Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Deontais agus scéimeanna tithíochta > Scéim um Choigilt Fuinnimh Tí

Print Page Send to a Friend

Scéim um Choigilt Fuinnimh Tí

Réamhrá

Soláthraíonn an Scéim um Choigilt Fuinnimh Tí deontais d’úinéirí tí áirithe chun éifeachtacht fuinnimh a fheabhsú ina gcuid tithe. Is féidir le tiarnaí talún agus úinéirí a bhfuil níos mó ná teach amháin iarratas a dhéanamh ar dheontas faoin scéim freisin. Is é Údarás Fuinneamh Inmharthana Éireann (ÚFIÉ) a dhéanann riarachán ar an scéim.

Is féidir deontas a fháil don obair seo a leanas a bhaineann le coigilt fuinnimh:

  • Insliú don díon
  • Insliú balla - mar shampla, balla cuasach, tirimlíneáil inmheánach nó insliú seachtrach
  • Athsholáthar ar choire ardéifeachtachta (níos mó ná éifeachtacht 90%) lena n-áirítear uasghrádú ar rialtáin teasa
  • Uasghrádú ar rialtáin teasa
  • Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh (BER) – má dhéantar BER roimh an obair choigilte fuinnimh agus ina dhiaidh.

Ní thabharfaidh ÚFIÉ maoiniú ar fáil ach amháin maidir le huasghrádú ar rialtáin teasa a bhfuil feidhmeanna áirithe acu.

Conas fáil amach an mbainfeadh do theach leas as obair choigilte fuinnimh

Is féidir leat Féinsuirbhé Baile (pdf) a dhéanamh chun réimsí a aithint i do theach a bhféadfaí feabhas a chur orthu chun éifeachtacht fuinnimh a fheabhsú.

Is féidir leat Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh (BER) a dhéanamh freisin. Déanfaidh measúnóir BER rátáil fuinnimh ar do theach agus tabharfaidh sé/sí tuairisc chomhairleach duit, a chabhróidh leat réimsí a aithint atá le feabhsú chun éifeachtacht fuinnimh a mhéadú.

Rialacha

Caithfidh tú an deontas a bheith ceadaithe duit sula gceannaíonn tú ábhar nó sula gcuireann tú tús le hobair choigilte fuinnimh ar bith atá ag fáil deontais. Má tá tús curtha agat le hobair cheana féin, ní bheidh tú incháilithe do dheontas.

Mar sin féin, is féidir an obair roimh BER a dhéanamh sula gceadaítear deontas agus d’fhéadfadh a leithéid a bheith úsáideach mura bhfuil tú cinnte faoi roghanna coigilte fuinnimh nó cad atá le déanamh i dtús báire. Chun deontas a fháil i dtreo chostais BER, caithfidh tú BER a fháil déanta roimh an obair choigilte fuinnimh agus ina dhiaidh.

Le bheith incháilithe do dheontas caithfidh tú:

  • A bheith mar úinéir teaghaise a tógadh roimh 2006
  • Caithfidh tú conraitheoir a úsáid ó liosta cláraithe ÚFIÉ
  • Measúnóir BER ó liosta cláraithe ÚFIÉ a úsáid, má tá BER á fháil agat
  • Iarratas a dhéanamh ar íosmhéid €500 leis an gcéad iarratas. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar roinnt deontas faoin scéim leis an íosmhéid iarratais de €500 a bhaint amach, ach ní féidir le deontas BER a bheith mar chuid den tsuim sin.

Ní bhronnfar deontas ort má tá:

  • Do chéad iarratas ar dheontas níos lú ná €500
  • Do choire reatha á athsholáthar agat le coire éifeachtachta coitianta a bhfuil níos lú ná 90% éifeachtacht ag baint leis
  • Athsholáthar déanta ar an gcoire, ach gan athsholáthar ar bith déanta ar na rialtáin teasa
  • An obair mar chuid d’íocaíocht ar bith a fuarthas faoin scéim phíolótach CFT - féach thíos.

Scéim Phíolótach um Choigilt Fuinnimh Tí (CFT)

Tá deireadh anois leis an scéim phíolótach CFT. Má fuair tú deontas faoin scéim phíolótach CFT, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas faoin Scéim um Choigilt Fuinnimh, ach ní féidir leis an obair a bheith mar chuid d’íocaíocht ar bith a fuarthas faoin scéim phíolótach CFT. Lena chois sin, caithfidh tú na critéir incháilithe a shásamh maidir leis an Scéim um Choigilt Fuinnimh.

Cead pleanála

Ba chóir duit seiceáil leis an údarás áitiúil chun fáil amach an bhfuil cead pleanála ag teastáil leis an obair a chur i gcrích. Go ginearálta, ní bheidh cead pleanála ag teastáil le haghaidh obair áirithe a fhaigheann cúnamh deontais faoin scéim ach amháin i gcás insliú an bhalla seachtraigh.

D’fhéadfadh cead pleanála a bheith ag teastáil maidir le hinsliú an bhalla seachtraigh. Beidh an riachtanas maidir le cead pleanála ag brath ar roinnt rudaí, mar shampla, cibé an mbeidh tionchar ar chuma seachtrach an fhoirgnimh nó cibé an struchtúr atá faoi chosaint an foirgneamh. Déan teagmháil le d’údarás áitiúil chun fáil amach an bhfuil cead pleanála ag teastáil maidir le hinsliú an bhalla seachtraigh.

Rataí

Íoctar deontais tar éis don obair a bheith curtha i gcrích agus conraitheoir a bheith íoctha agat.

Bíonn iarratais a fhaightear ó oileáin ar leith amach ón gcósta incháilithe do 50% breise de chúnamh deontais.

Má bhíonn costas na hoibre (lena n-áirítear CBL) níos lú ná uasmhéid an deontais, gheobhaidh tú deontas do chostas iarbhír na hoibre.

Beart Deontas
Insliú don díon €250
Insliú an bhalla cuasaigh €400
Tirimlíneáil an bhalla inmheánaigh €2,500
Insliú an bhalla seachtraigh €4,000
Coire ardéifeachtachta (níos mó ná 90% éifeachtachta) gáis nó ola le huasghrádú ar rialtáin teasa €700
Uasghrádú ar rialtáin teasa €500
Measúnú BER roimh an obair agus ina dhiaidh €200

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Scéim um Choigilt Fuinnimh Tí

Údarás Fuinneamh Inmharthana Éireann
Bosca P.O. 119
Cathair Saidhbhín
Ciarraí
Éire

Lóghlao:1850 927 000
Láithreán Gréasáin: http://www.seai.ie/
R-phost: hes@seai.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 August 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An Scéim um Thithe Níos Teo
    Díríonn an scéim ar éifeachtacht fuinnimh agus teocht na dtithe ina bhfuil daoine ar ioncam íseal ina gcónaí a fheabhsú.
  • Scéim um Thithe Níos Glaise
    Deontais chun cabhrú le húinéirí tí córais téimh tí nua a cheannach a bhaineann úsáid a foinsí in-athnuaite fuinnimh, mar shampla, fuinneamh gréine agus córais bhithmhaise.
  • Tithe do Dhaoine Aosta
    Cur síos atá anseo ar na scéimeanna speisialta deontais tithe agus deontais feabhsúcháin tí do dhaoine aosta agus do dhaoine le míchumais.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.