Tá dualgas ar an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cinntiú go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha don phleanáil chlainne ar fáil ina gceantair.
Spreagtar Oifigí Sláinte Áitiúla le rogha soláthraithe a chur ar fáil agus ní mór dóibh rogha a chur ar fáil i measc na soláthraithe, mar shampla, má dhiúltaíonn an Liachleachtóir Ginearálta (LG) áitiúil seirbhísí frithghiniúna a chur ar fáil. Tá dualgas ar na boird sláinte freisin eolas maidir leis na seirbhísí atá ar fáil ina gceantair a chur ar fáil.
Don chuid is mó is iad na LG, ospidéil mháthaireachais agus ginearálta agus roinnt eagraíochtaí deonacha a chuireann seirbhísí, eolas agus comhairle chomh maith le drugaí agus fearas frithghiniúna ar oideas, ar fáil. Cuireann gach ospidéal máthaireachais agus formhór na n-ospidéal mór poiblí chomh maith le cuid de na hospidéil phríobháideacha seirbhísí frithghiniúna máinliachta ar fáil.
Níl fáil forleathan ar thástáil agus comhairle ghéiniteach ná ar chóir don thorthúlacht agus is minicí na seirbhísí sin ar fáil ó shaineolaithe príobháideacha nó thar lear.
Cuireann roinnt eagraíochtaí deonacha comhairle ar fáil i gcás toirchis. Tá craobhacha de na heagraíochtaí sin ar fud na tíre. Bunaíodh an tÚdarás um Thoircheas Aothaithe ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh an méid toircheas gan coinne a laghdú agus leis an méid ban a théann thar lear le ginmhilleadh a fháil a laghdú freisin.
Tá cosc dleathúil ar ghinmhilleadh ach amháin i gcásanna fíor theoranta ach ní féidir cosc a chur ar mhná dul thar lear le ginmhilleadh a fháil agus is féidir i gcúinsí áirid eolas ar ghinmhilleadh a chur ar fáil.
Tá dualgas ar FSS cinntiú go bhfuil seirbhísí cuimsitheacha pleanála clainne ar fáil ina gceantair. Is féidir leo an dualgas seo a chomhlíonadh go díreach in ionaid sláinte le altraí sláinte poiblí nó tríd na LG agus eagraíochtaí pleanála clainne.
Cuireann na hoifigí FSS, na LG agus an tIonad um Chothú Sláinte sa Roinn Sláinte eolas agus oideachas ar fáil maidir le seirbhísí pleanála clainne agus maidir le frithghiniúint. Tá sé leagtha síos i dtreoirlínte ón Roinn Sláinte gur ceart do gach Oifig Sláinte Áitiúil bileog eolais a chur ar fáil a dhéanann cur síos ar an gcineál agus ar an réimse seirbhísí pleanála clainne atá ar fáil ina cheantar agus sonraí maidir le soláthraithe na seirbhísí nó uimhreacha teagmhála teileafóin lena naghaidh.
I ndáiríre is iad na LG, eagraíochtaí deonacha agus clinicí príobháideacha pleanála clainne a chuireann comhairle ar an bhfrithghiniúint chomh maith le drugaí agus fearas frithghiniúna ar oideas ar fáil.
Má tá cárta leighis agat, is féidir leat seirbhísí LG a fháil saor in aisce ina measc comhairle ar fhrithghiniúint agus drugaí agus fearas frithghiniúna ar oideas. Ó am go chéile diúltaíonn LG nó cógaslann na seirbhísí sin a chur ar fáil. Má tharlaíonn sé seo tá dualgas ar an FSS seirbhís eile a chur ar fáil duit - le LG eile, cógaslann eile nó le heagraíocht phleanála clainne, bíodh sé deonach nó príobháideach.
Muna bhfuil cárta leighis agat is féidir na costais a bhaineann le drugaí agus fearas frithghiniúna a chur san áireamh sna socruithe fóirdheontais a bhaineann le drugaí agus míochaine ar oideas.
Cuireann clinicí deonacha agus príobháideacha pleanála clainne seirbhísí frithghiniúna ar fáil freisin. Bíonn táille le n-íoc go hiondúil leis na soláthraithe deonacha ach d'fhéadfadh sé go gcuirfeadh siad ar ceal iad nó go ngearrfadh siad táillí laghdaithe i gcásanna áirithe.
Níl aon íosaois faoi leith leagtha síos le go mbeadh cead comhairle frithghiniúna agus frithghiniúint ar oideas a chur ar fáil. Ní mór do dhuine a bheith 17 áfach le caidreamh collaí a bheith aige/aici agus mar sin d'fhéadfadh sé gur coir choiriúil a bheadh ann caidreamh collaí a bheith agat le duine atá faoi 17. Mar sin tá sé de chead ag soláthraithe seirbhísí frithghiniúna diúltú na seirbhísí seo a chur ar fáil do dhuine atá faoi 17. Go ginearálta is féidir le duine aontú le seirbhísí sláinte nuair atá sé/sí 16. Níl aon amhras nach féidir seirbhísí a dhiúltú do dhaoine fásta - daoine atá 18 nó ós a chionn.
Is faoin othar atá sé cinneadh a dhéanamh dul faoi obráid aimridithe chun críocha pleanáil clainne, i gcomhar lena lia comhairleach. Mura bhfuil an tseirbhís ar fáil in ospidéal ar leith, tá sé de cheart agat iarraidh ar an lia comhairleach go ndéanfaí tú a atreorú chuig ospidéal ina bhfuil an gnáthamh seo ar fáil. Ba cheart don oifig áitiúil FSS na socruithe a dhéanamh.
Tá an Roinn Sláinte tar éis iarraidh ar FSS a chinntiú go mbíonn fáil ar sheirbhísí vaiseachtóime in ospidéil, trí dhochtúirí teaghlaigh, agus i gclinicí pleanála clainne ina limistéir. Tá tú i dteideal na seirbhísí seo a fháil saor in aisce ar an mbunús céanna le seirbhísí ospidéil phoiblí go ginearálta. Is féidir an chóir seo a fháil i gcuid de na hospidéil phríobháideacha freisin. Beidh ort an costas iomlán a íoc.
Níl fáil forleathan ar thástáil ghéiniteach faoi leith agus ar chomhairle ina dhiaidh. Is é/í an LG a chuireann chuig na saineolaithe seo thú chun comhairle ghéiniteach a phlé go ginearálta.
Níl aon teidlíocht ann don tseirbhís seo agus mar sin ní dóigh go n-aisíocfaidh an FSS na costais a thiteann ort má théann tú thar lear leis an tseirbhís seo a fháil.
Toircheas nár déanadh a phleanáil agus nach bhfuil ag teastáil ó bhean é toircheas aothaithe agus atá ina ábhar mór buartha dí. Tá roinnt eagraíochtaí deonacha a chuireann comhairle ar mhná agus cuireann cuid ach eolas ar ghinmhilleadh ar fáil freisin.
Cuireadh Clár um Thoirchis Ghéarchéime FSS (ar a dtugtaí an Ghníomhaireacht um Thoirchis Ghéarchéime roimhe seo) ar bun chun iarracht a dhéanamh líon na dtoircheas gan iarraidh a laghdú agus líon na mban a théann thar sáile le haghaidh ginmhillte a laghdú.
Tá ginmhilleadh in aghaidh an dlí in Éirinn ach amháin má bhíonn baol fíor agus suntasach ann do bheatha (seachas do shláinte) na máthar. Áirítear leis seo baol ag éirí as bagairt féinmharaithe. De réir threoirlínte eiticiúla Chomhairle na nDochtúirí Leighis: ‘ní rud mí-eiticiúil é má tharlaíonn sé go bhfulaingíonn leanbh sa bhroinn nó sa chás gur chaill sé a bheatha mar fhothoradh ar chóir leighis caighdeánach a chuirtear ar an máthair’.
Ní féidir srian a chur ar mhná in Éirinn taisteal thar lear le ginmhilleadh a fháil. Tá sé dleathach faisnéis a chur ar fáil in Éirinn maidir le ginmhilleadh thar lear, faoi réir coinníollacha dochta. Níl sé dleathach ginmhilleadh a spreagadh nó a mholadh in imthosca faoi leith.
11 Cúirt Marlborough
Sráid Marlborough
Baile Átha Cliath 1
Éire
Uaireanta Oscailte:9:30-13:00
Teil:+353 (0)1 878 6156
Facs:+353 (0)1 878 8158
Láithreán Gréasáin: http://www.naomi.ie
R-phost: inforequest@naomi.ie
29-30 Sráid an Dáma
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 679 8989
Lóghlao:1850 281 281
Facs:+353 (0)1 679 0694
Láithreán Gréasáin: http://www.life.ie/
R-phost: life@life.ie
Teach Arabella
18D Pairc Oifigí an Gharráin Chnó
Ráth Fearnáin
Baile Átha Cliath 14
Éire
Teil:+353 (0)1 2962200
Lóghlao:1850 673333
Facs:+353 (0)1 2964049
Láithreán Gréasáin: http://www.pact.ie
R-phost: info@pact.ie
Oifig Náisiúnta
Coláiste Phádraig
Maigh Nuad
Cill Dara
Éire
Lóghlao:1850 622 666
Láithreán Gréasáin: http://www.cura.ie
R-phost: curacares@cura.ie
Teach Cherish
2 Sráid Pheambróg Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 6629212
Lóghlao:1890 662212
Facs:+353 (0)1 6629096
Láithreán Gréasáin: http://www.onefamily.ie
R-phost: info@onefamily.ie
Príomhoifig
Ionad Columba
Coláiste Phádraig
Chill Dara
Ireland
Teil:+353 (0)1 5053112
Facs:+353 (0)1 6016410
Láithreán Gréasáin: http://www.accord.ie
R-phost: admin@accord.ie
60 Sráid Amiens
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 (0)1 8069444
Facs:+353 (0)1 8069445
Láithreán Gréasáin: http://www.ifpa.ie
R-phost: post@ifpa.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.