An easpa dídine

Réamhrá

Cuireann an doiciméad seo faisnéis ar fáil faoin easpa dídine agus faoin dlí, faoi na dualgais ar an Stát i leith daoine atá gan dídean, faoi chúiseanna leis an easpa dídine agus faoi bheartas náisiúnta maidir leis an easpa dídine. Is féidir leat freisin ár gcáipéisí ar roghanna tithíochta do dhaoine gan dídean agus ar easpa dídine na n-óg a léamh.

Plean Gníomhaíochta: Fógraíodh Plean Gníomhaíochta chun dul i ngleic le heaspa dídine éigeandála agus ghearrthéarmach i Nollaig 2014, agus áirítear an méid seo a leanas leis:

  • Seirbhísí barrfheabhsaithe do dhaoine a chodlaíonn amuigh, tithíocht shóisialta a leithdháileadh ar bhonn tosaíochta agus an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (an ÍCT) a thabhairt isteach do theaghlaigh incháilithe a bhfuil easpa dídine acu – go léir i mBaile Átha Cliath
  • An tSeirbhís um Chosaint Tionóntachta a shíneadh chuig Corcaigh
  • Measúnú a dhéanamh ar an scála easpa dídine i gCorcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge agus na gníomhartha a theastaíonn a shainaithint

Is féidir níos mó a léamh in ‘Straitéis agus beartas’ thíos.

An easpa dídine agus an dlí

Áirítear leis an reachtaíocht phríomha a dhéileálann leis an easpa dídine an tAcht Sláinte, 1953, Acht na dTithe, 1988, agus an tAcht um Chúram Leanaí, 1991.

Sonraítear in Alt 2 d’Acht na dTithe, 1988, go meastar gur duine gan dídean thú más rud é:

  • Nach bhfuil aon chóiríocht ar fáil a fhéadfaidh tú, i dtuairim an údaráis, a áitiú nó fanacht á háitiú le réasún, i dteannta aon duine eile a chónaíonn leat de ghnáth nó a bhféadfaí a bheith ag súil, le réasún, é a bheith ina chónaí leat, nó
  • Go bhfuil tú i do chónaí in ospidéal, i dteaghlach contae, i bhfothain oíche nó i bhforas eile den sórt sin agus go gcónaíonn tú amhlaidh toisc nach bhfuil aon chóiríocht oiriúnach agat,
  • Nach féidir leat, i dtuairim an údaráis, cóiríocht a chur ar fáil as d’acmhainní féin.

Go ginearálta, is féidir a mheas go bhfuil tú gan dídean más rud é go bhfuil tú:

  • Ag codladh amuigh
  • Ag fanacht i mbrú éigeandála nó i dtearmann
  • Ag fanacht i dteach lóistín nó i gcóiríocht óstáin go sealadach
  • Ag fanacht go sealadach le cairde nó le teaghlach mar nach bhfuil aon áit eile le dul agat
  • Ag suiteoireacht (ag áitiú foirgnimh go neamhdhleathach)

Go minic, úsáidtear an téarma ‘as baile’ chun tagairt do dhaoine nach bhfuil áit chónaí acu. Aithníonn an téarma sin an fhíric gur féidir go bhfuil teach agat nach féidir leat dul ar ais chuige (ar chúis éigin).

Dualgais ar an Stát i leith daoine gan dídean

Faoi láthair, níl aon cheart follasach chun áitribh sa Bhunreacht ná i ndlí na hÉireann. Moladh sa Choinbhinsiún Bunreachtúil i mí Feabhra 2014 gur cheart an Bunreacht a leasú le go gcuirfí cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha san áireamh, lena n-áirítear ceart sonrach chun áitribh, ach ní dhearnadh aon chinneadh ar an moladh sin go fóill.

Cé nach bhfuil oibleagáid reachtúil ar údaráis áitiúil tithe a chur ar fáil do dhaoine, tá freagracht ghinearálta orthu faoi Acht na dTithe, 1988, as tithe a chur ar fáil do dhaoine fásta nach bhfuil sé ar a n-acmhainn íoc astu iad féin. D’fhéadfadh siad cabhrú le cóiríocht trí thithe a chur ar fáil go díreach nó trí shocruithe le heagraíochtaí deonacha tithíochta agus le comhlachtaí deonacha eile. D’fhéadfadh siad freisin maoiniú a chur ar fáil do chomhlachtaí deonacha le haghaidh cóiríocht éigeandála agus le haghaidh tithíocht fhadtéarmach do dhaoine gan dídean.

Ceanglaítear leis an Acht freisin ar údaráis áitiúla measúnuithe tréimhsiúla a dhéanamh ar líon na ndaoine atá gan dídean ina limistéar riaracháin mar chuid dá measúnú riachtanas tithíochta - féach próifíl náisiúnta na heaspa dídine thíos.

Tá freagracht ghinearálta ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) as sláinte agus riachtanais chúraim inmheánaigh na ndaoine gan dídean. Ó thaobh maoinithe de, ciallaíonn sé sin go bhfuil freagracht ar na húdaráis áitiúla as na costais a bhaineann le cóiríocht a chur ar fáil agus cuireann FSS maoiniú ar fáil le haghaidh riachtanais chúraim agus leasa na ndaoine gan dídean, lena n-áirítear cúram inmheánach.

Tá freagracht ar an nGníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach (Tusla) faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991, as cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois atá gan dídean nó a dteastaíonn cúram uathu. D’fhéadfadh sé áiseanna iarchúraim a chur ar fáil do dhaoine óga os cionn 18 mbliana d’aois freisin. Léigh tuilleadh inár gcáipéis maidir le heaspa dídine na n-óg.

Cén fáth a n-éiríonn daoine ina ndaoine gan dídean?

Is casta agus fadréimseach araon atá na cúiseanna le daoine ag éirí ina ndaoine gan dídean ach tá baol ar leith faoi láthair do theaghlaigh ag a bhfuil tionóntachtaí i dtithíocht ar cíos san earnáil phríobháideach.

De réir Deireadh a Chur leis an Easpa Dídine - Cur Chuige Treoraithe ag Tithíocht (pdf), léiríonn taighde go bhfuil na nithe seo a leanas ar na príomhthosca is cúis leis an easpa dídine:

  • Géarchéimeanna tithíochta agus airgeadais
  • Scaoileadh ó fhorais
  • Cliseadh teaghlaigh, foréigean teaghlaigh san áireamh
  • Mí-úsáid substaintí
  • Fadhbanna meabhairshláinte
  • An trasdul ón óige chun na haosachta do dhaoine óga faoi chúram nó a bhí gan dídean mar dhaoine óga

Tá roinnt mhaith daoine gan dídean ar feadh tréimhsí réasúnta gairid ar chúiseanna a bhaineann le saincheisteanna amhail cailleadh fostaíochta, díshealbhú nó cliseadh caidrimh. D’fhéadfadh na daoine sin a eispéiríonn foirmeacha éagsúla d’eisiamh sóisialta éirí ina ndaoine gan dídean san fhadtréimhse, go háirithe má bhí siad gan dídean sula raibh siad ina n-aosaigh.

Próifíl náisiúnta na heaspa dídine

Is ann do roinnt modhanna éagsúla chun líon na ndaoine gan dídean a chomhaireamh. Cé go bhfuil sé doiligh figiúr cruinn a chur ar fáil, tá sé soiléir gurb ann do lear mór daoine atá gan dídean nó atá i mbaol a dtithe a chailleadh. Go ginearálta, tá an easpa dídine comhchruinnithe i limistéir uirbeacha agus is i mBaile Átha Cliath atá formhór na ndaoine gan dídean.

Ceanglaítear ar Acht na dTithe, 1988, ar údaráis áitiúla measúnuithe a dhéanamh ar riachtanas tithíochta. Is iad na daoine gan dídean a chuirtear san áireamh sa mheasúnú seo na daoine atá cláraithe leis an údarás áitiúil agus ar measadh iad a bheith ina ndaoine ag a bhfuil gá le teach. Rinneadh an measúnú riachtanas tithíochta is déanaí in 2011.

Ba é Daonáireamh 2011 an chéad uair riamh a bailíodh faisnéis chuimsitheach faoi líon na ndaoine gan dídean sa Stát. Rinneadh daoine gan dídean a chomhaireamh ar bhonn cén áit a raibh siad ar oíche an Daonáirimh agus tugadh faoin gcomhaireamh le cabhair ó na seirbhísí easpa dídine. Foilsíodh na torthaí sa tuarascáil Daoine gan Dídean in Éirinn: Tuarascáil Speisialta Daonáirimh.

Déanann Feidhmeannacht Easpa Dídine Bhaile Átha Cliath comhaireamh gach 6 mhí ar na daoine atá ag codladh amuigh i réigiún Bhaile Átha Cliath.

Straitéis agus beartas

Leagadh amach an aidhm chun deireadh a chur leis an easpa dídine faoin mbliain 2016 sa cháipéis An Bealach Abhaile - Straitéis chun Aghaidh a Thabhairt ar an Easpa Dídine Aosach 2008-2013 (pdf), a foilsíodh in 2008. Foilsíodh plean náisiúnta forfheidhmithe (pdf) in 2009 agus áiríodh leis an gClár don Rialtas (2011) tiomantas do dheireadh a chur leis an easpa dídine agus leis an ngá le codladh amuigh trí chur chuige treoraithe ag tithíocht a fhorfheidhmiú.

I mí Feabhra 2013, d’eisigh an Rialtas Ráiteas Beartas maidir leis an Easpa Dídine (pdf). Leanann an straitéis fhoriomlán agus na haidhmeanna foriomlána atá sa cháipéis An Bealach Abhaile de bheith mar bheartas Rialtais ach tugtar aitheantas follasach don chur chuige treoraithe ag tithíocht, rud a fhágann go bhfuil tithíocht dhaingean fhadtéarmach, mar aon le tacaí sóisialta más gá, ar an toradh is fearr do dhaoine gan dídean.

Rinneadh foráil i ráiteas beartais 2013 don Ghrúpa um Maoirseacht ar an Easpa Dídine a chur ar bun. D’fhoilsigh sé an chéad tuarascáil (pdf) uaidh i mí na Nollag 2013. Áiríodh le moltaí an Ghrúpa maoiniú a choinneáil ag leibhéil 2013 do na blianta ó 2014 go 2016 agus Foireann um Fhorfheidhmiú an Bheartais Easpa Dídine a bhunú.

Tugtar tosaíocht sa Phlean Forfheidhmithe um Fhreagairt an Stáit don Easpa Dídine - Bealtaine 2014 go Nollaig 2016 (pdf) do na nithe seo a leanas:

  • Cóiríocht a chur ar fáil dóibh siúd atá ag codladh amuigh agus, dá bhrí sin, deireadh a chur leis an ngá le codladh amuigh
  • Líon méadaitheach na dteaghlach gan dídean i réigiún Bhaile Átha Cliath a bhainistiú
  • Réadmhaoine folmha a bhainistiú agus a úsáid
  • Leithdháiltí na tithíochta údaráis áitiúil a chur i bhfeidhm go praiticiúil agus
  • Aonaid GNBS a úsáid go tráthúil agus go cuí

Liostaítear sa Phlean Gníomhaíochta chun dul i ngleic le hEaspa Dídine, a foilsíodh i Nollaig 2014, gníomhartha láithreacha chun dul i ngleic le codladh amuigh, anuas ar ghníomhartha breise chun dul i ngleic le saincheisteanna córasacha, a ghrúpáiltear faoi chosc, cóiríocht agus tacaíochtaí. Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta, déanfar measúnú ar an earnáil tithíochta a choimisiúnú in 2015.

Tuilleadh eolais

I mBaile Átha Cliath, tá Feidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Dídine Réigiún Bhaile Átha Cliath freagrach as seirbhísí a chomhordú do dhaoine ar easpa dídine. I gCorcaigh, chuir Fóram Easpa Dídine Chathair Chorcaí treoir maidir le seirbhísí éigeandála easpa dídine do dhaoine fásta.

Déantar cur síos inár gcáipéis ar thithíocht agus ar thacaíochtaí eile do dhaoine gan dídean ar na seirbhísí agus na tacaíochtaí atá ar fáil. Faigh amach cén áit ar cheart iarratas a dhéanamh ar na seirbhísí seo. Tá socruithe ar leith ann do dhaoine óga atá gan dídean.

D’fhoilsigh Focus Ireland treoirleabhar faisnéise: Ag oibriú chun deireadh a chur le heaspa dídine/Working to end homelessness.

Tá faisnéis fhairsing ar fáil ar láithreán Gréasáin na Roinne Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil freisin.

Page edited: 18 October 2016