Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Deontais agus scéimeanna tithíochta > Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas

Print Page Send to a Friend

Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas

Eolas

Tá deontas oiriúnaithe tithe ar fáil nuair atá athruithe riachtanacha le déanamh ar theach, chun é a oiriúnú ó thaobh cónaithe do dhuine faoi mhíchumas fisiciúil, céadfach nó meabhrach nó le fadhb sláinte intinne.

Is féidir leis an deontas cabhrú leat chun athruithe agus oiriúnuithe a dhéanamh ar do theach, é a oiriúnú do chathaoir rotha mar shampla, chomh maith le síneadh a chur air chun breis spáis a chruthú, seomra folctha nó leithreas a chur isteach ar urlár na talún agus ardaitheoirí staighre. I gcásanna áirithe, bíonn soláthar teasa san áireamh faoi choinníollacha áirithe amháin, ach déan teagmháil le d'údarás áitiúil chun tuilleadh sonraí a fháil.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta ina ionad mura bhfuil i gceist ach mionobair, ach caithfidh tú an tástáil mhaoine a shásamh mar sin féin. Mura sásaíonn tú na teorainneacha ioncaim don Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Dheontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas.

Rialacha

Is féidir an deontas a íoc le daoine a bhfuil cónaí orthu sna cinéalacha tithe a leanas:

  • Tithíocht úinéir-áitithe
  • Tithe atá á gceannach ó údarás áitiúil faoin scéim cheannaigh ag tionóntaí
  • Cóiríocht atá ar cíos go príobháideach (is féidir le fad do thionóntachta tionchar a bheith aige ar fhaomhadh a fháil ar an deontas)
  • Cóiríocht atá curtha ar fáil faoi na scéimeanna tithíochta deonacha an Scéim Tacaíochta Caipitil agus an Scéim um Fhóirdheontais Cíosa
  • Cóiríocht atá áitithe ag daoine atá ina gcónaí in árais chomhchoiteanna

Tabharfar tús áite do do iarratas bunaithe ar riachtanas leighis. Tá 3 leibhéal tosaíochta ann:

  • Tosaíocht 1: Duine a bhfuil tinneas foirceanta ag dul dóibh nó atá cleithiúnach go hiomlán/príomha ar theaghlach nó cúramóir; nó sa chás go bhféadfaí duine a scaoileadh abhaile ón ospidéal nó an riachtanas maidie le hospidéalacht a mhaolú sa todhchaí.
  • Tosaíocht 2: Duine atá soghluaiste ach a bhfuil cúnamh de dhíth orthu ó thaobh níocháin, áiseanna leithris, seomra leapa srl.; nó má chuireann easpa athruithe/oiriúnuithe bac ar ábaltacht an duine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách.
  • Tosaíocht 3: Duine atá neamhspleách ach a bhfuil áiseanna speisialta de dhíth orthu lena c(h)aighdeán maireachtála a fheabhsú, seomra leapa nó spás maireachtála ar leith.

Nuair a fhaigheann an t-údarás áitiúil d'iarratas, is féidir go n-iarrfadh sé measúnú ó Theiripeoir Saothair (TS). Is féidir leis an údarás áitiúil measúnú TS a eagrú, ach faoin deontas nua is féidir leat TS a fhostú chun measúnú a dhéanamh, agus suas le €200 forchúiteamh a fháil mar chuid den deontas iomlán suas go dtí an uasmhéid atá tú i dteideal a fháil.

Tástáil mhaoine

Is deontas a bhfuil tástáil mhaoine i gceist leis é an Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas. Ciallaíonn sé seo go ndéantar measúnú ar d'ioncam teaghlaigh iomlán chun a fháil amach an bhfuil tú incháilithe don deontas, agus má tá, ag cén leibhéal cabhrach.

Is éard is ioncam teaghlaigh ann ná:

  • ollioncam bliantúil an úinéara réadmhaoine (an tionónta i gcás áitreabh príobháideach ar cíos) agus an céile/páirtí sa bhliain cíosa roimhe sin.

Ní thógtar an méid seo a leanas san áireamh nuair atá ioncam do theaghlaigh á ríomh:


Imréiteach cánach

Má fhaigheann tú deontas níos mó ná €10,000, caithfidh Deimhniú Imréiteach Cánach bailí a bheith agat. Má tá sé i gceist agat níos mó ná €650 a íoc le conraitheoir, ní mór dod' chonraitheoir a D(h)eimhniú Imréiteach Cánach a sheoladh isteach chuig an údarás áitiúil.

Tús a chur leis an obair chun do theach a oiriúnú

íocfar an deontas má thosaítear ar an obair sula ndéantar an deontas a fhaomhadh. Beifear ag súil go gcuirfear tús leis an obair taobh istigh de 6 mhí tar éis duit faomhadh a fháil don deontas.

Rataí

Tabharfar tús áite do dhaoine bunaithe ar chúiseanna leighis. Má tá d'ioncam teaghlaigh níos lú ná €30,000, d'fhéadfá a bheith incháilithe do 95% de chostas na n-oibreacha (suas go dtí an uasdheontas de €30,000). Laghdófar céatadán na gcostas a fhaigheann cúnamh deontais ó 95% go 30% nuair atá ioncam an teaghlaigh idir €54,001 agus €65,000.

Murar féidir leat iasacht a fháil ó bhanc nó cumann foirgníochta leis na costais nach gclúdaíonn an deontas a íoc, d'fhéadfá iarratas a dhéanamh ar iasacht feabhsaithe tí an údaráis áitiúil. Má tá do theach tógtha le níos lú ná bliain amháin, ní bheidh méid an deontais níos mó ná €14,500 go ginearálta.

Más tionónta údaráis áitiúil tú, clúdóidh an t-údarás áitiúil costas iomlán na n-oibreacha.

Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas (tithe atá tógtha le níos lú ná 12 mí):

Ioncam bliantúil teaghlaigh uasta % de chostais Uasdheontas
Suas le €30,000 95% €30,000
€30,000 - €34,000 90% €27,000
€34,001 - €38,000 80% €24,000
€38,001 - €42,000 70% €21,000
€42,001 - €46,000 60% €18,000
€46,001 - €50,000 50% €15,000
€50,001 - €54,000 40% €12,000
€54,001 - €65,000 30% €9,000
Os cionn €65,000 Níl deontas iníoctha


Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas (tithe atá tógtha le níos lú ná 12 mí):

Ioncam bliantúil teaghlaigh uasta % de chostais Uasdheontas
Suas le €30,000 95% €14,500
€30,000 - €34,000 90% €13,050
€34,001 - €38,000 80% €11,600
€38,001 - €42,000 70% €10,150
€42,001 - €46,000 60% €8,700
€46,001 - €50,000 50% €7,250
€50,001 - €54,000 40% €5,800
€54,001 - €65,000 30% €4,350
Os cionn €65,000 Níl deontas iníoctha

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Rannóg Tithíochta d'údarás áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 October 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.