Muna féidir leat iasacht a fháil ó chumann foirgníochta nó ó bhanc b'fhéidir go bhfuil tú i dteideal morgáiste ó d'údarás áitiúil.
Is féidir leis an t-iasacht a bheith chomh hárd le 97% de luach an tí ach le huasmhéid iasachta de €220,000 agus le haisíocaíochtaí nach bhfuil níos mó ná 35% d' ioncam glan an teaghlaigh (ioncam tar éis cáin agus ÁSPC)
Beidh morgáiste údarás áitiúil ina mhorgáiste íocaíocht tithe le rátaí úis malartach ionas go mbeidh na haisíocaíochtaí ag dul suas agus síos le rátaí úis ginearálta.
D’fhéadfá a bheith i dteideal morgáiste ó údarás áitiúil más féidir leat a thaispeáint don údarás áitiúil nach féidir leat iasacht a fháil ó bhanc ná ó chumann foirgníochta agus:
Teaghlach le hioncam amháin
Teaghlach le dhá ioncam
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.