Má tá tú i do thionónta i dteach nó in árasán de chuid an údaráis áitiúil, d’fhéadfá bheith in ann do theach nó d’árasán a cheannach ón údarás áitiúil trí cheann de na scéimeanna ceannaigh.
Go ginearálta, tá tithe uile an údaráis áitiúil san áireamh, seachas iad siúd atá curtha ar fáil do dhaoine aosta. Ní bhíodh árasáin san áireamh roimhe seo, ach tháinig Scéim nua Ceannaigh Árasán do Thionóntaí (SCAT) i bhfeidhm an 1 Eanáir 2012 – féach thíos.
Is féidir leis an údarás áitiúil áiteanna cónaithe áirithe a fhágáil as an áireamh ar na cúiseanna a leanas: dea-bhainistíocht eastáit; de bharr a mbaile struchtúrtha nó má tá sé ar intinn acu obair feabhsúcháin a dhéanamh ar na háiteanna cónaithe.
Tháinig an scéim seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2012.
Má tá coimpléasc árasán le bheith i dteideal a ainmnithe do cheannach ag tionónta, ní mór an méid a leanas bheith i gceist:
Sa mhullach air sin, ní mór go dtacóidh ar a laghad 65% de líon na dtionóntaí le hainmniú an choimpléisc.
Nuair atá árasáin á ndíol i gcoimpléasc ainmnithe, aistreoidh an t-údarás áitiúil úinéireacht an choimpléisc chuig cuideachta bhainistíochta úinéirí árasán. Ligfidh an chuideachta bhainistíochta na hárasáin uile láithreach bonn ar ais leis an údarás áitiúil chun iad a ligean le tionóntaí, a mbeidh an rogha ansin acu iad a cheannach ón údarás.
Leanfaidh díolacháin an tsamhail cheannaigh incrimintigh. Bainfear lascainí 40%, 50% nó 60% ón bpraghas ceannaigh, ag brath ar ioncam teaghlaigh. Ina theannta sin, beidh muirear údaráis áitiúil i gceist ar a dtiocfaidh laghdú de chomhréir socraithe gach bliain.
Sula ndíoltar na chéad árasáin
Beidh ar údaráis tithíochta tabhairt faoi mhéid suntasach d’obair ullmhúcháin sular féidir leo árasáin aonair a dhíol le tionóntaí. I measc na hoibre seo tá an méid a leanas:
Tá an scéim seo oscailte do thionóntaí ag a bhfuil tionóntacht 1 bhliain ar a laghad. Táthar le deireadh a chur leis an scéim seo de réir a chéile faoi 2012. Beidh an Scéim Ceannaigh Incrimintigh ag teacht ina hionad. Seo scéim a ligeann do dhaoine a cháilíonn do thithíocht shóisialta teach nua a cheannach ó údarás áitiúil nó ó comhlacht tithíochta formheasta ar lascaine.
Is ionann praghas an tí agus a luach margaidh, amhail a dheimhníonn an t-údarás áitiúil, agus an bhail agus an chóir reatha ar an teach, lúide lascainí. Cuirtear san áireamh bail struchtúrtha an tí ach ní chuirtear san áireamh aon mhéadú ar an luach margaidh de bharr feabhsúchán a rinne tú ar an teach agus an praghas á ríomh.
Mura gcomhaontaíonn tú leis an luacháil a dhéanann an t-údarás áitiúil ar do theach, is féidir leat cur ina haghaidh trí dheimhniú luachála a fháil ó luachálaí cáilithe. Más ann do dhifríocht shuntasach idir luacháil bhunúil an údaráis áitiúil agus an luacháil a chuireann tú féin isteach, cuirfidh an t-údarás áitiúil faoi bhráid na hOifige Luachála í.
Is féidir leat morgáiste a fháil le banc nó le cumann foirgníochta nó is féidir leat cur isteach ar mhorgáiste údaráis áitiúil. D’fhéadfadh seo bheith ina iasacht úis ráta athraithigh ionas go dtiocfaidh méadú nó laghdú ar aisíocaíochtaí ar aon dul le rátaí ginearálta úis nó déanfar an ráta úis a shocrú don chéad 5 bliana den iasacht.
Caithfidh tú bheith i do thionónta i dteach de chuid an údaráis áitiúil ar feadh bliain amháin ar a laghad d’fhonn an teach a cheannach faoin Scéim Ceannaigh do Thionóntaí.
Beidh tú i dteideal lascaine 3% de luach an tí a fháil don teach do gach bliain tionóntachta i dteach de chuid an údaráis áitiúil ar feadh uasmhéid de 10 mbliana móide €3,810.
Ó bhí an 1 Aibreán 2011 ann, tá an dleacht stampála iníoctha don uile theach den scéim ceannaigh do thionóntaí. Is é an t-uasmhéid is iníoctha €100.
Más mian leat an teach a dhíol laistigh 20 bliain den dáta ar cheannaigh tú é nó sula bhfuair tú úinéireacht iomlán ar an teach, ní mór duit toilliú an údaráis áitiúil a fháil.
Déan teagmháil leis an Rannóg Tithíochta de d’údarás áitiúil.
Tugadh isteach lascaine níos airde i mBuiséad 2011 sa ghearrthréimhse do thionóntaí reatha den údarás áitiúil ar mian leo a dtithe a cheannach faoin Scéim Ceannaigh do Thionóntaí. Cuireadh deireadh leis an scéim seo an 31 Nollaig 2011.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.