Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Deontais agus scéimeanna tithíochta > An Scéim um Thithe Níos Teo

Print Page Send to a Friend

An Scéim um Thithe Níos Teo

Réamhrá

Díríonn an Scéim um Thithe Níos Teo ar éifeachtacht fuinnimh agus teocht na dtithe ina bhfuil daoine ar ioncam íseal ina gcónaí a fheabhsú. Is é Údarás Fuinneamh Inmharthana Éireann (ÚFIÉ) a dhéanann riarachán ar an scéim.

Déantar eagraíochtaí réigiúnacha agus pobalbhunaithe a mhaoiniú chun an obair a chur i gcrích, lena n-áirítear:

  • Insliú áiléir
  • Tithe a dhéanamh díonmhar ar shéideáin
  • Seaicéid fhálaithe
  • Soilsiú atá tíosach ar fhuinneamh (bolgáin CFL)
  • Insliú an bhalla cuasaigh
  • Comhairle faoi fhuinneamh.

Déantar tithe incháilithe a aithint go háitiúil trí líonraí nó grúpaí as an earnáil reachtúil agus dheonach.

Faigh tuilleadh eolais anseo.


Rialacha

Go ginearálta, beidh rochtain agat ar an Scéim um Thithe Níos Teo:

  • Más úinéir lonnaithech tú agus
  • Má tógadh an teach roimh 2002 agus
  • Má fhaigheann tú Liúntas Breosla faoin Scéim Náisiúnta Breosla

Rataí

Ní ghearrtar táille ar bith maidir le hobair a chuirtear i gcrích faoin scéim.


Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh go díreach tú féin, téigh i dteagmháil le ÚFIÉ tríd an teilafón nó trí ríomhphost - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Chomh maith leis seo, déantar tithe incháilithe a aithint go háitiúil trí líonraí nó grúpaí as an earnáil reachtúil agus an earnáil dheonach.


Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Cuir glaoch ar ÚFIÉ ar 1800 250 204 nó seol ríomhphost chuig warmerhomes@seai.ie.

Is féidir an leabhrán 'Keep well and warm' (leagan Gaeilge nó Béarla) a fháil freisin - cuir glaoch ar ÚFIÉ ar 1850 376 666 nó seol ríomhphost chuig warmerhomes@seai.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Scéim um Choigilt Fuinnimh Tí
    Soláthraíonn an scéim deontais chun cabhrú leat éifeachtacht fuinnimh an tí a mhéadú, lena n-áirítear deontais le haghaidh insliú tí.
  • Tithe do Dhaoine Aosta
    Cur síos atá anseo ar na scéimeanna speisialta deontais tithe agus deontais feabhsúcháin tí do dhaoine aosta agus do dhaoine le míchumais.
  • Scéim um Thithe Níos Glaise
    Deontais chun cabhrú le húinéirí tí córais téimh tí nua a cheannach a bhaineann úsáid a foinsí in-athnuaite fuinnimh, mar shampla, fuinneamh gréine agus córais bhithmhaise.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.