Tá cumhachtaí áirithe ag údaráis áitiúla agus ag cumainn títhíochta iad siúd a bhíonn ag baint le mí-iompar shóisialta a dhíshealbhú óna dtithe. Ciallaíonn mí-iompar shóisialta déileáil le drugaí nó aon iompar a bheadh ina chúis contúirte, díobháile, damáiste nó eagla dóibh siúd a mhaireann sa cheantar. Bheadh foréigean, bagairt, imeaglú nó ciapadh i gceist freisin.
Is féidir leis an tionónta, é féin, iarratas a dhéanamh ar ordú toirmisc , toisc mí-iompar shóisialta, i gcoinne duine ina líon tí féin. Cinnte, bheadh sé seo crua ar an té ar déanadh leatrom air.
Mar rogha eile is féidir leis an údarás áitiúil nó an cumann tithíochta iarratas a chuir chuig an gCúirt Dúiche ar ordú toirmisc i gcoinne aon bhall den líon tí a bhfuil mí-iompar shóisialta ar siúl acu. Is féidir leis an ordú seo duine a chosc ó theach áirithe nó ó cheantar áirithe agus is féidir leis cosc a chuir ar imeaglú agus ar cuir isteach de aon chinéal ar an tionónta nó ar dhuine eile.
Is féidir le mí-iompar shoisialta deis a thabhairt do údaráis áitiúla cosc a chuir ar dhuine teach a fháil ar chíos nó a cheannacht faoí scéim na dtionóntaí ón údarás áitiúil.
Is féidir leis na Boird Sláinte gan liúntas cíosa a íoc le duine go bhfuil teach diúltaithe do nó atá díshealbhaithe nó atá bainte den líosta tithíochta an údaráis áitiúl toisc mí-iompar shóisialta a bheith ar bun aige/aici.
Más tionónta údarás áitiúil tú agus go bhfuil mí-iompar shóisialta dhuine eile ag cur as duit, cuir scéala chuig an údarás áitiúil. Más tionónta cumann tithíochta tú agus go bhfuil mí-iompar shóisialta dhuine eile ag cur as duit cuir scéala chuig an gcumann tithíochta áitiúil.
Téigh i dteangmháil le do údarás áitiúil nó le do chumann tithíochta áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.