Is féidir le bogadh go teach nó árasán nua a bheith deacair agus strusmhar. Tá a lán rudaí le n-eagrú chomh maith leis an mórathrú fisiceach a bhaineann le bogadh go háit nua. Ní bheidh sé chomh strusmhar sin má tá tú eagraithe go maith agus pleanáil déanta agat roimh ré. Lena chinntiú go bhfuil do chuid ghnóthaí in eagar, tá roinnt gníomhaireachtaí agus seirbhísí ar ghá duit réamhfhógra a thabhairt dóibh sula mbogann tú. Tá forbhreathnú leathan anseo a leanas ar chuid de na seirbhísí agus gníomhaireachtaí sin.
Tabhair faoi deara le do thoil, nach soláthraíonn Faisnéis do Shaoránaigh faisnéis ar chuideachtaí aistrithe nó áiseanna stórála troscáin. Sa bhreis ar sin, ní féidir linn comhairle, moltaí nó formhuinithe ar sheirbhísí chuideachta tráchtála ar bith a thairiscint. Clúdaíonn an fhaisnéis seo a leanas roinnt de na nithe is tábhachtaí a gcaitheann tú cuimhneamh orthu agus tú ag bogadh, ach coimeád i gcuimhne nach liosta uileghabhálach é.
Tairgeann An Post seirbhís atreoraithe, a chinnteoidh go gcuirfear do phost go léir ar aghaidh chuig do sheoladh nua. Beidh ort foirm a chomhlánú ag tabhairt do sheanseoladh agus do sheoladh nua agus caithfidh tú na táillí cuí a íoc (féach 'Rataí' agus 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos). Ansin atreoróidh oifig an phoist do phost go léir chuig do sheoladh nua ó dháta comhaontaithe ar aghaidh. Tá an tseirbhís seo ar fáil do thréimhsí de 3, 6 nó 12 mhí.
Fiú má bhaineann tú leas as an tseirbhís seo, ná déan dearmad do sheoladh nua a thabhairt do dhaoine nó chuideachtaí eile a scríobhann chugat go rialta. Nuair atá do thréimhse atreoraithe comhaontaithe thart, leanfaidh do phost ag dul chuig do sheanseoladh mura bhfuil tú tar éis do shonraí teagmhála a athrú leis na daoine agus na cuideachtaí ábhartha.
Caithfidh tú cuntais fhóntais i do sheanbhaile (ar nós leictreachas, gás agus bailiú dramhaíola) a dhúnadh nó a aistriú go hainm na n-úinéirí nua. Má tá tú ag bogadh ó lóistín ar cíos, d'fhéadfadh do thiarna talún a iarraidh go n-aistreofá na seirbhísí sin go dtí a ainm chun táillí athnasctha a sheachaint. Déan cinnte de go léann tú na méadair do sheirbhísí gáis agus leictreachais díreach sula n-imíonn tú. Téigh i dteagmháil le d'údarás áitiúil le cur in iúl dóibh go bhfuil tú ag imeacht agus bí cinnte go bhfuil tú tar éis na táillí dramhaíola go léir atá dlite ar an maoin sin a íoc.
Má tá tú ag bogadh isteach i dteach ina raibh daoine ina gcónaí romhat, iarr ar na hiar-úinéirí na cuntais fhóntais a aistriú go dtí d'ainm. Léigh na méadair gáis agus leictreachais chomh luath agus a bhfuil an t-áitreabh i do sheilbh agat. Más gá fóntais a nascadh, téigh i dteagmháil le do sholáthraí seirbhíse leictreachais (Soláthar Custaiméirí an BSL nó eile) nó Bord Gáis in am trátha lena chinntiú go mbeidh gach rud ag obair faoin am a fhaigheann tú an t-áitreabh i do sheilbh. Tá rannóga ar líne atá tiomnaithe d'athlonnú ag Soláthar Custaiméirí an BSL agus Bord Gáis araon, ag tabhairt an fhaisnéis go léir atá ag teastáil duit d'athrú rianúil. Gearrfar táillí dramhaíola ó lá a bhogann tú isteach, mar sin téigh i dteagmháil led' údarás áitiúil le n-insint dóibh cathain a bheidh sé seo. Déan cinnte de nach bhfuil aon táillí dramhaíola gan íoc ar do bhaile nua mar d'fhéadfá a bheith faoi dhliteanas ina leith.
Is féidir cuntais teileafóin a aistriú ó sheanseoltaí go seoltaí nua amhail na cuntais leictreachais agus gáis. Má dhéanann tú é sin ní bheidh ort táille athnasctha a íoc agus beidh teileafón ag obair agat ón uair a bhogann tú isteach. Sa chaoi chéanna, má tá duine ag bogadh isteach i do sheanteach láithreach, is féidir leat an cuntas a aistriú go dtí a (h)ainm. Soláthraíonn na cuideachtaí móra teileafóin go léir faisnéis ar líne faoi athlonnú agus beidh siad in ann aon cheisteanna a d'fhéadfadh a bheith agat, faoi chuntas a athrú nó chuntas nua a bhunú, a fhreagairt. D'fhéadfadh go mbeadh tú in ann d'uimhir theileafóin reatha a choinneáil, má tá tú ag bogadh go teach nua atá laistigh den mhalartán ina bhfuil tú faoi láthair. Má tá nasc idirlín agat chomh maith, téigh i dteagmháil le do sholáthraí seirbhíse i dtreo is go mbeidh tú in ann do chuntas a eagrú i do theach nua. Má tá nasc idirlín leathanbhanda agat, seiceáil an mbeidh sé sin le fáil ag do sheoladh nua. Mura mbeidh, beidh ort dul i dteagmháil le do sholáthraí leathanbhanda agus deireadh a chur le do chonradh.
Má tá teilifís agat caithfidh Ceadúnas Teilifíse a bheith agat chomh maith. Má tá tú ag bogadh go teach nua caithfidh tú an seoladh ar do cheadúnas teilifíse a athrú. Tabhair an ceadúnas atá agat chuig oifig an phoist i ngar duit, chomh maith le fianaise de do sheoladh nua (déanfaidh bille fóntais teaghlaigh nó ráiteas bainc an gnó). Ansin leasóidh ball foirne in oifig an phoist na sonraí ar do thaifead agus déanfar nuashonrú ar do cheadúnas agus atheiseofar duit é. Tá an tseirbhís seo saor in aisce.
Má liostálann tú do sheirbhísí teilifíse cábla nó digiteacha, beidh ort dul i dteagmháil le do sholáthraí seirbhíse chun do chuntas a chur ar ceal nó chun seirbhís a eagrú i do theach nua. Seans go mbeidh tú in ann do chuntas a aistriú ó do sheanseoladh, ag brath ar an áit a bhfuil tú ag bogadh. Más gá an tseirbhís a nascadh le do bhaile nua, beidh ort táille nasctha a íoc. Bíonn an táille seo difriúil ag brath ar an soláthraí seirbhíse. Le tuilleadh eolais a fháil, ba chóir duit féachaint ar a láithreán gréasáin nó dul i dteagmháil leo go díreach.
Tá An Clár Toghthóirí i seilbh d'údaráis áitiúil. Déantar clár nua gach bliain agus tá go dtí 25 Samhain agat led' ainm a chur san áireamh ann nó chun aon athruithe a dhéanamh dod' shonraí (ar nós seoladh a athrú). Mura bhfuil tú in am don spriocdháta seo, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun d'ainm a chur san áireamh san Fhorlíonadh don Chlár Toghthóirí. Chun é seo a dhéanamh, beidh ort foirm um Athrú Seolta (pdf) a chomhlánú agus í a sheoladh ar ais chuig d'údarás áitiúil. Ní ghearrtar aon táille as an tseirbhís seo.
Caithfidh tú dul i dteagmháil le do bhróicéir nó chuideachta árachais agus do sheoladh nua a thabhairt dóibh i dtreo is gur féidir leo do pholasaí árachais a nuashonrú. Más ball de sheirbhís chliste tú, ná déan dearmad do sheoladh a athrú leo siúd chomh maith.
Chuimhnigh ar an rannóg um athrú seolta a chomhlánú ar do theastas cláraithe feithicle agus seol ar ais chuig An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, Sionainn, Co an Chláir é. Gheobhaidh tú an seoladh ar an teastas. Déanfaidh siad nuashonrú ar do chuid sonraí agus seolfaidh siad teastas cláraithe nua chugat. Níl aon mhuirir ar an tseirbhís seo.
Níl sé de dhualgas ort an seoladh ar do cheadúnas tiomána a athrú, ach moltar duit a leithéid a dhéanamh. Téigh i dteagmháil le d'Oifig Mótarchánach chun tuilleadh eolais a fháil. Níl aon mhuirir ar an tseirbhís seo.
Caithfidh tú dul i dteagmháil le do chuideachta árachais chun d'árachas tí a phlé mar bíonn an clúdach difriúil ó chuideachta amháin go chéile. Ba chóir duit a fhiafraí chomh maith an mbeidh inneachar do thí clúdaithe le linn bogadh. Cuirfidh go leor cuideachtaí árachais inneachar do thí faoi árachas agus iad faoi bhealach chomh fada is a mbeidh siad á bpacáil agus á mbogadh ag gnólacht bogtha ghairmiúil. Mura gcuirfidh, soláthraíonn an chuid is mó de na gnólachtaí árachas bogtha.
Beidh sonraí do sheolta nua ag teastáil ó do chuideachta árachais sláinte chomh maith i dtreo is go mbeidh siad in ann eolas faoi do pholasaí agus eolas athnuachana a chur ar aghaidh chugat go díreach.
Má bheidh do leanaí fós ag freastal ar an scoil ina bhfuil siad faoi láthair níl ort ach a chinntiú go bhfuil do sheoladh nua agus d'uimhir theagmhála nua ag an scoil. Má tá tú tar éis do leanaí a rollú i scoil nua, déan cinnte de go n-aistreofar taifid scoile do leanaí sula dtosaíonn siad ann. Ná déan dearmad a insint don scoil ina bhfuil do leanaí faoi láthair cathain a bheidh siad ag fágáil na scoile.
Má tá tú ag bogadh go ceantar nua, b'fhéidir go bhfuil sé ar intinn agat do chuntas bainc a athrú go brainse áitiúil. Níl aon mhuirir ar an tseirbhís seo. Má tá tú ag fanacht leis an mbrainse bainc céanna, bí cinnte go bhfuil do sheoladh nua acu. Caithfidh tú dul i dteagmháil le do chumann foirgníochta, do chomhar creidmheasa, do chuideachta cárta creidmheasa, do sholáthraí pinsean, srl. chomh maith.
Beidh ort do sheoladh nua a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim chomh maith. Déan cinnte de go dtéann tú i dteagmháil leis an gceantar cánach ceart; is féidir leat an t-eolas teagmhála a fháil ó aon cheann de do cháipéisí cánach. Tabhair d'uimhir PSP i gcónaí i gcomhfhreagras nó ar an teileafón.
Téigh i dteagmháil leis an roinn Acmhainní Daonna (AD) agus leis na ranna párolla san áit ina n-oibríonn tú agus tabhair do shonraí teagmhála nua dóibh.
Má fhaigheann tú aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh, ar nós Sochar Linbh nó Sochar Cuardaitheora Poist beidh ort dul i dteagmháil led' oifig leasa shóisialaigh áitiúil chun do sheoladh nua a thabhairt dóibh. Má theipeann ort a leithéid a dhéanamh d'fhéadfadh sé cur isteach ar do chuid íocaíochtaí. Beidh cruthúnas de do sheoladh nua ag teastáil uathu, ar nós bille fóntais nó ráiteas bainc.
Beidh ort do sheoladh nua a thabhairt dod' dhochtúir, fhiaclóir, radharceolaí agus aon ghairmithe sláinte eile lena mbíonn tú ag déileáil. Má tá tú ag bogadh go ceantar nua, is féidir leat dul i dteagmháil le do Oifig Sláinte Áitiúil chun sonraí a fháil faoi ghairmithe sláinte i do cheantar. Déan cinnte de go n-aistrítear do thaifid sláinte go dtí do ghairmithe nua.
Chun sonraí a fháil ar tháillí nasctha fóntais, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an soláthraí seirbhíse ábhartha. Beidh d'údarás áitiúil in ann sonraí a thabhairt duit faoi tháillí dramhaíola i do cheantar.
Déan an fhoirm atreoraithe poist (pdf) ó An Post a íoslódáil (le fáil ó d'oifig an phoist áitiúil). Déan an fhoirm a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig An Post ar a laghad 5 lá roimh an dáta ar a theastaíonn uait go dtosódh an tseirbhís. Bí cinnte go gcomhlíonann tú ainmneacha na n-áititheoirí go léir a dteastaíonn uait go n-atreorófar a bpost agus caithfidh na háititheoirí go léir (os cionn 18 mbliana d'aois) an fhoirm iarratais a shíniú. Is féidir leat an fhoirm iarratais chomhlánaithe, in éineacht leis an táille, a chur ar ais chuig d' oifig an phoist áitiúil.
Téigh i dteagmháil le do sholáthraí seirbhíse nó seiceáil ar líne le haghaidh sonraí ar conas cuntais teileafóin, leictreachais, gáis nó fóntais eile a eagrú dod' bhaile nua.
Tá foirmeacha iarratais le haghaidh bailiú dramhaíola teaghlaigh le fáil ar líne ar an gcuid is mó de láithreáin ghréasáin na n-údarás áitiúil. Mura bhfuil, is féidir leat iarratas a dhéanamh díreach chuig d'údarás áitiúil chun foirm a fháil.
Ba chóir foirmeacha iarratais comhlánaithe do sheirbhís atreoraithe An Post a chur ar ais chuig d'oifig an phoist áitiúil.
Ba chóir ceisteanna a bhaineann le cuntais Bord Gáis a threorú chuig:
Cuntas Custaiméara An Bhoird Gháis
Ba chóir ceisteanna maidir le cuntais BSL a threorú chuig:
An tIonad Náisiúnta Teagmhála Custaiméara
Wilton
Corcaigh
Éire
Teil:+353 1 852 9534
Lóghlao:CallSave 1850 372 372
Láithreán Gréasáin: http://www.esb.ie/esbcustomersupply/home/index.jsp
R-phost: service@esbelectricireland.ie
Tá eolas teagmhála do na húdaráis áitiúla, oifigí áitiúla leasa shóisialaigh agus oifig an phoist le fáil i ngach eolaire teileafóin phoiblí.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.