Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ag ceannach tí > Cabhair maidir le teach a cheannach > Iasacht Rogha Tí

Print Page Send to a Friend

Iasacht Rogha Tí

Réamhrá

Morgáiste í an Iasacht Rogha Tí do cheannaitheoirí chéad uaire nach féidir leo morgáiste nó maoiniú a ndóthain a fháil ó na bainc ná ó na cumainn foirgníochta. Tugann sí an chaoi do cheannaitheoirí chéad uaire arb acmhainn dóibh ceannach ar an margadh oscailte agus morgáiste a aisíoc teacht a bheith acu ar mhaoiniú.

Mar a chéile an Iasacht Rogha Tí agus gnáthmhorgáiste caipitil agus úis a aisíoctar ar bhonn míosúil.

Tugann 4 údarás áitiúil ainmnithe Iasachtaí Rogha Tí ar son na n-údarás áitiúil eile ar fad.

Rialacha

Cé a fhéadfaidh Iasacht Rogha Tí a fháil?

Lena bheith incháilithe d’Iasacht Rogha Tí caithfidh tú:

  • A bheith ag ceannach den chéad uair (b’fhéidir go nglacfar le heisceachtaí áirithe, mar shampla, idirscartha)
  • A bheith ag tuilleamh níos mó ná €35,000 in aghaidh na bliana mar iarrthóir aonair nó níos mó ná €45,000 más lánúin ata i gceist
  • Post buan a bheith agat le bliain amháin (más duine féinfhostaithe tú ní mór duit cuntais dheimhnithe a chur faoi bhráid don dá bhliain)
  • An cruthú a bheith agat nár éirigh leat morgáiste dóthanach a fháil ó 2 bhanc ná ó chumann foirgníochta le teach a cheannach.

Cén sórt réadmhaoine is féidir a cheannach?

Tá an Iasacht Rogha Tí ar fáil chun réadmhaoin nua nó athláimhe a cheannach. (Ba le haghaidhtithe nuathógtha amháin ar dtús í.) Caithfidh an réadmhaoin cloí sé leis na rialacháin foirgníochta agus pleanála. Chomh maith leis sin, caithfidh sí a bheith:

  • Inghlactha chun morgáiste
  • A bheith suite i bPoblacht na hÉireann
  • A bheith ar díol ar an margadh oscailte
  • A bheith ina réadmhaoin chónaithe, ina mbeidh tú i do chónaí
  • A bheith cumhdaithe ag Banna Tí, Príomhráthaíocht nó a samhail
  • 175 méadar cearnaithe nó níos lú

Ní féidir Iasacht Rogha Tí a úsáid le tithíocht inacmhainne a cheannach.

Rataí

Cuirfidh an Iasacht Rogha Tí chomh hard le 92% de luach margaidh na réadmhaoine ar fáil, chomh hard le €285,000 ar a mhéad. Féadfaidh tú chomh hard le €285,000 a thógáil ar iasacht, de réir an ioncaim atá agat, chomh hard le 92% de luach na réadmhaoine atá á ceannach ar a mhéad.

Is féidir do théarma an mhorgáiste a bheith chomh fada le 30 bliain.

Ní fhéadfar an Iasacht Rogha Tí a mhéadú níos déanaí. Ach féadfaidh tú an Iasacht Rogha Tí a athmhaoiniú ach í a aistriú chun bainc nó cumainn foirgníochta eile.

Ráta úis

Aon ráta úis amháin atá ag an Iasacht Rogha Tí. Tá an ráta seo inathraitheach.

Faoi láthair (Bealtaine 2011) is ionann an ráta úis agus 4.2% inathraitheach (4.28% ráta céatadánach bliantúil). Is airde an Ráta Céatadánach Bliantúil ná an ráta úis inathraitheach toisc go n-áiríonn sé cuid de na costais a chaithfidh tú a ghlanadh ag fáil an mhorgáiste duit.

Is ionann an costas faoin míle agus €4.89 in aghaidh na míosa ar feadh téarma 30 bliain.

Mar shampla: Cosnóidh Iasacht Rogha Tí €200,000 €978 ort in aghaidh na míosa ag an ráta úis atá ann faoi láthair.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar Iasacht Rogha Tí, caithfear teagmháil a dhéanamh i dtús báire leis an bróicéir údaraithe le haghaidh Iasacht Rogha Tí i do cheantar féin chun fáil amach an bhfuil tú incháilithe don Iasacht Rogha Tí. Má tá tú incháilithe agus réadmhaoin agat is mian leat a cheannach ba chóir duit iarratas a chomhlánú le do bhróicéir. Seolfaidh do bhróicéir an t-iarratas chuig lársheirbhís mheasúnaithe don Iasacht Rogha Tí.

Gheobhaidh do bhróicéir morgáiste scéal faoin gcinneadh. Má éiríonn leis an iarratas, beidh gá luachálaí údaraithe a fháil chun measúnú a dhéanamh ar luach na réadmhaoine is mian leat a cheannach. Beidh sé riachtanach duit aturnae a cheapadh chun obair sa dlí tíolactha a chomhlíonadh.

Nuair a bhíonn an luacháil aontaithe, agus na riachtanais eile ar fad comhlíonta, eiseofar tairiscint iasachta trí cheann amháin de na 4 údarás áitiúil ainmnithe.

Feidhmíonn 4 údarás áitiúil ainmnithe an scéim ar son na n-údarás áitiúil eile ar fad. Is iad na 4 údarás áitiúil ainmnithe ná:

  • Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
  • Comhairle Cathrach Chorcaí
  • Comhairle Contae Chill Chainnigh
  • Comhairle Contae na Gaillimhe

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil le bróicéir údaraithe le haghaidh Iasacht Rogha Tí i do cheantar féin chun fáil amach an bhfuil tú incháilithe don Iasacht Rogha Tí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar láithreán gréasáin na hIasachta Rogha Tí nó ar lóghlao 1890 252 842.

leabhrán do cheannaitheoirí faoi Iasacht Rogha Tí (pdf) ar fáil ar láithreán gréasáin na hIasachta Rogha Tí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 July 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.