Go h-iondúil má mhaireann gaol le tionónta a fuair bás is féidir leis seilbh a ghlacadh ar an tionóntacht sin. Tá difríocht idir na h-údaráis áitiúla faoi seo; Teastaíonn ó chuid acu go mbeadh an gaol ag maireachtáil sa teach ar feadh íosmhéid blianta, cuid eile, ní ligfidís don ghaol seilbh a ghlacadh muna mbeadh an teach feiliúnach dá riachtanais.
De bharr go bhfuil na cumainn tithíochta reasúnta nua go maith, níl na polasaí seo i bhfeidhm acu. Más tionónta tú i gCumann tithíochta tionóntach, téigh i dteagmháil leis an gCumann.
Téigh i dteagmháil le d' údarás áitiúil nó do chumann tithíochta .
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.