Is scéim nua í an Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta a chuirfidh deontais ar fáil i gcomhair oibreacha atá deartha chun tabhairt faoi fhadhbanna soghluaisteachta sa bhaile. Mar shampla, is féidir an deontas a úsáid chun greimráillí, cithfholcadán boinn leibhéalta, rampaí rochtana nó ardaitheoir staighre a cheannach agus a chur isteach.
Is ar dhaoine níos sine atá an deontas seo dírithe, ach is féidir le daoine faoi mhíchumas tairbhe a bhaint as an scéim freisin.
Ní féidir cur isteach ar an Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta agus ar an Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas, ach is féidir leat d'iarratas ar scéim amháin a tharraingt siar agus iarratas nua a sheoladh isteach faoin gceann eile.
Beidh fáil ar an deontas do dhaoine ag a bhfuil uasioncam teaghlaigh níos ísle ná €30,000.
Is féidir an deontas a íoc le daoine a bhfuil cónaí orthu sna cinéalacha tithíochta a leanas:
Tabharfar tús áite do d'iarratas bunaithe ar riachtanas leighis. Tabharfar an tús áite is airde do dhaoine a bhfuil tinneas foirceanta ag dul dóibh nó sa chás go bhféadfaí duine a scaoileadh abhaile ón ospidéal dá ndéanfaí athruithe/oiriúnuithe. Nuair a fhaigheann an t-údarás áitiúil d'iarratas, is féidir go n-iarrfadh sé measúnú ó Theiripeoir Saothair (TS). Is féidir leis an údarás áitiúil measúnú TS a eagrú, ach faoin deontas nua is féidir leat TS a fhostú chun measúnú a dhéanamh, agus suas le €200 forchúiteamh a fháil mar chuid den deontas iomlán suas go dtí an uasmhéid atá tú i dteideal a fháil.
Is deontas a bhfuil tástáil mhaoine i gceist leis é an Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas. Ciallaíonn sé seo go ndéantar measúnú ar d'ioncam teaghlaigh iomlán chun a fháil amach an bhfuil tú incháilithe don deontas, agus má tá, ag cén leibhéal cabhrach.
Is éard is ioncam teaghlaigh ann ná:
Ní thógtar an méid seo a leanas san áireamh nuair atá ioncam do theaghlaigh á ríomh:
Má tá sé i gceist agat níos mó ná €650 a íoc le conraitheoir, ní mór do do chonraitheoir a D(h)eimhniú Imréiteach Cánach a sheoladh isteach chuig an údarás áitiúil.
Beifear ag súil go gcuirfear tús leis an obair taobh istigh de 6 mhí tar éis duit faomhadh a fháil don deontas.
Is é an uasdheontas atá ar fáil ná €6,000 agus is féidir leis seo 100% de chostas na hoibre a chlúdach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.