Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Ag ceannach tí > Cabhair maidir le teach a cheannach

Print Page Send to a Friend

Cabhair maidir le teach a cheannach

Comhúinéireacht
Tugann an scéim seo deis do dhuine sciar de theach a cheannach ar dtús, agus an sciar a mhéadú de réir a chéile go dtí go bhfuil an teach ar fad ceannaithe. An fhad is go bhfuil sciar dhá cheannach tá úinéireacht an tí roinnte leis an údarás áitiúil.

Tithíocht inacmhainne
Scéim í seo a chuidíonn le teaghlaigh ar ioncam íseal a dteach féin a cheannacht.

Suíomhanna tithíochta ar chostas íseal
Is féidir le húdaráis áitiúla suíomhanna tithíochta a chur ar fáil ar chostas íseal, chun cabhrú le daoine a bhfuil tithíocht de dhíth orthu a gcuid tithíocht féin a chur ar fáil.

Morgáistí údaráis áitiúla
Is féidir le údaráis áitiúla morgáístí a chur ar fáil do dhaoine nach féidir leo iasacht a fháil ó chumann foirgníochta ná ó bhanc.

Scéim Liúntas Morgáiste
Tá liúntas de 11,427.64 euro iníoctha thar tréimhse 5 bhliana le tionóntaí den údarás áitiúil nó le tionóntaí atá ag ceannach ón údarás nó tionóntaí de chumainn tithíochta faoi leith atá ag ceannach nó ag tógáil tí le morgáiste.

Ag íoc chun teach a cheannach in Éirinn.
Tá fáil ar iasachtaí chun tithe a cheannacht ó chumainn foirgníochta, bainc agus údaráis áitiúla. Tá cinéalacha éagsúla morgáiste ar fáil, agus tá faoiseamh cánach ar fáil ar íocaíochtaí úis.

Iasacht Rogha Tí
Morgáiste do cheannaitheoirí chéad uaire nach féidir leo morgáiste nó maoiniú a ndóthain a fháil ó na bainc ná ó na cumainn foirgníochta.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.