Teach a oiriúnú do dhuine breacaosta nó do dhuine faoi mhíchumas

Conas is féidir liom mo theach a oiriúnú?

Tharlódh go mbeadh gá ann do theach a oiriúnú de réir mar a éiríonn tú níos sine chun gur féidir leat cónaí ann. Ina theannta sin, d’fhéadfadh go mbeadh ort do theach a oiriúnú má tá tú féin nó ball den teaghlach faoi mhíchumas.

I measc na ngnáthathruithe a dhéantar ar theach le háit chónaithe oiriúnach a dhéanamh de do dhuine faoi mhíchumas nó ag a bhfuil soghluaiseacht theoranta, tá iad seo a leanas:

  • Doirse agus pasáistí a leathnú
  • Lasca solais, hanlaí doras, cloig dhorais agus gutháin iontrála a bhogadh go dtí airdí áisiúla
  • Greimráillí a chur in airde mar thaca
  • Áiseanna seomra folctha a oiriúnú (mar shampla, folcadán a bhaint agus cithfholcadán boinn leibhéalta a shuiteáil)
  • Áiseanna an tseomra folctha nó an tseomra leapa a aistriú go hurlár na talún
  • Rampaí a shuiteáil le húsáid céimeanna a sheachaint
  • A chinntiú go bhfuil dromchla daingean cothrom ag bealaí isteach, ar nós cosán nó cabhsán
  • Cathaoir staighre nó ardaitheoir tré-urláir a shuiteáil
  • Troscán speisialaithe, ar nós leaba insocraithe nó cathaoireacha ardtacaíochta a fháil
  • Gléasanna foláirimh a shuiteáil do dhuine bodhar nó lagéisteachta

I gcás tine nó éigeandáil eile, tá sé tábhachtach go mbíonn rochtain i gcónaí ar bhealaí amach agus nach mbraitear go hiomlán ar mheáin mheicniúla (ar nós ardaitheora) chun an áit chónaithe a fhágáil.

Pleanáil a dhéanamh chun do theacha oiriúnú

Sula ndéanann tú athruithe ar do theach, ba cheart duit dul i gcomhairle le teiripeoir saothair (TS) a dhéanfaidh do riachtanais laethúla mhaireachtála a mheas agus a chuirfidh comhairle ort faoi na hoiriúnuithe atá le déanamh ar do theach. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le TS tríd an rannóg cúraim pobail i d’Oifig Sláinte Áitiúil.

De rogha air sin, d’fhéadfadh gur mhian leat TS a fhostú go príobháideach, de bharr go bhféadfadh liosta feithimh bheith ann do sheirbhís phoiblí TS. Foilsíonn Cumann Teiripeoirí Saothair na hÉireann (CTSÉ) liosta TSanna i gcleachtas príobháideach, agus má fhaigheann tú deontas do na hoiriúnuithe, d’fhéadfá bheith in ann aisíocaíocht a fháil ar roinnt de na costais lena mbaineann TS a fhostú.

Sa mhullach air sin, is féidir le gairmithe eile sláinte, ar nós altraí sláinte poiblí agus fisiteiripeoirí, comhairle a chur ort maidir le saintrealamh agus oiriúnuithe sa bhaile, bunaithe ar do riachtanais ghearrthréimhseacha agus fhadtréimhseacha araon.

Is féidir le Comhordaitheoir ar Thithe Aoisbháúla Folláin faisnéis agus comhairle a thabhairt freisin maidir le:

  • Maireachtáil go neamhspleách
  • Do theach a chur in oiriúint
  • Bogadh go dtí teach nua atá níos oiriúnaí do do riachtanais

Tá an tionscnamh seo á thabhairt isteach go píolótach i roinnt údaráis áitiúla. Féach an Clár Tithe Aoisbháúla Folláin chun teacht ar eolas breise.

Más gá duit struchtúr nó seomra breise a chur leis an teach, d’fhéadfadh go mbeadh ort cur isteach ar chead pleanála.

Tacaíochtaí airgeadais chun do theach a oiriúnú

D’fhéadfadh do theach a oiriúnú bheith costasach, go háirithe má bhíonn athrú struchtúrtha i gceist. Is ann do roinnt bealaí leis an ualach airgeadais a laghdú:

  • D'fhéadfá bheith i dteideal Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas a ndéantar tástáil mhaoine ina leith a fháil. Is é an deontas uasta €30,000.
  • I gcás oiriúnuithe níos lú, ar nós greimráillí, lámhráillí seachtracha nó cathaoir staighre, cuireann Scéim Deontais na nÁiseanna Soghluaisteachta (a ndéantar tástáil mhaoine ina leith freisin) deontas uasta €6,000 ar fáil.
  • Úsáidtear an Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta chun bail tí duine bhreacaosta a fheabhsú. Braitheann an cineál oibre a chuimsítear ar d’údarás áitiúil agus féadtar deisiúcháin struchtúrtha, athshreangú agus uasghrádaithe ar chórais téimh a áireamh leis. Chun teacht ar eolas ar an méid a chuimsítear i do cheantar, déan teagmháil le d'údarás áitiúil.
  • B'fhéidir go gcáileofar thú d’iasacht feabhsúcháin tí ón údarás áitiúil le do theach a fheabhsú, a dheisiú nó le síneadh a chur leis.
  • Má tá cárta leighis nó cárta breoiteachta fadtéarmaí agat, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal earraí riachtanacha trealaimh a fháil saor in aisce. Ar an gcéad dul síos, ní mór go ndéanfaidh gairmí cuí, ar nós teiripeoir saothair nó fisiteiripeora, tástáil ort.
  • Má tá airgead á íoc agat ar threalamh a theastaíonn ó dhuine atá faoi mhíchumas, d’fhéadfá bheith in ann aisíocaíocht CBL a éileamh.
  • Ag brath ar an obair atá á déanamh, d’fhéadfá a bheith incháilithe don Scéim Fuinneamh Níos Fearr, Tithe Níos Teo nó an Scéim Tithe Fuinnimh Níos Fearr.

Ba cheart duit a sheiceáil an bhfuil tú incháilithe do na scéimeanna thuas, agus iarratas a dhéanamh ansin agus faomhadh a fháil sula gcuireann tú tús le haon obair. Ba cheart duit a sheiceáil freisin conas a dhéanann na scéimeanna nó na deontais éagsúla idirghníomhú lena chéile.

Tuilleadh eolais faoi conas do theach a oiriúnú

Foilsíonn the Disabled Living Foundation (DLF) sa Ríocht Aontaithe bileoga eolais ar roinnt den trealamh atá ar fáil chun cabhrú le maireachtáil laethúil. Soláthraíonn na bileoga seo comhairle faoi do theach a chur in oiriúint agus eolas ar threalamh maireachtála laethúil amhail gnéithe ba chóir a lorg le linn trealamh a roghnú.

Cuireann láithreán gréasáin Tithe Aoisbháúla eolas ar fáil do dhaoine breacaosta ar thithíocht. Áirítear leis eolas maidir le teach reatha a chur in oiriúint, tithe inrochtana nua, deontais tithíochta, dearadh tí chomh maith le beartas agus taighde tithíochta.

Má tá lagú amhairc agat, má tá tú bodhar nó má tá lagéisteacht agat, cuireann eagraíochtaí ar nós Vision Ireland (tugadh Chomhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill in Éirinn agus Chime, an Carthanas Náisiúnta um Bodhaire air roimhe seo) agus Caillteanas Éisteachta (tugadh DeafHear.ie air roimhe seo) comhairle ar fáil faoin méid is féidir leat a dhéanamh chun áit níos sábháilte agus níos oiriúnaí a dhéanamh de do theach.

Cuireann Aoisghníomhaíocht seirbhísí, tacaíocht, comhairle agus eolas ar fáil go sonrach do dhaoine breacaosta.

Is féidir le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann eolas agus comhairle a sholáthar ar athruithe a dhéanamh le do theach a dhéanamh níos inrochtana do chathaoir rothaí. D’fhoilsigh CCR Treoirlínte maidir le Dea-Chleachtas Rochtana: Timpeallachtaí Inrochtana a Dhearadh, ina bhfuil sonraí teicniúla faoi conas timpeallacht inrochtana a thógáil nó a chruthú.

Chuir an tÚdarás Náisiúnta Míchumais sraith treoirlínte i dtoll i chéile freisin maidir le inrochtaineacht, dar teideal Tógáil do Chách (Building for Everyone). Léiríonn na treoirlínte seo conas is féidir foirgnimh a dhearadh, a thógáil agus a bhainistiú ionas go mbíonn rochtain ag cách orthu.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Feabhra 2024