Cuireann an Scéim Chúraim Máithreachais agus Naíonán clár socraithe cúraim ar fáil do gach bean atá ag iompar clainne agus a bhíonn ina gnáthchónaí in Éirinn. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil ag do rogha gnáthdhochtúir agus cnáimhseoir ospidéil. Tá tú i dteideal an tseirbhís seo a fháil fiú muna bhfuil cárta leighis agat. Tá comhaontú ag an gcuid is mó LG le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na seirbhísí seo a sholáthar; ní gá dóibh a bheith mar chuid den chóras LG agus cártaí leighis. Soláthraíonn an Scéim do dhá chuairt iar-bheireatais chuig an ghnáthdhochtúir freisin.
Cuireann do rogha dochtúra agus cnáimhseoir ospidéil an cóir leighis seo ar fáil.
Déanann an LG an chéad scrúdú, más féidir roimh 12 seachtain den toircheas a bheith caite, agus bíonn 6 scrúdú eile le linn an toirchis, gach re ceann ag an ionad máithreachais/ospidéal. Is féidir le do ghnáthdhochtúir agus/nó do chnáimhseoir ospidéil an sceideal cuairteanna a athrú ag brath ar do staid phearsanta.
Má bhíonn tinneas nach beag ar an mbean mar shampla, diabaetas nó brú fola ard, d'fhéadfadh suas le 5 chuairt breise ar an LG a bheith curtha ar fáil.
Ní cuid den Scéim é cúram le haghaidh breoiteachtaí a tharlaíonn ar aon am le do thoircheas, ach nach bhfuil bainte leis.
Tar éis na breithe déanfaidh an LG scrúdú ar an leanbh ag coicís agus ar an máthair agus ar an leanbh ag 6 seachtain.
Tá seirbhísí ospidéil phoiblí mar othar cónaitheach agus othar seachtrach ar fáil saor in aisce don mháthair maidir leis an toircheas agus leis an mbreith agus ní thiteann aon chuid de na táillí ospidéil uirthi.
Cuireann an LG a raibh an mháthair ag freastal air/uirthi cúram ar fáil don leanbh nua freisin. Bíonn dhá scrúdú forbartha i gceist sa chéad 6 seachtain tar éis na breithe atá saor in aisce.
Ní bheidh an leanbh i dteideal seirbhísí eile a fháil saor in aisce ón LG muna bhfuil cárta leighis ag an leanbh féin. Ciallaíonn sé seo go gcaifear íoc as pé cuairt ar an LG, seachas an dá scrúdú forbartha, muna bhfuil cárta leighis ag an leanbh féin, más sa chéad 6 seachtain tar éis na breithe nó níos déanaí a tharlaíonn na cuairteanna.
Má tá cárta leighis agat féin, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar chárta don leanbh chomh luath agus a fhaigheann tú uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) dó/di. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta leighis don leanbh trí ghlaoch gutháin a chur ar an Oifig Sláinte Áitiúil. Ní bheidh tú ábalta seirbhísí LG a fháil saor in aisce munar féidir leat cárta leighis an linbh a thaispeáint.
Tugann an t-altra sláinte poiblí cuairt ar an máthair agus ar an leanbh sa bhaile sa chéad 6 seachtain.
Más san ospidéal a saoltar an leanbh go hiondúil déantar scagthástáil do easláinte áirithe (tastáil Guthrie nó an tastáil phrioctha sáile) ann. Más sa bhaile a saoltar an leanbh is féidir leis an LG an tastáil a dhéanamh. De rogha air sin, is féidir é a dhéanamh i rannóg na n-othar seachtrach in ospidéal. Ní mór do thuismitheoirí an linbh cead a thabhairt an tastáil seo a dhéanamh.
Ba cheart go mbeadh na foirmeacha cuí iarratais ar sheirbhísí faoin Scéim um Chúram Máithreachais agus Naíonán ag an LG. Seol an fhoirm chuig an Oifig Sláinte Áitiúil.
Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an altra sláinte poiblí ag an ionad áitiúil sláinte le heolas a fháil maidir le ranganna réamhbheireatais atá ar fáil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.