Is éard is faoiseamh morgáiste ann ná faoiseamh cánach bunaithe ar an méid den ús morgáiste a íocann tú ar do phríomháras cónaithe príobháideach (do theach féin) i mbliain chánach áirithe.
Tá sé á riaradh i leith mar Fhaoiseamh Cánach ag an bhFoinse. Ciallaíonn sé sin go dtugann an té a thug an morgáiste ar iasacht duit tairbhe an fhaoisimh cánach duit ar an ús a íocann tú ar do mhorgáiste. Déanann siad é sin trí d’íocaíochtaí morgáiste a laghdú de réir an méid faoisimh cánach atá tú i dteideal a fháil i ngach bliain chánach. Éilíonn do mhorgaisteoir méid an fhaoisimh ar ais os na Coimisinéirí Ioncaim. Cuirfidh do mhorgáisteoir aon athrú eile a thiocfaidh ar an bhfaoiseamh cánach i bhfeidhm go huathoibritheach ar son na gCoimisinéirí Ioncaim, mar shampla má tá athrú ar na rátaí úis.
De ghnáth, ní éilíonn tú faoiseamh cánach ar ús morgáiste i dtuairisceán cánach bliantúil mar tugtar é duit go díreach ag do mhorgáisteoir. Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh fós ó d’oifig cánach i leith an úis a íocann tú ar iasachtaí “neamhurraithe” a úsáideadh chun críche cáilithe.
Cuirfear deireadh go hiomlán le faoiseamh ar ús morgáiste faoi dheireadh
2017.
Chun go gcáileoidh sé d’fhaoiseamh cánach ar íocaíochtaí ús morgáiste, ní mór don ús a bheith ar airgead a fuair tú ar iasacht chun do phríomh-áitreabh (atá suite in Éirinn) a cheannach, a dheisiú nó a fheabhsú. Mar shampla, ní féidir faoiseamh morgáiste a éileamh i gcomhair úis ar iasacht a úsáideadh chun teach saoire nó réadmhaoin infheistíochta a cheannach ach is féidir é a éileamh i gcomhair iasacht a úsáideadh chun do phríomhtheach a fheabhsú nó a shíneadh.
Is féidir leat faoiseamh ar ús morgáiste a éileamh má tá do phríomháit chónaithe nó d’áit chónaithe aonair in Éirinn agus má oibríonn tú agus má íocann tú cánacha sa RA (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann). Is gá uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a bheith agat chun an faoiseamh a éileamh.
Ní féidir leat faoiseamh ar ús morgáiste a éileamh má tá d’áit chónaithe aonair nó do phríomháit chónaithe sa RA (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann) fiú má oibríonn tú agus má íocann tú cánacha in Éirinn.
Tá an faoiseamh seo faoi réir uasteorainneacha, ag brath ar do chúinsí pearsanta agus an ceannaitheoir céad-uaire tú nó nach ea - féach 'Rátaí' thíos.
Braitheann do theidlíocht ar fhaoiseamh ar ús morgáiste ar dháta tosaigh do mhorgáiste.
Tá rátai éagsúla ann do cheannaitheoirí céad-uaire agus do dhaoine nach ceannaitheoirí céad-uaire iad. Lena chois sin rinneadh laghdú ar na rátaí faoisimh i gcomhair ceannaitheoirí céad-uaire (ach ní áirítear ceannaitheoirí eile) mar feadh saol an mhorgáiste ach ní bhaineann siad sin le daoine nach ceannaitheoirí céad-uaire iad.
Ceannaitheoirí céad-uaire
Is ceannaitheoir céad-uaire tú ar mhaithe le faoiseamh ar ús morgáiste a fháil má tá faoiseamh na chéad 7 mbliana cánach á fháil agat. Mar shampla, má fuair tú faoiseamh cánach ar mhorgáiste den chéad uair in 2006 nó ina dhiaidh sin, is ceannaitheoir céad-uaire fós tú in 2012.
Sna blianta cánach 2011 agus 2012, is é an faoiseamh ar ús morgáiste do cheannaitheoirí céad-uaire don chéad agus dara bliain cánach de do mhorgáiste ná 25%. Gheobhaidh tú faoiseamh 22.5% i mblianta cánach 3, 4 agus 5. Gheobhaidh tú faoiseamh 20% i mblianta 6 agus 7. Is é 15% an ráta a bheidh i gceist i gcomhair na mblianta cánach incháilithe eile. Is é sin an ráta a bhaineann le ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céad-uaire iad agus beidh sé amhlaidh toisc nach measfar gur ceannaitheoir céad-uaire a thuilleadh tú.
Tá an faoiseamh seo faoi réir uasteorainneacha, ag brath ar do chúinsí pearsanta, má tá tú singil, pósta nó baintreach.
Is iad seo a leanas na uasmhéideanna atá ceadaithe do cheannaitheoirí céad-uaire i gcomhair 2011 agus 2012:
| Singil | Baintreach/Pósta | |
| Ceannaitheoir céad-uaire | €10,000 | €20,000 |
Chun a ríomh céard is fiú é seo duit gach bliain, faigh an céatadán ceart den ráta thuas a bhaineann leat féin.
Mar shampla, faigheann ceannaitheoirí céad-uaire atá pósta atá ar an dara bliain cánach dá morgáiste faoiseamh ag 25% de €20,000. Mar sin, is é an t-uaslaghdú a d’fhéadfadh a bheith ar a n-ús morgáiste bliantúil ná €5,000.
Tar éis bliain 7, gheobhaidh tú an ráta caighdeánach faoisimh 15%.
Ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céad-uaire iad
Is é an faoiseamh ar ús morgáiste ná 15% murar ceannaitheoir céad-uaire tú. Tá an faoiseamh seo faoi réir uasteorainneacha, ag brath ar do chúinsí pearsanta.
Is iad seo a leanas na huasmhéideanna atá ceadaithe i gcomhair 2011 agus 2012.
| Singil | Baintreach/Pósta | |
| Ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céad-uaire iad | €3,000 | €6,000 |
Chun a oibriú amach céard is fiú é seo duitse, faigh 15% den ráta thuas a bhaineann leatsa.
Mar shampla, faigheann lánúin phósta nach ceannaitheoirí céad-uaire iad atá ar an dara bliain dá morgáiste faoiseamh ag 15% de €6,000. Mar sin, is é an méid is mó lenar féidir a n-ús morgáiste bliantúil a laghdú ná €900.
Ba chóir duit clárú ar líne le haghaidh faoiseamh ar ús morgáiste a luaithe agus a bheidh do chéad íocaíocht morgáiste déanta agat.
Má tá fadhb ar bith agat leis an tsaoráid ar líne a úsáid, glaoigh ar an líne chabhrach 1890 46 36 26 nó seol ríomhphoist trsadmin@revenue.ie chun cúnamh a fháil.
Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh faisnéise ar fáil duit faoi Faoiseamh Cánach ag an bhFoinse i gcomhair Faoiseamh ar Ús Morgáiste.
An tArd Bhailitheoir
Teach Sarsfield
Sráid Phroinsias
Limerick
Ireland
Lóghlao:1890 463626
Láithreán Gréasáin: http://www.revenue.ie
R-phost: trsadmin@revenue.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.