An deacracht is coitianta a tharlaíonn do thionóntaí ná riaráistí cíosa. Is cuma cén fáth, ach má bhíonn tú titithe chun deire leis an gcíos, tá sé fíor-thábhachtach go rachadh tú i dteagmháil leis an údarás áitiúil nó leis an gcumann tithíochta agus do chás a mhíniú. Is ar mhaithe le gach duine an fhaidhb seo a réiteach agus gan aon duine a dhíshealbhú. Ach muna n-íocann tú an cíos agus gan faic a dhéanamh faoi, d'fhéadfá criochnú suas agus do theach a chailleadh. Má tá faidhb airgid agat, is féidir cúnadh a fháil ón gcumann tithíochta agus ón údarás áitiúil agus cuid den chíos a íoc ar ais de réir a chéile gach seachtain.
Ba cheart duit comhairle a fháil ón gComhairle Airgeadais agus ón Seirbhís Cáinaisnéise.
Faigh comhairle ó do údarás áitiúil nó do chumann tithíochta, ón gComhairle Airgeadais agus ón Seirbhís Cáinaisnéise.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.