Tá dhá chóras ar leith ann chun idirbhearta maoine in Éirinn a thaifeadadh.
Is úinéireacht maoine é teideal, agus is doiciméad i scríbhinn a bhaineann le maoin é gníomhas.
Tá an dá chóras comheisiach. Beidh a fhios ag d’aturnae cé acu den dá chóras atá ábhartha i do chás. Tá an dá chóras faoi smacht agus faoi bhainistíocht an Údaráis Clárúcháin Maoine. Is comhlacht reachtúil neamhspleách é an tÚdarás Clárúcháin Maoine a bunaíodh faoin Acht um Chlárú Gníomhas agus Teidil 2006 (pdf).
Mura n-aontaíonn tú le cinneadh a rinne an tÚdarás, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an gcúirt agus is féidir leis an gcúirt an cinneadh a chur ar neamhní nó a dheimhniú le hathruithe nó gan aon athruithe.
Nuair a chláraítear teideal nó úinéireacht i gClárlann na talún cuirtear gach sonraí ábhartha a bhaineann leis an maoin agus leis an úinéireacht isteach ar dhoiciméid ar a dtugtar Fóilió. Is iad seo na cláir a choinnítear i gClárlann na Talún.
Tugtar talamh cláraithe ar aon mhaoin atá cláraithe ag Clárlann na Talún ós rud é go mbíonn gach idirbheart ar an maoin cláraithe ar fóilió. Ráthaíonn an Stát gur taifead dearbhaithe atá sa bhfóilió de theideal na maoine dá dtagraíonn sé.
Is doiciméad é fóilió a dhéanann cur síos ar:
Trí úsáid a bhaint as an bhfóilió, is féidir leat fáil amach cé aige atá teideal nó úinéireacht ar mhaoin gan aon ghá na gníomhais bhunaidh a léamh.
Coinníonn Clárlann na Talún léarscáileanna i gcomhair pleananna na maoine a ndéantar cur síos orthu sna cláir. Aithníonn léarscáil Chlárlann na Talún (ar a dtugtar plean comhdaithe freisin) maoin, ní teorainneacha. Mar sin, níl an Clárlann críochnaitheach maidir le teorainneacha. Ní mór do na páirtithe ábhartha aon díospóid maidir le teorainneacha a réiteach - murar féidir leo a theacht ar chomhaontú is faoi na cúirteanna atá sé an cheist a réiteach.
Nuair atá uimhir an fhóilió ar eolas agat
Má tá uimhir an fhóilió ábhartha ar eolas agat, is féidir leat cur isteach ar chóip dearbhaithe den fhóilió agus léarscáil. Tá táille €6 ar chóip dearbhaithe d’fhóilió a fháil. Cliceáil anseo chun foirm iarratais i gcomhair cóip dheimhnithe d’fhóilió a íoslódáil (MS Word). Tá €25 ar chóip dearbhaithe d’fhóilió le plean comhdaithe (léarscáil) ceangailte leis. Cliceáil anseo chun foirm iarratais i gcomhair cóip dheimhnithe d’fhóilió le plean comhdaithe a íoslódáil (MS Word).
Ba chóir na foirmeacha iarratais comhlánaithe a sheoladh ar aghaidh chuig Sealbhóir na dTaifead, ag an oifig chuí. (Féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos)
Nuair nach bhfuil uimhir an fhóilió ar eolas agat ach go bhfuil ainm an úinéara cláraithe agat
Is féidir leat uimhir an fhóilió ábhartha a fháil trí iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig Sealbhóir na dTaifead ag an oifig chuí i gcomhair chuardach innéacs ainmneacha (ag tabhairt ainm agus seoladh an úinéara cláraithe). (Féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos).
Nuair nach bhfuil uimhir an fhóilió ná ainm an úinéara cláraithe ar eolas agat
Sa chás seo is féidir leat uimhir an fhóilió ábhartha a fháil trí chur isteach ar chuardach léarscáile (ní mór duit a bheith ábalta an mhaoin a aithint agus a imlíniú ar léarscáil). Ba chóir duit an léarscáil leis an bplásóg imlínithe a sheoladh chuig an oifig chuí le d’iarratas nó féadfaidh tú dul chuig an gcuntar poiblí ag an oifig chuí. (Féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos).
Tá táille €2.50 iníoctha i gcomhair chuardach innéacs ainmneacha agus €6 i gcomhair chuardach léarscáile. Nuair a fhaigheann tú uimhir an fhóilió ábhartha ar an mbealach seo, is féidir leat cur isteach ar chóip dearbhaithe den fhóilió ag úsáid na bhfoirmeacha iarratais (féach foirmeacha in Nuair atá uimhir an fhóilió ar eolas agat thuas ).
Mura bhfuil an mhaoin cláraithe i gClárlann na Talún, d’fhéadfadh sé gur láimhseáil Clárlann na nGníomhas é (féach thíos).
Bunaíodh Clárlann na nGníomhas i 1708 chun Meabhracháin (nó achoimrí) de ghníomhais nó de thíolacais talún a bhaineann le talamh neamhchláraithe a chlárú agus a chomhdú.
Nuair a lóisteáiltear gníomhas i gClárlann na nGníomhas ní chomhdaítear ansin é go buan - tugtar ar ais é don pháirtí a lóisteáil é chun é a chlárú. Ina áit sin, comhdaítear Meabhrachán nó achoimre den ghníomhas. Tugann an Meabhrachán an dáta, ainmneacha agus cur síos ar gach páirtí agus gach finné sa ghníomhas agus cur síos ar an maoin lena mbaineann an gníomhas. Tá tosaíocht dhlíthiúil ag gníomhas a chláraítear i gClárlann na nGníomhas thar ghníomhais neamhthaifeadta agus gníomhais eile a thaifeadtar níos déanaí.
Toisc go bhfuil an meabhrachán ar thaifead poiblí ag Clárlann na nGníomhas, is féidir le duine ar bith an doiciméad a scrúdú agus féachaint cé leis an mhaoin. Bíonn an gníomhas sínithe nua ar an ngníomhas is déanaí a léiríonn úinéireacht na maoine, mar chuid de shraith gníomhas a théann siar go dtí an chéad uair a cláraíodh an mhaoin.
Is féidir le duine ar bith scrúdú a dhéanamh ar na meabhracháin a choinnítear i gClárlann na nGníomhas. Ní mór do dhuine a cheannaíonn talamh neamhchláraithe na gníomhais a léamh chun an teideal don mhaoin a scrúdú. Cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le seirbhísí Chlárlann na nGníomhas.
Toisc go gcoinníonn Clárlann na nGníomhas meabhrachán a dhéanann achoimre ar an athrú úinéireachta nó morgáiste, is féidir leat cóip den mheabhrachán seo a fháil in áit gníomhais atá caillte nó curtha amú. Tá tú in ann é seo a dhéanamh mar gur fianaise thánaisteach é an meabhrachán den mhéid atá sa ghníomhas. Níl an tionchar dlí céanna ag meabhrachán is atá ag gníomhas, ach cuireann sé fianaise thánaisteach ar fáil faoin méid atá sa ghníomhas.
Tá uimhir taifid ag gach meabhrachán agus is féidir leat an uimhir seo a fháil trí chuardach a dhéanamh ar d’ainm ag Clárlann na nGníomhas. Is féidir cóip dheimhnithe a fháil ar €12 agus is féidir gnáthchóip a fháil ar 50c in aghaidh an leathanaigh.
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Sraid na Seansaireachta
Baile Átha Cliath 7
Éire
Teil:(01) 670 7500
Lóghlao:1890 333 001
Facs:(01) 804 8074
Láithreán Gréasáin: http://www.landregistry.ie
R-phost: webmaster@prai.ie
An tÚdarás Clárúcháin Maoine
Bloc 1
Ionad Irish Life
Sráid na Mainistreach Íochtrach,
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 (0)1 670 7500
Lóghlao:1890 333 001
Facs:+353 (0)1 804 8037
Láithreán Gréasáin: http://www.landregistry.ie/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.