Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Deontais agus scéimeanna tithíochta > Íasachtaí ón Údarás Áitiúil ar mhaithe le Feabhasucháin Tí

Print Page Send to a Friend

Íasachtaí ón Údarás Áitiúil ar mhaithe le Feabhasucháin Tí

Eolas

Tá iasachtaí ar fáil ón údarás áitiúil d'úinéirí tí a chónaíonn ina dtithe ar mhaithe le hobair riachtanach a dhéanamh leis an teach a fheabhsú, a dheisiú nó a mhéadú.

Tá faoiseamh ó cháin ar fáil ar an ús a íocann tú ar an iasacht sin.

Rialacha

D'fhéadfá a bheith i dteideal iasachta a fháil ón údarás áitiúil más féidir leat a chruthú gur theip ort iasacht a fháil ó bhanc nó ó chumann airgeadais agus:

  • Má theastaíonn feabhasucháin, deisiú nó píosa a chur leis an teach agus má shásaíonn tú scrúdú ar d'ioncam, nó
  • Má tá tú cláraithe ar liosta feithimh do theach leis an Údarás Áitiúil, nó
  • Más tionónta nó tionónta atá ag ceannacht thú ón údarás áitiúil agus go bhfuil sé i gceist agat teach príobháideach a cheannach agus do theach a thabhairt ar ais don údarás áitiúil.
  • tionónta le breis is bliain thú de theach atá curtha ar fáil ag cumann tithíochta faoin scéim Fordheontas Cíosa agus go bhfuil sé i gceist agat teach príobháideach a cheannach agus do theach a thabhairt ar ais don údarás áitiúil.

Baineann an scrúdú ioncaim leis an gcéad rannóg amháin; má thiteann tú faoin dara, tríú, nó ceathrú rannóg ní bhaineann an scrúdú ioncaim leat.

An scrúdú ioncaim

  • Teaghlach aon ioncam

Má bhí d'ollioncam (roimh cháin) sa bhliain chánach dheireanach cothrom le nó níos lú ná 38,600 euro beidh tú i dteideal na scéime.

  • Teaghlach dhá ioncam

Méadaigh ollioncam (roimh cháin) an tsaothraí is airde, sa bhliain chánach dheireanach faoi 2.5 agus cuir leis ollioncam an tsaothraí eile sa bhliain chánach dheireanach. Más 92,000 euro nó níos lú atá i gceist beidh tú i dteideal na scéime.

Rátaí

Seo a leanas na suimeanna is mó gur féidir a fháil ar iasacht:

  • 38,000 (nó 50,000 euro ar na hoileáin mhara)
  • 15,000 euro sa chás nach bhfuil aon mhorgáiste ann.

Conas Iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil leis an Údarás Áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 12 March 2009

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Comhúinéireacht
    Tugann an scéim seo deis do dhuine sciar de theach a cheannach ar dtús, agus an sciar a mhéadú de réir a chéile go dtí go bhfuil an teach ar fad ceannaithe. An fhad is go bhfuil sciar dhá cheannach tá úinéireacht an tí roinnte leis an údarás áitiúil.
  • An Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta
    Deontais atá ar fáil chun tithíocht do dhaoine breacaosta a fheabhsú, ionas gur féidir leis an áititheoir fanacht ina t(h)each féin chomh fada agus is féidir.
  • Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas
    Íoctar na deontais seo nuair atá athruithe riachtanacha le déanamh ar theach, chun é a oiriúnú ó thaobh cónaithe do dhuine faoi míchumas fisiciúil, céadfach nó meabhrach nó le fadhb sláinte intinne.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.