Tá níos mó i gceist le heaspa dídine in Éirinn ná bheith ag maireachtáil ar na sráideanna. In Éirinn, is duine gan dídean tú más amhlaidh go bhfuil tú ag cur fút i mbrú nó i dteach leaba agus bricfeasta nó ag fanacht le cairde ar feadh tamaill ar an ábhar nach bhfuil áit ar bith eile agat le dul.
Má tá baol easpa dídine i gceist leat, is é sin, má cheapann tú go gcaillfidh tú do theach go luath ar chúis ar bith, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh láithreach le d'údarás áitiúil agus, más gá, comhairle a fháil faoi do riocht ón Ionad Faisnéise do Shaoránaigh nó Threshold.
Ag brath ar do limistéar agus ar do chúinsí, d'fhéadfadh réimse
seirbhísí tacaíochta a bheith ar fáil. Tá riachtanais ar leith ag daoine
áirithe atá gan dídean. Mar shampla, d'fhéadfaidís deacrachtaí sláinte
meabhrach, andúil i ndrugaí nó san alcól, cliseadh teaghlaigh nó caidrimh
nó fadhbanna eile a bheith acu. Is féidir leat níos mó a léamh anseofaoi na cúiseanna a fhágtar daoine gan
dídean anseo. Tá faisnéis bhreise faoi sheirbhísí sláinte agus tacaí
do dhaoine gan dídean ar fáil anseo. Déanann an fhaisnéis a leanas cur
síos ar na tacaí agus roghanna cóiríochta atá ar fáil do dhaoine gan
dídean - ó chúnamh an-sealadach go dtí tithíocht fhadtéarmach.
Díríonn seirbhísí áirithe pobail do dhaoine gan dídean ar ghrúpaí difriúla. San áireamh anseo, agus ar cheann de na grúpaí seo, tá siad siúd a chónaíonn agus a chodlaíonn lasmuigh i rith an lae agus san oíche. Déanann cuid de na seirbhísí pobail seo teagmháil agus bia a thairiscint. Mar shampla, i mórán limistéar uirbeach soláthraíonn foirne d'oibrithe deonacha ceapairí agus deochanna te dóibh siúd atá ag codladh taobh amuigh.
Soláthraíonn seirbhísí pobail eile tacaí níos cuimsithí. Déanann
foirne for-rochtana sráide nasc cairdis agus teagmháil leo siúd atá ag
codladh taobh amuigh. Cuidíonn siad leo nascadh le seirbhísí cóiríochta
agus eile, ionas gur féidir leo na sráideanna a fhágáil agus bogadh isteach
i gcóiríocht fhadtéarmach, ag a luas féin.
Cóiríocht i mbrú atá mar phríomhfhoirm cóiríochta soláthraithe do dhaoine singil gan dídean in Éirinn. Úsáidtear cóiríocht éigeandála phríobháideach (go ginearálta cóiríocht leaba agus bricfeasta) do dhaoine aonair nó teaghlaigh nach bhfuil oiriúnach do chóiríocht i mbrú. Ar na cúiseanna nach mbeadh daoine áirithe oiriúnach do chóiríocht i mbrú áirítear líon agus cineál na ndaoine sa teaghlach nó riachtanais leighis nó sóisialta áirithe. Tá na socrúcháin ar fad in aon chóiríocht éigeandála nó shealadach déanta ar an mbunús go bhfuil/gur:
Is féidir le brúnna a bheith gearrthéarmach agus/nó fadtéarmach. Soláthraíonn cuid acu dórtúir agus/nó seomraí singil agus soláthraítear béilí agus seirbhísí eile i gcuid acu. D'fhéadfadh cuid acu táille a ghearradh ar chóiríocht de réir an oíche nó ar bhonn seachtainiúil.
Tá tithíocht idirthréimseach dírithe ar dhaoine go bhfuil am agus cúnamh uathu chun ullmhú do mhaireachtáil neamhspleách. Baineann sí go ginearálta le soláthar cóiríochta mhéantéarmaigh agus clár tacaíochta araon, chun cuidiú le cónaitheoirí scileanna agus cumais a fhorbairt, a chuideoidh leo agus iad ag cur fúthu i dteach agus déileáil le haon cheisteanna go mb'fhéidir go ndéanfadh tithíocht fhadtéarmach domharthana. Tá tithíocht idirthréimseach i gcónaí teoranta ó thaobh ama ag réimsiú go hiondúil ó sé mhí go dtí dhá bhliain.
Díríonn tionscadail áirithe ar ghrúpaí ar leith (m.sh. ógánaigh, iad siúd a fhágann cúram altramais nó cónaithe, tuismitheoirí singil). Is féidir leis na seirbhísí ar fáil athrú ó thionscadal go tionscadal, ach tá siad bainteach go díreach le riachtanais na gcónaitheoirí. Mar shampla, anailís ar riachtanais indibhidiúla, pleanáil phearsanta agus tacaíocht, tacaíocht cúirte, for-rochtain, sochar teaghlaigh, comhairleoireacht, tacaíocht, naisc phobail sa phríosún, tacaíocht oideachais agus fostaíochta agus cláracha traenála i scileanna maireachtála atá ar chuid de na seirbhísí soláthraithe do dhaoine gan dídean ag baill fhoirne nó oibrithe bunriachtanacha.
Tá mórán tionscadail idirthréimhseacha tithíochta trasna na hÉireann,
ach níl rochtain orthu ach trí atreorúcháin ó ghníomhaireachtaí eile.
Tá tithíocht idirthréimhseach maoinithe trí na húdaráis áitiúla agus
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) nó eagraíochtaí áitiúla
(cosúil leis an nGníomhaireacht um Dhaoine gan Dídean), ag brath ar an
gcineál tionscadail. Íocann cónaitheoirí sna brúnna ar fad faoi scáth
Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus sa chóiríocht idirthréimhseach
easpa dídine táille seachtainiúil i dtreo a gcuid cóiríochta agus tá
táille chomh maith do chóiríocht soláthraithe ag gníomhaireachtaí
dheonacha cosúil le Focus Ireland agus Clann Shíomóin.
Is foinse thábhachtach cóiríochta an tithíocht phríobháideach ar cíos do dhaoine singil gan dídean. D'fhéadfadh cúnamh leis an gcíos a bheith ar fáil trén Scéim Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh. Is scéim é seo maoinithe ag Limistéir FSS agus riartha ag na hOifigigh Leasa Pobail. Má tá d'ioncam, cuma ó Bhunliúntas Leasa Forliontach nó eile, ró-íseal chun riachtanais speisialta a shásamh (mar shampla cothú speisialta), d'fhéadfaí forlíonadh seachtainiúil a cheadú duit. D'fhéadfá cúnamh a fháil chomh maith le héarlais chíosa a íoc. Is féidir leat níos mó a léamh i 'Cúnamh le cíos a íoc'.
Roimh thosnú duit ag breathnú do chóiríocht phríobháideach ar cíos, ba chóir duit:
Chomh luath agus atá cóiríocht oiriúnach aimsithe agat agus d'fhoirm ar
fhorlíonadh cíosa stampáilte ag do thiarna talún, déanfaidh d'Oifigeach
Leasa Pobail measúnú ar an gcóiríocht agus cuirfidh sé/sí in iúl dóibh
má tá sé inghlactha dóibh.
Tá na húdaráis áitiúla freagrach as (faoin Acht Tithíochta 1988) na riachtanais tithíochta dóibh siúd atá gan dídean a shásamh. Tosaíonn siad trí iarratais ó dhaoine atá gan dídean a mheasúnú. Nuair a ghlactar leis go bhfuil duine gan dídean, tugtar tús áite dóibh do thithíocht, ach caithfidh siad fanacht fós go dtí go dtagann tithíocht oiriúnach ar fáil. Tugtar tosaíocht ar bhonn riachtanais. Oibríonn údaráis áitiúla áirithe ag leithdháileadh 1:3 do dhaoine ar a liosta feithimh do dhaoine gan dídean, a chiallaíonn go leithdháilfear gach tríú aonad cóiríochta a thagann ar fáil ag duine gan dídean. Chomh maith le tithíocht a sholáthar óna stoc féin, is féidir le rannóga tithíochta na n-údarás áitiúla comhairle agus faisnéis a sholáthar duit ar roghanna tithíochta (is minic gur thithíocht phríobháideach an t-aon rogha do dhaoine gan dídean, go háirithe daoine singil). Chun clárú do thithíocht an údaráis áitiúil, beidh sé de dhíth ort foirm iarratais ar thithíocht a líonadh isteach (is féidir le d'údarás áitiúil cuidiú leat más gá). Ag teastáil uait beidh:
Oibríonn seirbhísí lonnaíochta le daoine atá gan dídean chun cabhrú leo gluaiseacht ó easpa dídine isteach i dtithíocht fhadtéarmach, inbhuanaithe. Déanann oibrithe lonnaíochta measúnuithe a chomhlíonadh agus tarraingíonn siad plean lonnaíochta aníos do gach duine. Soláthraíonn siad tacaíocht agus cúnamh eile maidir le cóiríocht a rochtanú agus ullmhúchán do mhaireachtáil neamhspleách. Soláthraíonn seirbhísí iarlonnaíochta tacaíocht thionóntachta teoranta ó thaobh ama do dhaoine atá tar éis bogadh isteach ina gcóiríocht féin. I 2002, bhunaigh Threshold, ar son na Gníomhaireachta Easpa Dídine, Aonad Rochtana Tithíochta ina ndéantar tionóntachtaí a chur ar fáil san earnáil phríobháideach ar cíos do dhaoine go dtí na seirbhísí easpa dídine. Oibríonn an tAonad Rochtana Tithíochta mar ghníomhaireacht speisialaithe cóiríochta chun cuidiú le daoine gan dídean atá ag cónaí i gcóiríocht shealadach nó éigeandála teacht ar chóiríocht phríobháideach ar cíos a mhairfidh. Is féidir leat níos mó a léamh faoi Aonad Rochtana Tithíochta ar láithreán gréasáin Threshold.
Tá tithíocht fhadtéarmach le tacaíocht dírithe ar dhaoine nach mbeadh ábalta cónaí go neamhspleách i dtithíocht lárshrutha. (Ní bheidís ábalta cónaí go neamhspleách ar mhórán cúiseanna, mar shampla, galar meabhrach nó fadhbanna alcóil nó drugaí.) Déantar teach a thairiscint dóibh ar feadh chomh fada agus atá sé ag teastáil, le tacaíocht mar is gá. Díríonn tionscadail áirithe ar dhaoine le riachtanais cúraim áirithe (m.sh sláinte mheabhrach). Tá mórlach na n-áitritheoirí atá i gcóiríocht fhadtéarmach le tacaíocht ag aimsiú sochair leasa shóisialaigh. Is féidir leat níos mó a léamh faoi thionscadail náisiúnta tithíochta fhadtéarmacha le tacaíocht do dhaoine le fadhbanna alcóil nó drugaí, a chuimsíonn seirbhísí chónaithe, i 'Seirbhísí sláinte agus tacaí do dhaoine gan dídean'.
Tá faisnéis faoi chóiríocht infhaighte do dhaoine gan dídean ar fáil ó d'údarás áitiúil agus an FSS. (Iarr cead cainte leis 'an tOifigeach um Leasa Tithíochta'). I mBaile Átha Cliath, tá freagracht ag an bhFeidhmeannacht um Dhaoine gan Dídean Réigiún Bhaile Átha Cliath as comhordú na seirbhísí do dhaoine gan dídean. Tá eolaí ar líne foilsithe acu ar bhrúnna, thithíocht tacaíochta, chomhairle, shláinte agus sheirbhísí eile do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath.
D'fhéadfadh eagraíochtaí dheonacha cosúil le Naomh Uinseann de Pól, Clann Shíomóin, Focus Ireland, Arm an tSlánaithe agus Iontaobhas Iveagh cúnamh a chur ar fáil chomh maith, ach braitheann sé seo ar do shuíomh lonnaithe in Éirinn.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.