaracht

b'fhéidir go bhféadfá suíomh ar chostas íseal a fháil chun teach nua a thógáil.

Séard is tionscnamh comh-úinéarachta ghrúpa ann ná scéim tithíochta déanta suas de thithíocht chomh-úinéaracht, Comhúinéireacht atá urraithe ag údarás áitiúil nó comharchumann tithíochta. Is féidir leis an údarás áitiúil suíomhanna ar chostas íseal a chur ar fáil do chuile theach sa scéim fiú muna mbeadh gach duine sa scéim ina theideal.

Ag díol do theach

Má dhíolann tú do theach taobh istigh de 10 mbliain, beidh ort an difear idir an luach margadh den suíomh agus an praghas díolta a íoc leis an údarás áitiúil. Beidh ísliú 10% ar an uimhir seo chuile bhliain ina dhiaidh sin, mar sin, má dhíólann tú tar éis 10 mbliana, ní bheidh ort tada a íoc leis an údarás áitiúil

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Comhúinéireacht
    Tugann an scéim seo deis do dhuine sciar de theach a cheannach ar dtús, agus an sciar a mhéadú de réir a chéile go dtí go bhfuil an teach ar fad ceannaithe. An fhad is go bhfuil sciar dhá cheannach tá úinéireacht an tí roinnte leis an údarás áitiúil.
  • Scéim Liúntas Morgáiste
    Tá liúntas de 11,427.64 euro iníoctha thar tréimhse 5 bhliana le tionóntaí den údarás áitiúil nó le tionóntaí atá ag ceannach ón údarás nó tionóntaí de chumainn tithíochta faoi leith atá ag ceannach nó ag tógáil tí le morgáiste.
  • Do theach nó árasán údaráis áitiúil a cheannach
    Seoladh na scéimeanna do thionóntaí údaráis áitiúil chun a dtithe a cheannach ar lascaine, lena n-áirítear an Scéim Ceannaigh Árasán do Thionóntaí (SCAT) in Eanáir 2012.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.