Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte na mBan > Cóir don thorthúlacht

Print Page Send to a Friend

Cóir don thorthúlacht

Eolas

Ní chuireann na seirbhísí sláinte poiblí seirbhísí Atáirgthe Dhaonna Chuidithe (lena n áirítear Toirchiú In Vitro nó IVF) ar fáil. Níl na seirbhísí a chuirtear ar fáil faoi réir ag rialú reachtach i láthair na huaire. Is é sin le rá, níl dlí ar bith ann ag rialú soláthar na seirbhísí seo. Tá an cleachtas míochaine maidir le Seirbhísí Atáirgthe Dhaonna Chuidithe á rialú ag treoirlínte eisithe ag Comhairle na nDochtúirí Leighis.

Tá Toirchiú In Vitro (IVF) ar fáil (go pointe áirithe) ó lianna comhairleacha príobháideacha agus i gclinicí príobháideacha.

Rialacha

Níl an toirchiú in vitro ar fáil ó na seirbhísí sláinte poiblí agus níl fáil forleathan ar an tseirbhís in Éirinn. Níl aon dlí a chuireann cosc ar thoirchiú in vitro ach níl aon dlí ann leis an tseirbhís a rialú ach an oiread. Is féidir leis an LG duine a chur ar aghaidh chuig saineolaithe agus clinicí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís.

Tá treoirlínte ag Comhairle na nDochtúirí Leighis a leagann amach na coinníollacha faoina bheadh sé eiticiúil ag dochtúirí cóireáil toirchithe in vitro a chur ar fáil. Bunaíodh Coimisiún um Atáirgeadh Daonna Cuidithe i 2000 le tuarascáil a ullmhú faoin mbealach a bhféadfaí atáirgeadh daonna cuidithe a rialú. Críochnóidh an Coimisiún a chuid oibre i 2005. Is ar bhunús na moltaí seo a chuirfear daoine ar an eolas sa díospóireacht phoiblí sula nglacfar le moltaí maidir le polasaí. Tá an tuarascáil an Choimisiúin ar fáil anseo.

I mBealtaine 2005, chuir an tAire Sláinte an Tuarascáil faoi bhráid Chomhchoiste um Shláinte agus Leanaí an Oireachtais le breithniú. Beidh a mholtaí mar bhonn chun eolas a thabhairt don díospóireacht phoiblí sula gcuirfear moladh beartais ar bith i gcrích.

Faoiseamh cánach agus cóireáil toirchithe

Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh maidir leis na costais a bhaineann le cóireáil toirchithe in vitro mar chuid den scéim um fhaoiseamh cánach i leith costais leighis. Áirítear na drugaí a úsáidtear mar chuid de chóireáil torthúlachta mar drugaí atá clúdaithe ag anScéim um Íocaíochtaí Drugaí. Faoin scéim seo ní bhíonn ar dhuine aonair nó ar theaghlach níos mó ná €132 a chaitheamh mí ar bith ar dhrugaí, ar leigheasanna nó ar fhearais áirithe atá ordaithe agus formheasta d’úsáid ag an duine sin nó ag an teaghlach sin i gcaitheamh na míosa sin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Cosliachta
    Déanann coslianna fadhbanna a bhaineann leis an gcos a scrúdú, a fháthmheas agus cóireáil a chur ar fáil dóibh. Cuireann cuid de na hOifigí Sláinte Áitiúil seirbhísí cosliachta ar fáil do dhaoine áirid atá ina dteideal.
  • Seirbhísí na gcluas
    Cuireann na Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí cluas ar fáil do dhaoine atá i dteideal dóibh, tástálacha éisteachta agus áiseanna éisteachta san áireamh. Faigh amach cé hiad atá cáilithe ó thaobh seirbhísí saor in aisce.
  • Cáin agus costais leighis
    Tá cur síos anseo ar an bhfaoiseamh cánach atá ar fáil ar chostas a bhaineann le hárachas sláinte agus árachas don chúram fadthéarmach agus ar chostais leighis.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.