Má tá comhpháirtíocht tionóntachta agat agus má bhriseann ar an gcaidreamh idir tú féin agus an tionónta eile sa teach, fágann sé/sí an teach, is dócha nach mbeadh tú ag iarraidh a ainm/hainm ar an leabhar cíosa.
Má aontaíonn do chomhpháirtí a ainm/hainm a scriosadh de'n leabhar cíosa, déanfaidh an cumann tithíochta nó an t-údarás áitiúil é seo. Ar an taobh eile, má dhiúltaíonn sé/sí a ainm/hainm a scriosadh, beidh sé an-chasta, agus caithfidh tú a chruthú go bhfuil an caidreamh briste síos.
Más páirtí tú atá i do chonaí leat féin sa teach baile, agus má cheapann an cumann tithíochta nó na húdaráis áitiúla go bhfuil do theach ró-mhór duit, is féidir leo malairt tí a thabhairt duit, muna bhfuil tú in ann a chruthú dóibh go bhfuil cúram na leanaí ort anois is arís agus go dteastaíonn áit maireachtála uathu.
Téigh i dteagmháil le d' údarás áitiúil nó do chumann tithíochta .
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.