Anseo atá tú: Baile > Tithíocht > Deontais agus scéimeanna tithíochta > Deontais Tithíochta sa nGaeltacht

Print Page Send to a Friend

Deontais Tithíochta sa nGaeltacht

Eolas

Tá deontais ar fáil d'iarratasóirí cáilithe i gceantair Ghaeltachta le tithe nua a thógáil agus le feabhas a chur ar thithe áirithe atá tógtha cheana. Cuireadh an scéim ar fionraí ón 7 Aibreán 2009 go dtí go bhfógrófar a mhalairt, chun coigiltis a chur i gcrích.

Tá na ceantair cháilithe sna contaetha seo a leanas:

  • Dún na nGall
  • Maigh Eo
  • Gaillimh
  • Ciarraí
  • Corcaigh
  • Port Láirge
  • An Mhí (Rath Cairn agus Baile Ghib)

Tá deontais le fáil freisin ar oileáin áirithe amach ó na contaetha seo a leanas:

  • Gaillimh (Oileáin Árainn agus oileáin eile)
  • Maigh Eo (Inis Tuirc)
  • Dún na nGall (Toraigh, Árainn Mhór agus oileáin eile)
  • Corcaigh (cuid de Oileán Cléire).

Rialacha

Deontais le haghaidh tithe nua

Má tá tú ag iarraidh deontais le teach nua a dhéanamh caithfidh sé gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga do theaghlaigh. Ní gá bheith i do chónaí sa nGaeltacht fhad is atá do theach nua á dhéanamh. Ach ní íocfar an deontas go dtí go mbeidh tú féin is do theaghlach in bhur gcónaí go buan sa teach nua. Caithfidh sé gurb é do chéad theach sa nGaeltacht é agus nach teach ón údarás áitiúil é.

N.B. Cuireadh an scéim ar fionraí ón 7 Aibreán 2009 go dtí go bhfógrófar a mhalairt, chun coigiltis a chur i gcrích.

Deontais do thithe atá ann cheana

Má tá tú ag iarraidh feabhas a chur ar do theach, caithfidh sé gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga do theaghlaigh agus gur sa nGaeltacht atá tú i do chónaí. Má tá tú ag brath teach a cheannach nó má tá teach ceannaithe agat cheana ón údarás áitiúil, ní bheidh tú i dteideal deontas a fháil go dtí go mbeidh an ceannach críochnaithe amach uilig agus tú cláraithe mar úinéir le Clárlann na Talún

Rataí

Cuireadh an scéim ar fionraí ón 7 Aibreán 2009 go dtí go bhfógrófar a mhalairt, chun coigiltis a chur i gcrích.

Seo a leanas na huasrátaí atá ar fáil.

Deontais le haghaidh tithe nua

Deontais le haghaidh tithe ar an mórthír: €5,100

Deontais le haghaidh tithe ar oileáin ainmnithe: €15,300

Deontais le haghaidh tithe atá ann cheana

Tithe ar an mórthír

Deontais do chóiriúchán riachtanach: €5,100

Soláthar uisce: €2,420

Córas séarachais: €1,040

Seomra folctha: €1,560

Córais sláinteachais sa teach a fheabhsú: €640

Seomraí breise do chuairteoirí: €1,280 an seomra, gan dul thar trí sheomra

Ceann tuí a athnuachan: €7,000

Tithe ar oileáin ainmnithe

Deontais do dheisiúcháin riachtanacha: €15,300

Soláthar uisce: €3,630

Córas séarachais: €1,560

Seomra folctha: €2,340

Córais sláinteachais sa teach a fheabhsú: €960

Seomraí breise do chuairteoirí: €1,920 an seomra gan dul thar trí sheomra

Ceann tuí a athnuachan: €10,500

Conas iarratas a dhéanamh

N.B. Cuireadh an scéim ar fionraí ón 7 Aibreán 2009 go dtí go bhfógrófar a mhalairt, chun coigiltis a chur i gcrích.

Tá tuilleadh eolais le fáil ón Roinn Ealaion, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag an seoladh thíos.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 631 3800
Lóghlao:1890 383 000
Láithreán Gréasáin: http://www.ahg.gov.ie/
R-phost: customer.service@ahg.gov.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 October 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Supplementary Budget 2009
    A supplementary budget was announced on 7 April, 2009. Summary of the main changes.
  • Budget 2009
    Budget 2009 was announced on 14 October 2008. Summary of the main changes.
  • Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta
    Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.