Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > An t-údarás áitiúil agus tithíocht shóisialta > Do chearta mar thionónta chumann tithíochta

Print Page Send to a Friend

Do chearta mar thionónta chumann tithíochta

Eolas

Tá na cearta atá agat mar thionónta chumann tithíochta mórán mar an gcéanna leo siúd atá ag tionóntaithe údaráis áitiúil, le difríocht mhór amháin: níl sé de cheart agat mar thionónta chumann tithíochta do theach a cheannach ón gcumann tithíochta.

Tá sé tábhachtach fios a bheith agat go bhfuil dhá chineál tithíochta gur féidir a fháil ó chumann tithíochta, an dá chineál acu maoinithe faoi scéimeanna éagsúla: an Scéim Tacaíochta Caipitil agus an Scéim Iasachta agus Fordheontais Chaipitil. Tá formhór na ndaoine a fhaigheann tithe faoin Scéim Tacaíochta Caipitil i ngrúpaí speisialta - seandaoine nó daoine gan dídean mar shampla - agus is teaghlaigh iad formhór na ndaoine a fhaigheann tithe faoin Scéim Iasachta agus Fordheontais Chaipitil. Is ó liosta feithimh an údaráis áitiúil a thagann tionóntaithe atá i dteideal tí faoin dá scéim. Tá an difríocht fíor-thábhachtach mar d'fhéadfadh sé tionchar a bheith aige ar do theidil faoi na scéimeanna éagsúla. Muna bhfuil tú cinnte an bhfuil tú ina theideal, ba cheart duit fiosrú leis an gcumann tithíochta.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir le buaine sealbhaíochta, is é sin chomh héasca atá sé tú a dhíshealbhú, is féidir tuilleadh eolais maidir le fógra scoir agus díshealbhú a fháil anseo.

Má tá riaráistí cíosa agat agus má theastaíonn uait fáil amach céard ba cheart duit a dhéanamh futhu, is féidir tuilleadh eolais maidir le riaráistí cíosa a fháil anseo.

Más comhthionónta thú agus má thagann deireadh le do chaidreamh leis an gcomhthionónta eile agus má tá sé/sí imithe, is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo maidir le tithíocht agus briseadh síos caidrimh.

Má mian leat a fháil amach céard is féidir leatsa nó leis an gcumann tithíochta a dhéanamh maidir le iompar frithshóisialta is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo maidir le iompar frithshóisialta agus tithíocht.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil maidir le tionóntacht a thabhairt do dhuine eile nuair a chailltear duine, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an gcumann tithíochta cuí lena pholasaí ar an gceist seo a fháil.

Más mian leat a fháil amach cé atá freagrach as cineálacha éagsúla deisiúcháin agus na bunchaighdeáin fisiciúla atá tú ina dteideal, is féidir léamh maidir le deisiúcháin, cothabháil agus na bunchaighdeáin fisiciúla anseo.

Má tá míchumas fisiciúil nó intleachtúil nó fadhbanna sláinte intinne agat nó ag duine ar d'aithne agus má theastaíonn do theach a chur in oiriúint don duine sin d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal Deontas Tithíochta Daoine le Míchumas.

Cúnamh le do theach féin a cheannach

D'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal ceann nó níos mó de na scéimeanna atá bunaithe le cúnamh a thabhairt duit do theach féin a cheannach má thugann tú suas do theach le cumann tithíochta. Má tá teach agat faoin Scéim Tacaíochta Caipitil nó faoin Scéim Iasachta agus Fordheontais Chaipitil d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal an chúnaimh. D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh tú i dteideal Comhúinéireachta, an Scéim Liúntais Mhorgáiste, suíomh tí ar chostas íseal, morgáiste údaráis áitiúil, iasacht feabhasúcháin ón údarás áitiúil nó an Scéim Tithíochta de réir Acmhainne.

Cúnamh le bogadh isteach i dteach do ghaoil

Más mian leat bogadh isteach i dteach atá in úinéireacht ghaoil ach nach féidir leat mar gheall go bhfuil sé ró bheag nó nach sásaíonn sé na bunchaighdeáin, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil maidir le obair fheabhasúcháin in áit tí ón údarás áitiúil anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 September 2008

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Soláthar Tithe: Mí-iompar Shóisialta
    Tá cumhachtaí áirithe ag údaráis áitiúla iad siúd a bhíonn ag baint le mí-iompar shóisalta dhíshealbhú óna dtithe.
  • Má theastaíonn ó thiarna talún go bhfágfaidh tú
    Braitheann a éasca agus a bhíonn tiarna talún in ann tionónta a dhíshealbhú in Éirinn ar an gcineál tionóntachta a bhíonn ag an tionónta. Eolas faoi do chearta agus an nós imeachta ceart nach mór a leanúint
  • Suíomhanna tithíochta ar chostas íseal
    Is féidir le húdaráis áitiúla suíomhanna tithíochta a chur ar fáil ar chostas íseal, chun cabhrú le daoine a bhfuil tithíocht de dhíth orthu a gcuid tithíocht féin a chur ar fáil.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.