Scéim an Chéad Tí

Cad é Scéim an Chéad Tí?

Is scéim tithíochta inacmhainne í an Scéim um an gCéad Teach (FHS), a thacaíonn leat teach nua a cheannach nó do chéad teach a thógáil.

Is scéim chothromais roinnte é an FHS. Ciallaíonn sé seo go n-íocann an rialtas agus na bainc rannpháirteacha suas le 30% de chostas do thí nua mar mhalairt ar sciar sa teach. If you want, you can buy back the stake at any time, but you don’t have to.

Cé atá in ann teacht ar an Scéim Chéad Tí?

Tá an scéim ar fáil ar fud na tíre do:

  • Ceannaitheoirí céaduaire agus daoine áirithe eile atá ag iarraidh teach nua a cheannach
  • Daoine ar mian leo a gcéad teach a thógáil ar a suíomh féin, agus daoine áirithe eile atá ag iarraidh teach nua a thógáil. (Síneadh an scéim chuig daoine atá ag tógáil a dtithe nua féin i Meán atá ag iarraidh an teach atá ar cíos acu a cheannach toisc go bhfuil an tiarna talún ag díol na maoine. Tugtar an Scéim Cheannaigh Tí ag Tionóntaí ar an leagan seo den FHS.

An gcáilím don Scéim ChéadTí?

Chun cáiliú don Scéim Chéad Tí, ní mór duit critéir áirithe a chomhlíonadh.

  1. Ní mór duit a bheith i do cheannaitheoir céaduaire nó i do iarratasóir ‘tús úr’ ag ceannach nó ag tógáil tí nua

Is ceannaitheoir céaduaire thú más rud é:

  • Níor cheannaigh tú nó nár thóg tú maoin chun cónaí ann roimhe seo.
  • Níl úinéireacht agat ná leas in aon mhaoin in Éirinn nó thar lear.

Ní cháileoidh tú mar cheannaitheoir céaduaire má bhí teach agat thar lear nó má fuair tú teach ó oidhreacht roimhe seo.

Is iarratasóir ‘tús úr’ tú má bhí teach agat roimhe seo, ach nach bhfuil leas airgeadais agat ann a thuilleadh mar:

  • Tá tú colscartha, scartha, nó tá deireadh tagtha le do chaidreamh
  • Go ndeachaigh tú trí dócmhainneacht phearsanta nó trí fhéimheacht

Má tá an réadmhaoin á ceannach nó á tógáil agat le duine éigin eile, ní mór dóibh a bheith ina gceannaitheoir céaduaire nó ina n-iarratasóir ar thús úire freisin.

2. Caithfidh tú a bheith os cionn 18

Chun cáiliú ní mór duit a bheith os cionn 18 agus an ceart chun cónaí in Éirinn.

3. Caithfidh tú a bheith i do chónaí sa réadmhaoin agus caithfidh sé a bheith nua

Ní bhíonn feidhm leis an scéim ach amháin má tá tú ag ceannach nó ag tógáil na maoine mar do theach. Ní mór duit cónaí ann mar an t-aon áit chónaithe atá agat.

Má tá réadmhaoin á cheannach agat, ní mór gur teach nuathógtha i bhforbairt phríobháideach é.

Má tá tú ag tógáil do theach féin:

  • Ní mór an réadmhaoin a thógáil ar shuíomh ar leatsa nó atá á cheannach agat
  • Ní mór gur teach scoite nó teach leathscoite é an réadmhaoin
  • Ní mór duit féin nó conraitheoir an tógáil a bhainistiú

Ní chlúdaíonn an scéim tithe athláimhe, ach amháin má tá do thiarna talún ag díol na réadmhaoine atá ar cíos agat agus gur mian leat í a cheannach.

4. Caithfidh do theach a bheith laistigh de na teorainneacha praghais do do cheantar

Ní mór go gcosnódh do theach nua níos lú ná an teorainn praghais do cheantar údaráis áitiúil.

Bíonn na teorainneacha seo difriúil ag brath ar an áit a gceannaíonn nó a dtógann tú do theach. Bíonn na teorainneacha difriúil freisin má tá teach nó árasán á cheannach agat.

Tá na teorainneacha nasctha leis an meánphraghas do cheannaitheoirí céaduaire i ngach réimse. Déantar athbhreithniú rialta orthu agus athraítear iad más gá.

Is féidir leat na teorainneacha reatha a fháil sa tábla thíos, nó ar shuíomh gréasáin an FHS.

Limistéar údaráis áitiúil Teorainneacha praghais le haghaidh ceannach  Teorainneacha praghais le haghaidh tógála
Cathair Chorcaí, Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall, Baile Átha Cliath Theas €475,000 le haghaidh tithe agus €500,000 le haghaidh árasán €475,000
Cathair agus Contae Luimnigh €400,000 le haghaidh tithe agus €450,000 le haghaidh árasán €450,000
Cathair agus Contae Phort Láirge €375,000 le haghaidh tithe agus €450,000 le haghaidh árasán €375,000
Co Chill Mhantáin €475,000 do gach réadmhaoin €475,000
Cathair na Gaillimhe €450,000 do gach réadmhaoin €450,000
Co Chorcaí, Co Chill Dara, Co na Mí €425,000 do gach réadmhaoin €425,000
Co na Gaillimhe €400,000 do gach réadmhaoin €400,000
Co Chill Chainnigh,Co Laoise, Co Lú, Co na hIarmhí €375,000 do gach réadmhaoin €375,000
Co an Chláir, €350,000 do gach réadmhaoin €350,000
Co an Ceatharlach, Co an Chabháin, Co Dhún na nGall, Co Chiarraí, Co Liatroma, Co Longfoirt, Co Mhaigh Eo, Co Mhuineacháin, Co Uíbh Fhailí, Co Ros Comáin, Co Shligigh, Co Thiobraid Árann, Co Loch Garman €325,000 do gach réadmhaoin €325,000

Nóta: Tagann tithe leathscoite faoi na teorainneacha praghsanna tithe.

5. Caithfidh do mhorgáiste a bheith le hiasachtóir rannpháirteach agus ní mór éarlais a bheith agat

Caithfidh do mhorgáiste a bheith le hiasachtóir atá rannpháirteach sa scéim. I measc na n-iasachtóirí rannpháirteacha faoi láthair tá, Bank of Ireland, Permanent TSB agus Allied Irish Bank lena n-áirítear AIB, Haven Mortgages agus EBS.

Ní mór duit an t-uasmhéid atá ar fáil duit a fháil ar iasacht ó cheann de na hiasachtóirí seo. Faoi rialacha an Bhainc Ceannais, is é an teorainn le haghaidh iasachtaí morgáiste do cheannaitheoirí céaduaire ná 4 oiread d’ollioncam bliantúil. Más ceannaitheoir tí neamh-chéaduaire thú, tá an teorainn 3.5 oiread d’ollioncam bliantúil.

Má tá Eisceacht Stuamachta Macra (MPE) á fáil agat le hiasachtóir rannpháirteach ní cháileoidh tú don FHS. Is éard is MPE ann nuair a ligeann d’iasachtóir duit iasachtaí a fháil os cionn teorainneacha an Bhainc Ceannais. Tá solúbthacht ag iasachtóirí é seo a dhéanamh do chéatadán áirithe de na morgáistí a sholáthraíonn siad.

Ní mór éarlais 10% ar a laghad a bheith agat. Má tá tú ag ceannach, is é seo 10% de phraghas ceannaigh na maoine. Má tá tú ag baint leasa as an Scéim Cúnaimh chun Ceannaigh, féadfaidh sé seo ranníoc leis an éarlais atá uait.

Má tá do theach á thógáil agat, seo 10% den chostas tógála. Is féidir leat an cothromas i do shuíomh a úsáid chun ranníoc leis an éarlais má tá tú ag tógáil do theach.

Tá áireamhán incháilitheachta ar shuíomh Gréasáin Scéim an Chéad Tí chun cabhrú leat féachaint an gcáilíonn tú.

Cé mhéad maoinithe is féidir afháil agus an bhfuil aon chostais i gceist?

Is scéim chothromais roinnte í Scéim an Chéad Tí. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat cistí a fháil ón scéim mar mhalairt ar chéatadán úinéireachta ar an réadmhaoin. Is féidir leat an céatadán seo a cheannach ar ais más mian leat agus nuair is mian leat, agus ansin beidh an teach go hiomlán agat.

Féadfaidh tú suas le 30% de luach margaidh do réadmhaoine nua a fháil le Scéim an Chéad Tí. Laghdaítear é seo go 20% má tá an Scéim Cúnaimh chun Ceannaigh á fháil agat freisin. Is é an t-íosmhéid is féidir leat a fháil ná 2.5% de phraghas ceannaigh na réadmaoine, nó €10,000, cibé acu is airde.

An bhfuil aon táillí i gceist?

Níl aon táille ar Scéim an Chéad Tí don chéad 5 bliana a bhfuil do theach i do sheilbh agat. Ach, mura bhfuil an sciar cothromais FHS i do theach ceannaithe agat faoin séú bliain, beidh táille seirbhíse i gceist. Baineann an táille seirbhíse seo le cothabháil Scéim an Chéad Tí. Is céatadán é den mhéid a d’íoc an FHS nuair a cheannaigh tú an teach. Méadaíonn méideanna na muirear seirbhíse dá fhad a fhanann tú sa scéim. Tá siad:

  • 1.75% do bhlianta 6 go 15
  • 2.15% do bhlianta 16 go 29
  • 2.85% do na blianta 30 agus níos sine

Tá na rátaí seo socraithe ar feadh shaolré na saoráide cothromais.

Féadfaidh tú an táille seirbhíse a íoc go bliantúil nó i dtráthchodanna míosúla. Mura bhfuil tú in ann an táille seirbhíse a íoc is féidir leat méid laghdaithe a íoc, na híocaíochtaí a chur ar sos ar feadh méid áirithe ama nó iad a chur siar ar fad. Níl aon chostas breise i gceist leis an muirear seirbhíse a chur siar, ach beidh gá é a íoc sa deireadh. Mar shampla, beidh ort é a íoc más mian leat an sciar cothromais a íoc ar ais, an teach a dhíol nó má fhaigheann tú bás.

An féidir liom an sciar cothromais imo theach a cheannach ar ais?

Is féidir leat an sciar cothromais i do theach a cheannach ar ais am ar bith. Ach, ní gá duit.

Is féidir leat an sciar cothromais iomlán a cheannach ar ais in aon íocaíocht amháin, nó é a íoc ar ais go páirteach de réir mar is acmhainn duit. Mar sin féin, is é an t-íosmhéid is féidir leat a íoc ar ais ná 5% den bhunmhéid cothromais agus ní féidir leat ach 2 íocaíocht pháirteach a dhéanamh in aghaidh na bliana.

Is céatadán de luach margaidh do thí an sciar cothromais do theach. Mar sin, má thagann ardú ar phraghsanna réadmaoine, méadóidh an méid a bheidh ort a íoc ar ais. Mar shampla, má cheannaigh tú do mhaoin in 2022 ar €300,000 agus má sholáthair an FHS cothromas 10% nó €30,000 agus má theastaíonn uait an sciar cothromais a cheannach ar ais in 2025 nuair a bheidh luach €350,000 ar an réadmhaoin, beidh ort 10 % de seo, is é sin €35,000.

Cad é an próiseas chun an sciarcothromais a cheannach ar ais?

Más mian leat cuid den sciar cothromais FHS i do theach a cheannach ar ais, nó an sciar iomlán de, ní mór duit do theach a luacháil. Ní mór do Luachálaí Faofa an FHS an luacháil a chomhlánú agus íocfaidh tú as seo. Is féidir leat liosta de Luachálaithe Faofa FHS a fháil ar thairseach custaiméirí an FHS. Tá an luacháil bailí ar feadh 12 mhí.

Cuireann tú an tuarascáil luachála seo chuig an FHS agus iarrann tú ‘luachan fuascailte’ orthu. Inseoidh an luachan fuascailte duit cé mhéad a chosnóidh sé ort cuid den chothromas FHS nó an chothromas go léir i do theach a íoc.

Tá an luachan fuascailte seo bunaithe ar an luacháil a fhaigheann tú. Má thóg tú do theach féin, déantar luach do shuíomh a lascainiú ó luach na maoine nuair a ríomhtar an íocaíocht fuascailte.

Ní mór duit roinnt doiciméad tacaíochta a sholáthar nuair a íocann tú é seo. Tá eolas ar an méid atá uait ar shuíomh Gréasáin Scéim an Chéad Tí.

Cad a tharlóidh mura n-aontaím leis an luacháil?

Mura n-aontaíonn tú leis an luacháil a soláthraíodh, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an FHS chun an dara luacháil a fháil. Mura n-aontaíonn tú leis an dara luacháil, gheobhaidh an FHS measúnú neamhspleách ar luach do thí. Tá an luacháil seo ceangailteach.

Cad a tharlóidh má chuirim luach le mo theach?

Má dhéanann tú athrú ábhartha ar do theach a ardaíonn a luach margaidh, ní chuirfear an méadú seo san áireamh agus luach á chur ar do réadmhaoin. Mar shampla, má chuireann tú síneadh le do theach, ní bheidh an t-ardú ar luach an tí a thagann leis seo san áireamh sa luacháil. Tá tuilleadh eolais ar shuíomh Gréasáin Scéim an Chéad Tí faoi cad a mheastar a bheith ina athrú ábhartha.

Cásanna ina gcaithfidh mé an sciarcothromais a íoc

Má dhíolaim mo theach nó má ligim ar cíos é

Má dhíolann tú nó má ligeann tú do theach ar cíos, ní mór duit sciar cothromais an FHS i do theach agus aon táillí seirbhíse atá fós gan íoc a íoc. Ní mór duit an sciar cothromais a íoc in aon chás nach é an teach do phríomháit chónaithe a thuilleadh. Is féidir leat fanacht sa scéim, áfach, más mian leat seomra a fháil ar cíos i do theach fad is atá tú i do chónaí ann.

Má aistrím soláthraí morgáiste

Is féidir leat do mhorgáiste a aistriú chuig iasachtóir eile sa scéim gan a bheith ort an sciar cothromais a íoc. Mar sin féin, mura bhfuil do sholáthraí morgáiste nua mar chuid den scéim, beidh ort an sciar cothromais agus aon táillí a íoc.

Má gheibhim bás

Má fhaigheann tú bás, nó do chomhiarratasóirí, nuair a fhaigheann an t-iarratasóir deireanach bás, ní mór an sciar cothromais a íoc as.

Conas a dhéanaim iarratas ar Scéiman Chéad Tí?

Déanann tú iarratas ar líne ar Scéim an Chéad Tí. Mura féidir leat iarratas a dhéanamh ar líne nó má tá cabhair uait chun an fhoirm a líonadh, déan teagmháil leis an FHS agus cabhróidh siad leis seo.

Tá roinnt céimeanna sa phróiseas FHS:

  1. Seiceáil go gcáilíonn tú: bain úsáid as an áireamhán incháilitheachta FHS le seiceáil an gcáilíonn tú.
  2. Faigh formheas morgáiste i bprionsabal: ní mór duit formheas morgáiste a fháil ón iasachtóir rannpháirteach chun iarratas a dhéanamh.
  3. Déan iarratas ar líne: ní mór duit roinnt sonraí pearsanta a thabhairt chomh maith le faisnéis faoin réadmaoin is mian leat a cheannach agus le do dhlíodóir. Ní mór duit freisin a chur ar fáil:
    1. Ceadú morgáiste i bprionsabal
    2. ID Grianghraf do gach duine a dhéanann iarratas
    3. Cruthúnas seolta (ní mór é seo a bheith dátaithe laistigh de na 6 mhí dheireanacha)
    4. Meastachán ar cé mhéad a chosnóidh sé chun do theach a thógáil, má tá an réadmhaoin á thógáil agat.
  4. Déan measúnú ar d'iarratas: déanfaidh an FHS athbhreithniú ar d'iarratas agus ar na doiciméid.
  5. Faigh do theastas incháilitheachta: má cháilíonn tú don scéim, gheobhaidh tú teastas incháilitheachta FHS. Tugann sé seo meastachán duit ar an méid cothromais is féidir leat a fháil ón FHS. Tabhair an teastas don iasachtóir morgáiste atá le cur san áireamh i d’iarratas ar mhorgáiste.
  6. Faigh formheas morgáiste: faigh formheas morgáiste ó d’iasachtóir. Tabharfaidh siad litir tairisceana morgáiste duit.
  7. Uaslódáil litir thairisceana chuig tairseach custaiméirí: uaslódáil do litir tairisceana morgáiste chuig suíomh Gréasáin an FHS in éineacht le haon doiciméid eile a theastaíonn. Má tá do theach féin á thógáil agat, beidh ort freisin costas tógála deimhnithe a sholáthar ó ailtire, innealtóir nó suirbhéir cainníochta cáilithe.
  8. Faigh do chonradh custaiméara FHS: má fhaomhtar d’iarratas FHS, gheobhaidh tú féin agus d’aturnae cóip chrua de do chonradh custaiméara don sciar cothromais. Is conradh dlíthiúil é seo idir tú féin agus an FHS, a chaithfidh tú a shíniú agus a bheith fianaithe ag d’aturnae.
  9. Faigh do chistí FHS: seolfaidh d’aturnae an conradh custaiméara sínithe agus foirmeacha eile chuig an FHS. Má tá do theach á cheannach agat, aistreoidh an FHS na cistí chuig cuntas d’aturnae, ionas gur féidir leo ceannach do thí a chríochnú ar aon dul leis an bpróiseas morgáiste. Má tá do theach á thógáil agat, tá 12 mhí agat ón uair a shíníonn tú an conradh chun na cistí a tharraingt anuas chuig cuntas d’aturnae agus 24 mí ón tarraingt anuas chun tógáil do thí a chríochnú.

Cad í an Scéim Ceannaigh Tí do Thionóntaí?

Is síneadh í an Scéim Ceannaigh Tí do Thionóntaí ar an Scéim Chéad Tí. Leathnaíonn sé an FHS ionas go gcáilíonn tú má tá do thiarna talún ag díol na réadmhaoine atá ar cíos agat agus má theastaíonn uait í a cheannach.

Tá an Scéim Ceannaigh Tí do Thionóntaí beagán difriúil leis an FHS mar is féidir leat teach athláimhe a cheannach (do theach ar cíos) agus níl an FHS ar fáil ach do thithe nua. Ciallaíonn sé seo freisin nach gcáileoidh tú don Scéim Cúnaimh chun Ceannaigh, nach mbaineann ach le tithe nua.

Ní mór fógra foirceanta bailí a bheith agat chun cáiliú don Scéim Ceannaigh Tí do Thionóntaí. Ní mór duit cóip de seo agus do cheadú morgáiste i bprionsabal a sheoladh nuair a dhéanann tú iarratas.

Seachas na miondifríochtaí seo, baineann na riachtanais agus na critéir cháilíochta eile go léir don FHS leis an Scéim Ceannaigh Tí do Thionóntaí.

Déanann tú iarratas ar an Scéim um Cheannach Tí do Thionóntaí ar líne ar shuíomh gréasáin Scéim Chéad Tí.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin Scéim Ceannaigh Tí do Thionóntaí ar firsthomescheme.ie.

Faisnéis úsáideach

Tá faisnéis mhionsonraithe faoin scéim ar shuíomh Gréasáin First Home Scheme, lena n-áirítear CC agus áireamhán incháilitheachta. Tá roinnt treoracha acu faoin scéim freisin, lena n-áirítear:

Má tá ceisteanna agat faoin scéim, déanann tú teagmháil le Scéim First Homes chun tuilleadh fainéis a fháil.

Scéim an Chéad Tí

Teil: 0818 275 662
Láithreán Gréasáin: https://www.firsthomescheme.ie/

Scéim tithíochta inacmhainne údaráis áitiúil

Scéim Cheannaigh Inacmhainne de chuid na nÚdarás Áitiúil ann, atá cosúil leis an Scéim Chéad Tí. Leis an scéim seo ceannaíonn an t-údarás áitiúil sciar i do theach in ionad na mbanc. Ní bhaineann an scéim seo ach i réimsí áirithe, áfach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Eanáir 2024