Is iad na húdaráis áitiúla is mó a chuireann tithe ar fáil do dhaoine a dteastaíonn tithe uathu ach nach bhfuil in acmhainn a gcuid tithe féin a cheannach. Cuirtear tithe na n-údarás áitiúil ar fáil de réir riachtanas, agus tá cíos bunaithe ar chumas an duine é a íoc.
Cuireann cumainn tithíochta (ar a dtugtar 'tithíocht deonach' nó 'cumainn tithíochta deonacha' go minic) agus comharchumainn tithíochta tithe ar fáil do dhaoine nach bhfuil in ann a gcuid tithe féin a cheannach.
Má cheapann tú go bhfuil tú i dteideal tí a fháil ar chíos ón údarás áitiúil ba cheart duit iarratas a chur faoina bhráid, cuirfear san áireamh cúinsí éagsúla, ina measc méid an líon tí, d'ioncam, an áit chónaithe atá faoi láthair agat (má tá), staid na háite sin agus aon chúinsí speisialta, san áireamh, aois, míchumas, cúinsí sláinte, & rl. Tá teorainn ioncaim do iarrthóirí leagtha síos ag cuid de na húdaráis áitiúla. D'fhéadfadh sé go dtabharfaidh duine ón údarás áitiúil cuairt ort le measúnú a dhéanamh ar staid do thithíochta faoi láthair.
Níl aon fáth nach ndéanfadh duine iarratas chuig níos mó ná údarás áitiúil amháin, mar shampla, is féidir clárú ar liosta chomhairle chontae agus chomh maith leis sin leis an gcomhairle baile sa cheantar sin. Is féidir le údaráis áitiúla glacadh le hiarratais ó dhaoine nach bhfuil cónaí orthu ina gceantar ach, ní mar a chéile a chuirtear rudaí i bhfeidhm i ngach ceantar.
Má ghlacann an t-údarás áitiúil go bhfuil riachtanas tí ort cuirtear ansin d'ainm ar liosta feithimh do thithe údaráis áitiúil. Leagann gach údarás áitiúil síos a rialacha féin le cinneadh a dhéanamh cén tosaíocht a thabharfar do dhaoine ar an liosta feithimh, ar a dtugtar 'scéimeanna tosaíochtaí do thithe ar chíos'. Tá cóip le fáil ón údarás áitiúil. Tá córas pointí in úsáid ag cuid de na húdaráis áitiúla. Tugtar roinnt áirid pointí do gach líon tí ar an liosta feithimh ag brath ar a chúinsí pearsanta. Faigheann líon tí le riachtanais níos mó, níos mó pointí.
D'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann ceantar inár mhaith leat cónaí a roghnú, ach is fiú cuimhniú má roghnaíonn tú ceantar a bhfuil toir ag go leor daoine air, d'fhéadfadh sé go mbeadh tréimhse níos faide le fanacht agat le teach a fháil ná má roghnaíonn tú ceantar nach bhfuil an oiread toir air.
Nuair a bhíonn tithe ar fáil le cur amach ar chíos ag an údarás áitiúil cuirtear ar fáil iad do na daoine atá ar an liosta feithimh de réir ord tosaíochta, ag cur na gcúinsí cuí ar fad san áireamh. Más mian leat a fháil amach cá bhfuil d'ainm ar an liosta feithimh tá an t-eolas sin ar fáil ón údarás áitiúil. Ba cheart cuimhniú gur féidir leat dul suas nó síos ar an liosta ag brath ar na gcúinsí a bhíonn ag daoine eile atá ar an liosta feithimh agus má athraíonn do chúinsí féin. Tugtar tús áite go ginearálta do theaghlaigh agus do shean daoine seachas do dhaoine aonair agus do lánúin nach bhfuil aon chlann orthu.
Má chuirtear teach ar fáil duit nach dteastaíonn uait cónaí ann, is féidir é a dhiúltú. Ach má cheapann an t-údarás áitiúil nach bhfuil fáth sách maith agat leis an teach a dhiúltú d'fhéadfadh sé an tosaíocht atá agat ar an liosta feithimh a chur siar, go háirid má dhiúltaíonn tú glacadh le níos mó ná tairiscint amháin.
Ní bhíonn aon troscán i dtithe údaráis áitiúil. Má chuirtear teach údaráis áitiúil ar fáil duit agus muna bhfuil aon troscán ná trealamh tí agat ná an t-airgead len é a cheannach d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann cúnamh a fháil ón Oifigeach Leasa Pobail sa lárionad sláinte áitiúil.
Nuair atá tú cláraithe ar an liosta feithimh, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal scéimeanna eile tithíochta, mar shampla, tithe ó chumainn tithíochta, Comh-úinéireacht, suíomh tí ar phraghas íseal, obair fheabhasúcháin in áit tí, iasacht feabhasúcháin ón údarás áitiúil , morgáiste ón údarás áitiúil nó an Scéim Tithíochta de réir Acmhainne.
Is feidir leat cur isteach ar theach nua a cheannach ar lascaine ón údarás áitiúil nó ó chomhlacht tithíochta formheasta faoin scéim nua do shocruithe ceannaigh incrimintigh.
Tá cíosanna tí bunaithe ar chóras ar a dtugtar 'cíosanna difréalacha'. Ciallaíonn seo go mbíonn cíos bunaithe ar chumas duine é a íoc, mar sin má tá d'ioncam íseal, bíonn an cíos íseal, agus má thagann ardú ar d'ioncam, ardófar an cíos. Cuirfear ioncam aon bhall eile den líon tí san áireamh leis an gcíos a mheas agus déanfar laghdú ar an gcíos bunaithe ar aon pháistí sa teach. Bíonn a scéim cíosa féin in úsáid ag gach údarás áitiúil.
D'fhéadfadh sé go bhfuil bunchíos agus/nó uaschíos i bhfeidhm ag údarás áitiúil, ag brath ar mhéid an tí. Tá clás i gcás anró a thugann discréid don údarás áitiúil an cíos a laghdú má tá fáthanna faoi leith ann len é seo a dhéanamh.
Má thagann athrú ar d'ioncam nó ar ioncam aon bhall den teaghlach, ní mór duit é a chur in iúl don údarás áitiúil.
Déan teagmháil leis an Roinn Tithíochta den údarás áitiúil. Tá liosta de chumainn tithíochta ar fud na hÉireann ar fáil anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.