Tá ginmhilleadh in aghaidh an dlí in Éirinn ach amháin sa chás go bhfuil beatha (ní hionann is sláinte) na máthar i bhfíorbhaol substaintiúil. Cuimsíonn sé seo an bhagairt a bhaineann le féinmharú dá bharr. Deir treoirlínte eiticiúla Chomhairle na nDochtúirí Leighis: ‘ní rud mí-eiticiúil é má tharlaíonn sé go bhfulaingíonn leanbh sa bhroinn nó sa chás gur chaill sé a bheatha mar fhothoradh ar chóir leighis caighdeánach a chuirtear ar an máthair’.
Ní féidir srian a chur ar mhná taisteal thar lear chun ginmhilleadh a fháil. Tá sé dleathach eolas a chur ar fáil in Éirinn maidir le ginmhilltí thar lear, faoi réir coinníollacha dochta. Níl sé dleathach ginmhilleadh a spreagadh nó a mholadh i gcásanna faoi leith.
Is féidir eolas a bhaineann le ginmhilleadh i dtíortha eile a chur ar fáil de réir coinníollacha áirithe. Tháinig an dlí a bhaineann leis an ábhar seo i bhfeidhm sa bhliain 1995 agus tugtar an tAcht um Fhaisnéis ar Ghinmhilleadh air go hiondúil. Is é an tAcht um Rialáil Faisnéise (Seirbhísí lasmuigh den Stát chun Toirchis a Fhoirceannadh), 1995 an t-ainm ceart atá air. Tá na coinníollacha leagtha síos san Acht inar féidir le daoine aonair nó eagraíochtaí eolas a chur ar fáil ar sheirbhísí dlíthiúla ginmhillte atá ar fáil taobh amuigh d’Éirinn do dhaoine aonair nó do ghrúpaí in Éirinn. Féach an tAcht um Rialáil Faisnéise (Seirbhísí lasmuigh den Stát chun Toirchis a Fhoirceannadh), 1995.
Is féidir le dochtúirí, eagraíochtaí faoi leith nó comhairleoirí aonair eolas maidir le ginmhilleadh thar lear a chur ar fáil. Baineann na rialacha le gach soláthróir eolais ach déantar idirdhealú idir eolas a chuirtear ar fáil don phobal i gcoitinne agus eolas a chuireann dochtúir nó seirbhís chomhairle ar fáil do bhean atá ag súil le páiste go díreach.
Ní éilíonn an tAcht ar aon duine eolas maidir le ginmhilleadh a chur ar fáil. Leagann sé rialacha síos do na daoine agus na heagraíochtaí ar mian leo eolas a chur ar fáil. Ní bhaineann rialacha an Achta le daoine ná le heagraíochtaí a chuireann comhairle toirchis ar fáil ach nach gcuireann eolas maidir le ginmhilleadh ar fáil.
Baineann an tAcht le heolas “ba dhóigh a bheadh ag teastáil ó bhean chun úsáid a bhaint as seirbhísí taobh amuigh den Stát chun deireadh a chur le toircheas” – i dtéarmaí neamhdhlíthiúla agus go bunúsach, is iad ainmneacha agus seoltaí seirbhísí ginmhillte atá i gceist.
Ní mór d’eolas ginearálta maidir le seirbhísí ginmhillte atá foilsithe nó curtha ar fáil in irisleabhair, craolacháin, cruinnithe poiblí, srl. cloí leis na rialacha seo a leanas:
Ní féidir an cineál eolais seo a chur ar fáil ar chláir fógraíochta, fógraí poiblí ná i leabhair agus nuachtáin gan iarraidh.
Ní mór cloí leis na rialacha seo beag beann ar an duine nó an eagraíocht atá ag cur an eolais ar fáil – cé acu an bhfuil siopa leabhar, ionad comhairle nó dochtúir i gceist.
Baineann rialacha níos doichte le heolas agus comhairle a chuireann dochtúirí, eagraíochtaí comhairle agus seirbhísí gaolmhara ar fáil do bhean atá ag súil le páiste. (Ní bhaineann na rialacha seo le heolas a thugann duine príobháideach, mar shampla gaol nó cara). Má chuirtear eolas maidir le ginmhilleadh ar fáil, baineann na rialacha seo a leanas leis:
Ní bhaineann na rialacha seo le dochtúirí ná le heagraíochtaí nach gcuireann eolas ar fáil maidir le ginmhilleadh ach a chuireann comhairle toirchis ar fáil do mhná.
Bíonn Seirbhísí Comhairleoireachta um Thoirchis Ghéarchéime le fáil saor in aisce ag gach bean atá ina cónaí in Éirinn. Cuirtear na seirbhísí sin ar fáil i 50 ionad ar fud na tíre agus cuireann an Stát maoiniú ar fáil dóibh trí Chlár um Thoirchis Ghéarchéime FSS. Téigh chuig positiveoptions.ie chun liosta de na seirbhísí sin a fháil.
Ní féidir le haon duine nó eagraíocht a chuireann eolas maidir le ginmhilleadh ar fáil, aon leas airgeadais a bheith aige/aici/acu i seirbhís ghinmhillte faoi leith i dtír eile. Chomh maith leis sin, cuireann an tAcht cosc ar eolas a chur ar fáil sa chás go bhfuil leas airgeadais ag seirbhís ghinmhillte thar lear i seirbhís eolais ar ghinmhilleadh in Éirinn nó sa chás go bhfuil leas ag tríú páirtí sa tseirbhís ghinmhillte agus sa tseirbhís eolais ar ghinmhilleadh ag an am céanna. Ní féidir leis an duine ná leis an eagraíocht aon sochar a bhaint ar bhealach ar bith as an gcinneadh a dhéanann bean chun ginmhilleadh a fháil; is féidir táillí a ghearradh, ach caithfear an táille chéanna a ghearradh beag beann ar an rogha a dhéanann an bhean. Is féidir leis an duine nó leis an eagraíocht cóir agus comhairle a thabhairt don bhean tar éis an ghinmhillte agus táille a ghearradh air seo.
Tá sé dleathach ainmneacha agus seoltaí seirbhísí ginmhillte a thabhairt amach. Tá sé in aghaidh an dlí coinne a dhéanamh le seirbhís ghinmhillte thar ceann na mná atá ag súil le páiste. Ní chuireann sé seo cosc ar dhochtúirí nó ar dhaoine eile taifid leighis a thabhairt don bhean.
Thosaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ag éisteacht cáis ar 6 Meán Fómhair 2005 a bhain le saoránach Éireannach (ina cónaí in Éirinn) a chuir caingean dlí ar bun toisc nach raibh seirbhísí ginmhillte ar fáil in Éirinn i gcás éalang mharfach féatais. Mhaígh an t-iarratasóir gur sáraíodh a cearta de réir a lán airteagal de Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta an Duine. Rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine cinneadh maidir le cás ‘D in aghaidh na hÉireann’ ar 28 Meitheamh 2006.
Chinn an Chúirt gur prionsabal bunaithe é i gcóras dlí ina bhfuil cosaint bhunreachtúil ar chearta bunúsacha go ndéanfadh duine éagóraithe méid na cosanta sin a thástáil. I gcás D in aghaidh na hÉireann níor thug an t-iarratasóir caingean dlí os comhair chúirteanna na hÉireann agus dá bharr sin, theip uirthi triail a bhaint as gach réiteach baile. Rinneadh an cás a dhíbhe.
Cuirtear scrúduithe sláinte agus comhairleoireacht ar fáil saor in aisce in Éirinn do mhná a fuair ginmhilleadh thar lear. Cuireann an Stát maoiniú ar fáil do na seirbhísí seo trí Chlár um Thoirchis Ghéarchéime FSS. Téigh go abortionaftercare.ie chun liosta de na seirbhísí seo a fháil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.