Más mian leat aistriú ó theach eile de chuid an Údaráis Áitiúil ní mór duit clárú ar an liosta aistrithe. Ar mhaith le bheith i dteideal clárú ar an liosta sin ní mór duit a bheith tréimhse blianta faoi leith i do chónaí i do theach, ní mór an cíos a bheith íoctha suas chun dáta agus ní mór don teach a bheith coinnithe go maith agat.
Is féidir aistriú príobháideach a shocrú má aimsíonn tú duine a bheadh sásta a t(h)each a aistriú leat. Níl aon chead go mbeadh an iomarca daoine ag maireachtáil sa teach de bharr an aistrithe seo agus ní mór go mbeadh an tÚdarás Áitiúil sásta leis an socrú.
Is féidir socrú príobháideach a dhéanamh le duine ó údarás difriúil nó fiú idir an Ríocht Aontaithe agus Éire chomh fada go bhfuil an t-áitreabh sásúil agus go bhfuil an tÚdarás sásta leis an aistriú.
Déan teagmháil leis an Údarás Áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.