Deontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine faoi Mhíchumas
Íoctar na deontais seo nuair atá athruithe riachtanacha le déanamh ar theach, chun é a oiriúnú ó thaobh cónaithe do dhuine faoi míchumas fisiciúil, céadfach nó meabhrach nó le fadhb sláinte intinne.
An Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta
Deontais atá ar fáil chun tithíocht do dhaoine breacaosta a fheabhsú, ionas gur féidir leis an áititheoir fanacht ina t(h)each féin chomh fada agus is féidir.
An Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta
Tugann an scéim seo cabhair do dhaoine níos sine leis na costais a bhaineann le deisiúcháin riachtanacha agus le cothabháil a gcuid dtithe a chlúdach.
Deontais Tithíochta sa nGaeltacht
Bíonn deontais ar fáil in Éirinn do chónaitheoirí na Gaeltachta ar mian leo teach nua a thógáil nó teach atá ann a uasghrádú.
Obair Fheabhasucháin in áit Tí ón Údarás Áitiúil
Tríd an scéim seo is féidir le hÚdaráis Áitiúla tithe príobháideacha a fheabhsú nó a mhéadú in áit tithe a chur ar fáil.
Íasachtaí ón Údarás Áitiúil ar mhaithe le Feabhsucháin
Tí
Tá iasachtaí ar fáil ón údarás áitiúil d'úinéirí tí ar mhaithe le hobair riachtanach a dhéanamh leis an teach a fheabhsú, a dheisiú nó a mhéadú.
Tithe do Dhaoine Aosta
Cur síos atá anseo ar na scéimeanna speisialta deontais tithe agus deontais feabhsúcháin tí do dhaoine aosta agus do dhaoine le míchumais.
Scéim um Choigilt Fuinnimh Tí
Soláthraíonn an scéim deontais chun cabhrú leat éifeachtacht fuinnimh an tí a mhéadú, lena n-áirítear deontais le haghaidh insliú tí.
Scéim um Thithe Níos Glaise
Deontais chun cabhrú le húinéirí tí córais téimh tí nua a cheannach a bhaineann úsáid a foinsí in-athnuaite fuinnimh, mar shampla, fuinneamh gréine agus córais bhithmhaise.
An Scéim um Thithe Níos Teo
Díríonn an scéim ar éifeachtacht fuinnimh agus teocht na dtithe ina bhfuil daoine ar ioncam íseal ina gcónaí a fheabhsú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.