Gearrtar dleacht stampála ar na hionstraimí a úsáidtear in aistriú réadmhaoine – i bhfocail eile, na cáipéisí tíolacais a aistríonn úinéireacht na réadmhaoine.
D’athraigh Buiséad 2011 na rialacha ar dhleacht stampála ar réadmhaoin chónaitheach (cosúil le tithe, árasáin agus rl.). Tháinig na hathruithe seo in éifeacht i ndáil le hionstraimí a comhlíonadh ar nó i ndiaidh 8 Nollaig 2010. Laghdaíodh na rátaí agus cuireadh deireadh le gach faoiseamh agus díolúine a bhí ann cheana.
Do dhaoine a chuaigh i gconradh ceangailteach chun réadmhaoin chónaitheach a cheannach roimh 8 Nollaig 2010, tá foráil idirthréimhseach chun a chinntiú nach gcaillfidh siad amach má chomhlíonann siad aistriú na réadmhaoine sin roimh 1 Iúil 2011 – féach Foráil Idirthréimhseach thíos.
Tá dleacht stampála iníoctha chomh maith ar shuíomhanna talún/tithíochta gan foirgnimh chónaitheacha. Nuair atá do chomhaontú chun suíomh a cheannach nasctha le conradh tógála, d’fhéadfaí go mbeadh dleacht stampála iníoctha ar mhéid iomlán an tsuímh móide an chonartha tógála.
Ó 8 Nollaig 2010, is é an t-aon fhachtóir a chuirfidh isteach ar an méid dleacht stampála ná luach na réadmhaoine.
D’ionaid réadmhaoine a bhfuil luach suas go dtí €1 milliún orthu, is é an ráta nua ná 1% den luach iomlán. D’ionaid réadmhaoine a bhfuil luach de os cionn €1 milliún orthu, baineann an ráta de 1% leis an gcéad €1 milliún agus baineann ráta de 2% leis an iarmhéid. Baineann na rátaí nua le hionstraimí aistrithe a bhfuil dáta ar nó i ndiaidh 8 Nollaig 2010 orthu.
Cuireadh gach faoiseamh agus díolúine do dhleacht stampála ar réadmhaoine chónaitheach a bhí ann cheana ar ceal i leith ionstraimí a comhlíonadh ar nó i ndiaidh 8 Nollaig 2010, mar a leanas:
Ciallaíonn sé seo nach bhfuil go leor idirbhearta a cháileodh do dhíolúinte nó faoisimh faoin seanchóras anois in ann cáiliú.
Má bhí tú sa phróiseas de réadmhaoin a cheannach ar 8 Nollaig 2010, agus bheadh tú faoi mhíbhuntáiste dá bhfeidhmeofaí na rialacha nua, d’fhéadfaí go mbeadh tú in ann fáil a bheadh agat ar fhoráil idirthréimhseach, a cheadódh go bhfeidhmeodh na seanrialacha ar do leas-sa.
Cinnteoidh an fhoráil idirthréimhseach nach bhfuil aon duine a chuaigh isteach i gconradh ceangailteach chun réadmhaoin chónaitheach a cheannnach roimh 8 Nollaig 2010, agus a chomhlíonann aistriú na réadmhaoine sin roimh 1 Iúil 2011, chun cailleadh amach. Chun leas a bhaint as an bhforáil seo, caithfidh tú a chinntiú go n-áireofar san ionstraim an teastas a leanas:
“It is hereby certified that this instrument was executed solely in pursuance of a binding contract entered into prior to 8 December 2010”.
Tá níos mó sonraí ar athruithe an Bhuiséid ar fáil sa bhileog foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Roimh Bhuiséad 2011, d’athraigh an méid dleacht stampála iníoctha ag brath ar luach na réadmhaoine (teach nó árasán, suíomh talún nó tithíochta) agus do stádas (ceannaitheoir céaduaire nó infheisteoir agus rl.). Roinneadh dleacht stampála ina chatagóirí agus rátaí difriúla agus bhraith an méid a bhí le híoc agat:
Suas go dtí 8 Nollaig 2010, níor íoc ceannaitheoirí céaduaire arbh úinéir-áititheoir de réadmhaoin chónaitheach nua agus dara-lámhach iad dleacht stampála. Chuir Buiséad 2011 deireadh leis an díolúne seo, le héifeacht ó 8 Nollaig 2010, i leith ionstraimí dátaithe ar an dáta seo nó ina dhiaidh.
Sainmhínítear ceannaitheoir céaduaire mar dhuine (nó áit a bhfuil níos mó ná ceannaitheoir amháin, gach duine):
Mar dhuine colscartha nó scartha, d’fhéadfaí go mbreathnófaí ort mar cheannaitheoir céaduaire dá gcomhlíonfá na conníollacha seo a leanas:
Féachtar ar dhaoine a ghearann cíos ar thithe nua nó ar thithe nó árasáin dhara-lámhach mar infheisteoirí. Faoi na rialacha in éifeacht suas go dtí 8 Nollaig 2010, bhí na rátaí céanna i bhfeidhm d’infheisteoirí agus mar a bhí do úinéirí-áititheorií neamh-chéaduaire – féach ‘Rátaí’ thíos. Mar gheall gur cuireadh deireadh leis an bhfaoiseamh do cheannaitheoirí céaduaire, íocann gach ceannaitheoir na rátaí céanna anois, bunaithe ar luach na réadmhaoine á ceannach anois.
Roimh Bhuiséad 2011, bhí díolúine ag úinéirí-áititheoirí de thithe/árasáin nua ó dhleacht stampála, ar an gcoinníoll nár sháraigh achar an tí nó an árasáin 125 m.cearnach (1,346 troigh cearnach) agus gur eisíodh Teastas Deimhniú Comhlíonta Achair Urláir. Caithfidh nár áitíodh an teach nó an t-árasán roimh a cheannaithe. Caithfidh gur áitíodh é mar phríomháit chónaithe an úinéara do thréimhse ar leith ó dháta an ghníomhais cheannaithe – i.e. ní fhéadfá cíos a ghearradh ón réadmhaoin seachas faoin Scéim ‘Rent a Room’. Ba é 5 bliana an tréimhse a bhí ann ar dtús ach laghdaíodh é seo go 2 bhliain ar 5 Nollaig 2007. Dá ndíolfá an teach i rith an tréimhse seo ní chaithfeá dleacht stampála a íoc, áfach. Chuir Buiséad 2011 deireadh leis an díolúine seo le héifeacht ó 8 Nollaig 2010.
Má bhí méid achair an tí nó an árasáin níos mó ná 125 m. cearnach (1,346 troigh cearnach), bhí roinnt dleacht stampála iníoctha má bhí Comaoin Inmhuirir os cionn an tairseach díolúine bainteach. Rinneadh measúnú ar an dleacht stampála ar chostas an tsuímh nó 25% de chostas an tsuímh móide na costais thógála (lúide CBL), cibé acu an fhigiúr ba mhó, ag brath ar na haontaithe conartha ar thug gníomhas an aistrithe éifeacht dóibh. Tugadh Comaoin Inmhuirir ar an bhfigiúr seo. Chuir Buiséad 2011 deireadh leis an bhfaoiseamh seo le héifeacht ó 8 Nollaig 2010.
Suas go dtí 8 Nollaig 2010, bhí dleacht stampála iníochta ar leath an ghnáthráta infheidhmithe má bhí aistriú réadmhaoine (seachas scaranna) chuig gaolta áirithe (mar shampla, tuismitheoir, seantuismitheoir, leas-tuismitheoir, leanbh, deartháir, deirfiúr, leathdheartháir, leathdheirfiúr, aintín, uncail, neacht nó nia). Ní raibh an faoiseamh seo ar fáil ar léasanna nó idirbhearta lena raibh col ceathracha agus/nó gaolta cleamhnais.
Chuir Buiséad 2011 deireadh leis an bhfaoiseamh gaol fola seo le héifeacht ó 8 Nollaig 2011, ach amháin mar a d’fheidhmigh sé do réadmhaoin chónaithe, áfach. Feidhmíonn sé i gcónaí le réadmhaoin neamh-chónaithe.
Suas go dtí 8 Nollaig 2010, ní raibh ort dleacht stampála a íoc nuair a bhí tú ag ceannach réadmhaoine ar luach níos lú ná €127,500. Chuir Buiséad 2011 deireadh leis an díolúine seo le héifeacht ó 8 Nollaig 2010.
Suas go dtí 8 Nollaig 2010, níor fheidhmigh dleacht stampála áit ar aistrigh tuismitheoir suíomh chuig leanbh.
Chuir Buiséad 2011 deireadh leis an díolúine seo, ar tugadh site to child exemption air, le héifeacht ó 8 Nollaig 2010.
Tarlaíonn aisghlámadh dleacht stampála nuair a fhaightear cíos, seachas faoin ‘Scéim Rent a Room’ laistigh den tréimhse 2 bhliain (nó suas go dtí dáta díolacháin i rith an tréimhse seo) ó dháta an ghníomhais cheannaithe. Is é méid an aisghlámadh ná an difríocht idir (a) an dleacht stampála iníoctha ag na rátaí níos airde a d’fheidhmeodh ag dáta an ghníomhais cheannaithe agus (b) an dleacht níos ísle (má bhí) íoctha mar thoradh ar leas a bheith bainte as rátaí dleacht stampála laghdaithe.
Do ghníomhais stampála dátaithe roimh 5 Nollaig 2007, ba é tréimhse an aisghlámadh ná 5 bliana. Áit ar ceannaíodh réadmhaoin roimh 5 Nollaig 2007 ach ar ligeadh ar cíos í ar an dáta sin nó ina dhiaidh, níl aon aisghlámadh ar fhaoiseamh dhleacht stampála má ligtear ar cíos í sa 3ú, 4ú nó 5ú bliain d’úinéireacht.
Faoin 'Scéim Rent a Room', níl aon aisghlámadh ar dhleacht stampála áit a bhfuair an duine atá in áitíocht an tí nó an árasáin cíos ar 6 Aibreán 2011 nó ina dhiaidh, do ligean ar cíos lóistín faoi throscán i gcuid den teach.
Tá faoiseamh speisialta dleacht stampála d’fheirmeoirí a dhíolann talamh talamhaíochta agus a cheannaíonn a thuilleadh talamh talamhaíochta chun a sealúchas a chomhdhlúthú agus inmharthanacht a bhfeirmeacha a chomhdhlúthú. Baineann an scéim reatha le hionstraimí a comhlíonadh idir 1 Iúil 2007 agus 30 Meitheamh 2011.
Tá na sonraí ar fad, ina n-áirítear na conníollacha cáilithe, leagtha amach i mbileog Faoiseamh chomhdhlúthaithe feirme dleacht stampála (pdf) na gCoimisinéirí Ioncaim.
Baineann na ráta dleacht stampála a leanas le gach réadmhaoin chónaithe:
| Luach na réadmhaoine | Ráta |
| Suas go dtí €1,000,000 | 1% |
| Comhardú | 2% |
Cinntíonn na socruithe trasdultacha nach gcaillfidh aon duine a chuaigh isteach i gconradh nasctha chun réadmhaoin chónaithe a cheannach roimh 8 Nollaig 2010, agus a chomhlíonann aistriú na réadmhaoine sin roimh 1 Iúil 2011, amach.
Suas go dtí 8 Nollaig 2010, bhí rátaí dleacht stampála mar a leanas (faoi réir na bhfaoisimh agus na ndíolúinte bainteacha):
| Luach na réadmhaoine | Ráta |
| Suas go dtí €125,000 | Díolmhaithe |
| Comhardú | 9% |
Níor athraigh rátaí dleacht stampála ar shuíomhanna talún/tithíochta gan tithe cónaithe:
| Luach na réadmhaoine | Ráta |
| Suas go dtí €10,000 | Díolmhaithe |
| €10,001 - €20,000 | 1% |
| €20,001 - €30,000 | 2% |
| €30,001 - €40,000 | 3% |
| €40,001 - €70,000 | 4% |
| €70,001 - €80,000 | 5% |
| Os cionn €80,000 | 6% |
Ríomhfaidh d’abhchóide cé mhéad dleacht stampála atá dlite agus iarrfaidh sé é seo ort roimh dhúnadh an díolacháin. Íoctar an tsuim chuig na Coimisinéirí Ioncaim a chuireann stampa ar na gníomais réadmhaoine. Gan an stampa seo, ní féidir na gníomhais a chlárú.
Foirgneamh Nua Stampála
Caisleán Bhaile Átha Cliath
Baile Átha Cliath 2
Éire
Lóghlao:1890 482582
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
R-phost: dublinstamp@revenue.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.