Riaráistí cíosa i dtithíocht údaráis áitiúil

Cad is riaráistí cíosa i dtithíocht údaaráis áitiúil?

Má tá do theach ar cíos agat ó údarás áitiúil, aontaíonn tú cíos seachtainiúil a íoc. Tá an cíos seo bunaithe ar ioncam do theaghlaigh agus ar do chumas íoc. Murar féidir leat an cíos a íoc, ar chúis ar bith, beidh riaráistí cíosa agat.

Cad ba cheart dom a dhéanamh murar féidir liom an cíos a íoc?

Murar féidir leat an cíos ar thithíocht d'údarás áitiúil a íoc, ba chóir duit labhairt le d'údarás áitiúil láithreach chun na riaráistí a phlé. Oibreoidh an t-údarás áitiúil leat chun teacht ar réiteach. Is féidir leo:

  • Laghdaigh do chíos má thagann laghdú ar d'ioncam, nó má thagann athrú ar do chúinsí. Mar shampla, má chaileann tú do phost, nó má bhogann duine fásta sa teaghlach amach.
  • Déan plean aisíocaíochta a chomhaontú leat. Ciallaíonn sé seo go n-íocfaidh tú méid áirithe de na riaráistí cíosa gach seachtain de bhreis ar do ghnáthchíos seachtainiúil.
  • Cuir tacaíocht ar fáil duit le fanacht i do theach trí chlár cothabhála tionóntachta. Tá an clár seo dírithe ar dhaoine a bhfuil riaráiste cíosa acu.
  • Laghdaigh do chíos má tá cúiseanna ar leith le déanamh amhlaidh. Mar shampla, is féidir leis an údarás áitiúil do chíos a laghdú má tá drochthionchar ag tosca sóisialta eisceachtúla ar do theaghlach a fhágann go bhfuil sé deacair dó feidhmiú nó an cíos a íoc, nó dá gcuirfeadh sé cruatan míchuí ar do theaghlach an cíos iomlán a íoc. Déantar soláthar don laghdú cíosa seo faoi chlásal cruatain.

Mura ndéanann tú socrú chun na riaráistí a íoc, d'fhéadfá do theach a chailleadh.

Cad a tharlóidh mura n-íocaim mo riaráistí cíosa?

Bíonn na húdaráis áitiúla cleachta le déileáil le sainchesiteanna riaráistí cíosa, mar sin má thiteann tú ar gcúl le d'íocaíóchtaí ba chóir duit teaghmháil a dhéanamh leo láithreach bonn chun iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach. Mura ndéanann tú teagmháil le d'údarás áitiúil maidir le do riaráistí, féadfaidh an t-údarás áitiúil tús a chur leis an bpróiseas chun tú a dhíshealbhú.

Ní féidir leis an údarás áitiúil tú a dhíshealbhú ach amháin má cheapann an Chúirt dúiche go bhfuil sé réasúnach é sin a dhéanamh sa cuinsí. Ní mór don údarás áitiúil fógra rabhaidh tionóntachta a sheoladh chugat maidir leis na riaráistí cíosa sula dtosaíonn sé an bpróiseas. Féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar an rabhadh tionóntachta. Mura n-íocann tú na riaráistí cíosa nó mura socraíonn tú plean aisíocaíochta, is féidir leis an údarás áitiúil tús a chur leis na himeachtaí chun seilbh a ghlacadh ar do theach.

Ma tá riaráistí cíosa agat, b'fhéidir nach mbeaidh tú in ann:

Má dhéantar tú a dhíshealbhú mar gheall ar riaráistí cíosa, is féidir nach nglacfar leat ar aon liosta tithíochta údaráis áitiúil arís.

Cé leis a rachaidh mé i dteagmháil má tá riaráiste cíosa agam?

Ba chaert duit dul i dteagmháil le Rannóg Tithíochta d'údarás áitiúil má tá aon fhadhb agat do chíos a íoc.

Is féidir leat dul i dteagmháil freisin leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (SBCA) chun comhairle a fháil faoi riaráistí cíosa. Is seirbhís rúnda saoir in asice é an SBCA do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu le bainistiú fiacha agus airgid.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 Iúil 2023