Cuireann an Scéim um Thithe Níos Glaise deontais ar fáil chun cabhrú le húinéirí tí córas téimh tí a bhaineann úsáid as foinse fuinnimh in-athnuaite a cheannach. Is iad Údarás Fuinneamh Inmharthana Éireann (ÚFIÉ) a dhéanann riarachán ar an scéim.
Tá clár nua uasghrádú náisiúnta a tugadh Better Energy seolta i mBealtaine 2011. Faoin chlár Better Energy
Tá an Scéim um Thithe Níos Glaise dúnta d' iarratasóirí nua ó 10 Bealtaine 2011.
De bhreis, tá sé molta san Acht Airgeadais 2011 scéim nua faoiseamh cánach maidir le hoibreacha éifeachtúil fuinnimh. Áfach níl an fhoráil i bhfeidhm fós.
Is éard is fuinneamh in-athnuaite ann ná fuinneamh a ghintear ó fhoinsí ar féidir leis an domhan leanúint ar aghaidh de bheith dá gcur ar fáil gan chríoch. Is samplaí d'fhuinneamh in-athnuaite iad:
Is rud inbhuanaithe é fuinneamh in-athnuaite mar gheall nach ndéanann sé dochar don timpeallacht. Trí úsáid a bhaint as fuinneamh in-athnuaite i gcórais téimh tí ní bheidh Éire ag brath chomh mór sin ar ola, gás agus breoslaí iontaise eile agus laghdófar astuithe CO2 freisin.
Go ginearálta bíonn córais téimh tí a bhaineann úsáid as fuinneamh in-athnuaite níos costasaí le cur isteach ná córais téimh eile. Is í an aidhm atá leis an Scéim um Thithe Níos Glaise ná cabhrú le húinéirí tí córais téimh le fuinneamh in-athnuaite a chur isteach agus a úsáid trí dheontais a sholáthar chun iad a chur isteach.
Is féidir le córais téimh a bhaineann úsáid as fuinneamh in-athnuaite a bheith níos costasaí le cur isteach ach is féidir leo a bheith níos saoire le rith.
Tá leabhrán curtha amach ag ÚFIÉ ar Conas
do theach a dhéanamh níos éifeachtaí ó thaobh fuinnimh de (pdf)
(Béarla) a mhíníonn duit conas is féidir leat airgead a shábháil trí
do theach a dhéanamh níos éifeachtaí ó thaobh fuinneamh de. Leigh
tuilleadhmaidir le leideanna coigilte
fuinnimh dod' theach.
Ní féidir le ÚFIÉ glacadh le d'iarratas ar dheontas má tá sé i gceist agat feisteoir nó trealamh nach bhfuil ar na liostaí faofa atá acu a úsáid. Má tá tú ag cur isteach ar dheontas agus nach bhfuil an feisteoir atá roghnaithe agat ar an liosta faofa, ansin caithfidh tú iarradh orthu a gcuid sonraí a chur isteach chuig ÚFIÉ i gcomhair faomhadh sula ndéanfaidh tú iarratas ar dheontas. Ar an gcuma céanna má tá tú ag cur isteach ar dheontas agus nach bhfuil an córas téimh atá roghnaithe agat ar an liosta, ansin caithfidh do sholáthraí sonraí an táirge a chur isteach agus caithfidh sé a bheith ar an liosta sular féidir le ÚFIÉ glacadh le d'iarratas ar dheontas.
Soláthraíonn ÚFIÉ treoir phraiticiúil do cheannaitheoirí ar cheisteanna cosúil leis an gcóras ceart a roghnú agus an táirge is fearr a fháil.
Tá an Scéim um Thithe Níos Glaise dúnta d' iarratasóirí nua ó 10 Bealtaine 2011.
Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas fuinnimh gréine faoin Scéim um Thithe Fuinnimh Níos Fearr.
Údarás Fuinneamh Inmharthana Éireann
Lárionad Gnó Fhionnúrach
Dún Dealgan
Lú
Éire
Lóghlao:1850 734 734
Facs:(042) 939 1501
Láithreán Gréasáin: http://www.seai.ie
R-phost: greenerhomes@seai.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.