Is minic a bhíonn foráil ann nuair a ghlacann tú morgáiste ó bhanc nó ó chumann foirgníochta go mbeadh polasaí cosanta morgáiste agat le deimhin a dhéanamh go n-íocfar an morgáiste in iomláine fiú má fhaigheann tú bás. Is éard atá anseo go bunúsach ná árachas saoil de chineál faoi leith a thógtar amach ar feadh tréimhse an mhorgáiste agus a bhfuil sé d’aidhm aige an tsuim a íoc má fhaigheann an t-úinéir nó an comh-úinéir bás.
Tá sé de dhualgas ar d’iasachtóir, má tá tú faoi bhun 50 bliana d’aois, deimhin a dhéanamh de go bhfuil árachas saoil agat chun an iasacht le haghaidh d’áras teaghlaigh a íoc má fhaigheann tú bás. Is í an phríomhchúis atá leis seo ná le cinntiú nach ndíolfar d’áras teaghlaigh chun a bhfuil fágtha den mhorgáiste a íoc.
Ní gá duit glacadh leis an árachas seo má tá tú os cionn 50 nó má tá an morgáiste agat ar mhaoin infheistíochta, cé go bhfuil iasachtóirí ann a éilíonn gur gá é sin a dhéanamh chun an morgáiste a fháil.
Tá sé rí-thábhachtach athbhreithniú a dhéanamh ar do pholasaí cosanta morgáiste gach cúig bliain agus a chinntiú go mbaineann tú amach breis clúdach más gá chun síneadh ama ar théarma an mhorgáiste, pionóis a cuireadh ort, srl. a chlúdach. Ní mór táillí a choinneáil suas chun dáta - má thiteann tú ar gcúl, d'fhéadfadh deireadh a theacht leis an bpolasaí. Ba cheart cosaint mhorgáiste a bheith iníoctha ar bhunús comh-shaoil, céad báis. Ciallaíonn sé seo go n-aisíocfar an morgáiste ar bhás an chéad pháirtí (má tá lánúin i gceist).
Ar íocaíocht níos airde, is féidir leat clúdach i dtaobh tinnis chriticiúil a bhaint amach, a íoctar má bhíonn úinéir amháin éagúmasaithe. Tá sé rí-thábhachtach comhairle maith a fháil ar chosaint mhorgáiste roimh duit tada a dhéanamh
Mar thoradh ar na deacrachtaí airgeadais a thagann go minic mar thoradh ar bhás an phríomh shaothraí d'fhéadfadh go mbeadh sé deacair duit leanacht ar aghaidh ag íoc do mhorgáiste. Muna bhfuil dóthain clúdach cosanta morgáiste agat agus go n-éiríonn leat i scrúdú maoine, b'fhéidir go mbeifeá i dteideal Íocaíochtaí Breise Úis Mhorgáiste ó do Bhord Sláinte áitiúil.
Tugtar faoiseamh cánach ar ús morgáiste ag an ngnáth-ráta agus beidh sé dhá chur i bhfeidhm go díreach ag an institiúid mhorgáiste ó Eanáir 2002 ar aghaidh. Tugtar Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse ar seo.
Má tá tú ag íoc morgáiste, agus nach bhfuil tú ag fáil faoisimh ar an gcáin ag an bhfoinse, téigh i dteagmháil leis an Ard-Bhailitheoir ag Lo Call 1890 463626 agus déanfaidh siad na socruithe cuí.
Tá faoiseamh cánach ar ús fós ar fáil d'iasachtaí neamhurraithe le haghaidh feabhsúcháin tí. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le ÍMAT Lo Call 1890 605090
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.