Tithíocht shóisialta ar cíos a athshealbhú

An féidir leis an údarás áitiúil mo theach a athshealbhú?

Ní féidir le d'údarás áitiúil ar cíos a athshealbhú ach ar chúiseanna áirithe agus caithfidh siad nósanna imeachta socraithe a leanúint. Tá feidhm ag na nósanna imeachta seo má tá an t-údarás áitiúil ag iarraidh teach a athshealbhú mar:

Cad is rabhadh tionóntachta ann?

Faoi nósanna imeachta athshealbhaithe ba chóir don údarás áitiúil rabhadh tionóntachta a chur chugat má líomhnaítear gur sáraíodh do choinníollacha tionóntachta. Mar shampla, mura n-íocann tú do chíos nó má tá iompar frithshóisialta i gceist.

B'fhéidir nach mbeidh ar an údarás áitiúil rabhadh tionóntachta a eisiúnt, má tá sárú an-tromchúiseach ar na coinníollacha tionóntachta. Ach, má dhéanann an t-údarás áitiúil iarratas ar an réadmhaoin a athshealbhú gan rabhadh tionóntachta a eisiúint ar dtús, caithfidh an t-iarratas ar ordú seilbhe na cúiseanna nár eisíodh aon rabhadh a lua.

Tá na nósanna imeachta athshealbhaithe seo agus na ceanglais maidir le rabhadh tionóntachta leagtha amach in Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2014 agus i Rialacháin Tithíochta (Rabhaidh Thionóntachta Údaráis Áitiúil), 2015.

Rabhadh tionóntachta maidir le hiompar frithshóisialta

Is féidir rabhadh tionóntachta a chur chugat mar gheall ar iompar frithshóisialta agus iompar comhchosúil. Féadfaidh an cineál iompair seo a bheith san áireamh:

  • Bheith ina núis
  • Gníomhú ar bhealach is dócha a chuirfeadh as do chomharsana nó a chuirfeadh isteach air
  • Cead a thabhairt do dhuine a bheith sa réadmhaoin nuair a bhíonn ordú ann lena n-eisiatar as é

Caithfidh rabhadh tionóntachta maidir le hiompar frithshóisialta:

  • Leag amach cén chuid den chomhaontú tionóntachta ar sáraíodh é, cineál an tsáraithe agus ainm (más eol) an bhall teaghlaigh atá i gceist
  • Abair cén uair a tharla an sárú agus an tionchar díobhálach a bhí aige ar chaighdeán maireachtála na ndaoine a chónaíonn in aice láimhe
  • A cheangal ar a tionónta a chinntiú go ndéanann an ball teaghlaigh atá i gceist (nó go stopann sé) rudaí áirithe chun stop a chur leis na héifeachtaí díobhálacha seo ó leanúint ar aghaidh nó ag tarlú arís
  • Rabhadh a thabhairt don tionónta go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil imeachtaí athshealbhaithe a thionscnamh nó ordú eisiata a lorg má leanann an sárú ar aghaidh nó má tharlaíonn sé arís laistigh de 12 mhí
  • Rabhadh a thabhairt don tionónta go bhféadfaí an rabhadh tionóntachta seo a chur san áireamh thar na 3 bliana amach romhainn más mian leis an tionónta, an teaghlaigh atá i gceist teach údaráis áitiúil a cheannach nó áit chónaithe údaráis áitiúil eile a leithdháileadh
  • Leag amach ceart an tionónta athbhreithniú a iarraidh ar an rabhadh tionóntachta

Tá na sonraí faoi seo leagtha amach in Alt 7 d'Acht na dTithe (Forálacha ilghnéitheacha), 2014.

Rabhadh tionóntachta maidir le riaráistí cíosa

Féadfaidh tú rabhadh tionóntachta a fháil maidir le do chuid oibleagáidí a bhaineann le cíos a bhriseadh. Mar shampla, gan an cíos a comhaontaíodh sa chomhaontú tionóntachta a íoc nó aisíocaíochtaí a comhaontaíodh i socrú athsceidealaithe.

Ní mór don rabhadh tionóntachta:

  • Leag amach an oibleagáid cíos-choibhneasa a sáraíodh, méid na riaráistí atá dlote anois agus an tréimhse nár íocadh an cíos
  • A cheangal ar an tionónta na riaráistí a íoc láithreach nó, i gcás cruatain, déan teagmháil leis an údarás áitiúil chun na híocaíochtaí a athsceidealú a phlé
  • Rabhadh a thabhairt don tionónta go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil imeachtaí athsheabhaithe a thionscnamh mura n-íoctar nó mura ndéantar na riaráistí a athsceidealú laistigh de 2 mhí
  • Tabhair rabhadh don tionónta, fiú má íoctar nó má athsceidealaítear na riaráistí cíosa laistigh de 2 mhí, go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil imeachtaí athshealbhaithe a thionscnamh (gan rabhadh tionóntachta breise) má chailleann an tionónta íocaíocht sna 12 mhí atá romhainn, mura ndéantar socrú ar athsceidealú breise
  • Leag amach na forálacha dlí maidir le riaráistí cíosa nach bhfuil athsceidealaithe
  • Leag amach ceart an tionónta athbhreithniú a iarraidh ar an rabhadh tionóntachta

Má tá a fhios ag an údarás áitiúil go bhfuil fiacha eile ar an tionónta chomh maith leis a riaráiste cíosa, caithfidh eolas a bheith sa rabhadh tionóntachta freisin ar fhoinsí comhairle ar fhadhbfhiach i gcoitinne.

Tá an sonraí faoi seo leagtha amach in Alt 8 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2014.

Cad a tharlaíonn nuair a fhaigheann tú rabhadh tionóntachta?

Féadfaidh tú athbhreithniú inmhéanach ar rabhadh tionóntachta a iarraidh. Ba cheart é seo a dhéanamh laistigh de 10 lá oibre ó eisiúint an rabhaidh, nó laistigh de 20 lá oiobre i gcúinsí eisceachtúla.

Ba cheart go ndéanfaidh d'iarratas ar athbhreithniú:

  • Tabhair breac-chuntas ar an bhfáth a bhfuil an t-athbhreithniú á iarraidh agat
  • Cuir aon doiciméid tacaíochta san áireamh agus cuir in iúl
  • Luaigh más mian leat nó le duine den teaghlach ionadaíocht ó bhéal a dhéanamh mar chuid den athbhreithniú

Mura n-iarann tú athbhreithniú, tagann an rabhadh i bhfeidhm ón dara lá oibre tar éis don tréimhse chun athbhreithniú a iarraidh dul in éag. Má d'iarr tú athbhreithniú, agus gur seasadh nó gur athraíodh an rabhadh, tagann sé i bhfeidhm ar an dara lá oibre tar éis an cinneadh a sheoladh chuig an tionónta.

Cé a dhéanann athbhreithniú ar an rabhadh tionóntachta agus cé chomh fada a thógann sé an t-athbhreithniú?

Caithfidh oifigeach údaráis áitiúil nach raibh baint aige leis an rabhadh tosaigh agus atá níos sinsearaí ná an t-oifigeach a d'eisigh an rabhadh an t-athbhreithmiú a dhéanamh.

Go ginearálta, ba chóir don athbhreithneoir an t-athbhreithniú a thabhairt chun críche laistigh de 20 lá oibre ó bheith ceaptha. Mar sin féin, má bhíonn cruinniú leis an tionónta nó le duine den teaghlach i gceist leis an athbhreithniú, nó má mholtar athrú ar an rabhadh, féadfaidh sé sin suas le 30 lá oibre a thógáil. Feadfaidh an t-athbhreithneoir cinneadh a dhéanamh an rabhadh tionóntachta a dhearbhú, a théarmaí a athrú (tar éis seans aiseolais a thabhairt don tionónta) nó an rabhadh a chur ar ceal. Ní mór don údarás áitiúil cóip scríofa den chinneadh a sheoladh chuig an tionónta.

I gcás imeaglaithe, is féidir leis an athbhreithneoir glacadh le ráiteas ó Gharda nó ó oifigeach údaráis áitiúil mar fhianaise go raibh duine i mbun iompair fhrithshóisialta.

Cad a tharlaíonn má dhéanann an t-údarás áitiúil iarratas ar athshealbhú?

Mura ndéileálann tú le sárú an chomhaontaithe tionóntachta, fiú tar éis an rabhaidh tionóntachta, is feidir leis an údarás áitiúil iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar ordú seilbhe chun an réadmhaoin a athshealbhú. Féadfaidh an chúirt a ordú:

  • Go dtiocfaidh deireadh leis an tionóntacht, nó
  • Tá ball den teaghlach eisiata ón tionóntacht, i gcás iompair fhrithshóisialta

Ní mór don údarás áitiúil fógra 10 lá ar a laghad a thabhairt duit faoin éisteacht chúirte. Ach, má tá éifeachtaí tromchúiseacha ag sárú an chomhaontaithe tionóntachta ar dhaoine a chónaíonn in aice láimhe, ní mór dó cóip den iarratas seilbhe a thabhairt duit a luaithe a chuireann se isteach ar an ordú. Ní mór go n-áireofaí leis seo míniú scríofa ar an bhfáth nár tugadh an fógra 10 lá duit.

Caithfidh na nithe seo a leanas a bheith san iarratas seilbhe:

  • Na cúiseanna leis an iarratas, lena n-áirítear sonraí iomlána faoin sárú ar an gcomhaontú tionóntachta
  • Ainm an duine is cúis leis
  • A éifeachtaí ar dhaoine atá ina gcónaí in aice láimhe

Ní mór sonraí a thabhairt san iarratas freisin faoi aon rabhadh tionóntachta atá faighte agat nó ag duine den teaghlach le 5 bliana anuas. Mura bhfuair tú rabhadh tionóntachta maidir leis an sárú reatha, caithfidh an t-iarratas cúiseanna a thabhairt nár eisíodh aon cheann. Má tá rabhadh tionóntachta maidir le sárú comhchosúil á athbhreithniú faoi láthair, ní mór don iarratas na cúiseanna a bhfuil an t-ordú seilbhe á lorg ag an am céanna a thabhairt.

Má dhonaítear ordú seilbhe, tugann se an dáta ar féidir leis an údarás áitiúil an mhaoin a athshealbhú. Caithfidh sé seo a bheith tráth nach luaithe ná 2 mhí (agus tráth nach déanaí ná 9 mí) tar éis dháta an ordaithe. Cuirfear deireadh leis an tionóntacht ar an dáta a ghlacann an t-údarás áitiúil seilbh ar an maoin faoin ordú seilbhe.

Athshealbhú maoine tréigthe

I gcúinsí áirithe, is féidir le húdarás áitiúil dul isteach i maoin thréigthe atá i mbaol damáiste nó foghail. Is féidir leis an údarás áitiúil é seo a dhéanamh le toiliú an tionónta nó le barántas ón gCúirt Dúiche. Mar sin féin, má rinneadh loitiméireacht ar an réadmhaoin nó má tá an réadmhaoin i mbaol damáiste láithreach, féadfaidh an t-údarás áitiúil dul isteach ann chun cibé rud is gá a dhéanamh, gan barántas a fháil.

Má ta sé beartaithe ag údarás áitiúil maoin thréigthe a athshealbhú, caithfidh sé 4 seachtaine a thabhairt don tionónta lena dheimhniú an bhfuil se ar intinn acu é a áitiú arís. Tar éis 4 seachtaine, is féidir leis an údarás áitiúil fógra a sheirbheáil ar an tionónta ag cur deireadh leis an tionóntacht. Is féidir leo seilbh a ghlacadh ansin ar an maoin gan aon imeachtaí eile. Féadfaidh an t-iarthionónta iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche (laistigh de 6 mhí) go ndéanfaí athmhachnamh ar an bhfoirceannadh.

Tá sé seo leagtha amach in Alt 14 den Acht.

Athshealbhú nuair nach tionóntaí iad na daoine atá ina gcónaí sa réadmhaoin

Má ta duine nach bhfuil i dteideal tionóntacha ag áitiú réadmhaoine, is féidir leis an údarás áitiúil iarratas a dhéanamh chuig an gCúirte Dúiche ar ordú seilbhe. Caithfidh an t-údarás áitiúil a chinntiú go gcosnaíonn se céannacht an duine a chuir in iúl dó faoin slí bheatha, más gá.

Más rud é go bhfuair an tionónta bás agus gur ball de theaghlach an tionónta nach maireann an t-áititheoir (nó má éilíonn sé gur ball é) de theaghlach an tionónta nach maireann, ach nach bhfuil sé i dteideal teacht i gcomharbacht ar an tionóntacht, is féidir leis an údarás áitiúil iarratas a dhéanamh ar ordú seilbhe. Má tá iarratas déanta ag an áithitheoir ar thionóntacht chomharbais agus gur diúltaíodh dó, ní mór don iarratas seilbhe an bonn a thabhairt don diúltú sin agus tagairt a dhéanamh do pholasaí scríofa an údaráis áitiúil ar thionóntachtaí comharbais.

Ar a laghad 10 lá oibre roimh éisteacht na Cúirte Dúiche, ní mór donúdarás áitiúil fógra scríofa a thabhairt don áititheoir faoin éisteacht agus sonraí faoin iarratas seilbhe.

Féadfaidh an chúirt ordú seilbhe a dhéanamh má dhealraíonn se:

  • Tá forais ag an údarás áitiúil chun seilbh a aisghabháil
  • Is freagairt chomhréireach é athshealbhú ar áitiú an áititheora sa mhaoin
  • Tá sé réasúnta an t-ordú a dhéanamh sna himthosca go léir

Ordú seilbhe a achomharc

Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an gCúirte Dúiche in aghaidh chinneadh na Cúirte Dúiche ordú seilbhe a dheonú. Féadfaidh tú achomharch eile a dhéanamh ar phointe dlí chuig an Ard-Chúirt.

Maoin atá ar cíos ar comhlachtaí tithíochta ceadaithe a athshealbhú

Is féidir le comhlachtaí ceadaithe tithíochta (AHBanna) tú a dhíshealbhú gan chúis ar bith chomh fada a leanann siad an nós imeachta ceart. Ciallaíonn sé seo fógra scoir a eisiúint ar dtús agus ansin iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú seilbhe. Mar sin féin, i ndáiríre, ní dhéanann AHBanna a gcuid tionóntaí a dhíshealbhú gan chúis. Mar sin, má íocann tú do chíos agus má chomhlíonann tú coinníollacha eile na tionóntachta, de ghnáth beidh tú in ann fanacht i do theach choh fada agus is mian leat.

Ma tá tú i gcóiríocht shealadach arna soláthar ag cumann tithíochta, ar nós brú gearrthéarmach, tá do sheasamh i bhfad níos laige agus go dlíthiúil ní gá don chumann tithíochta fiú fógra scoir a eisiúint. Mar sin féin, i ndáiríre, ní dhéanann AHBanna a gcuid tionóntaí a dhíshealbhú gan chúis.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 Eanáir 2023