Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte intinne > Cearta na n-othar síciatrach

Print Page Send to a Friend

Cearta na n-othar síciatrach

Eolas

Faoin reachtaíocht reatha is féidir othair a chur isteach in ospidéil shíciatrach nó aonaid go deonach nó go neamhdheonach. Tá roinnt srianta ar chearta othar deonach nó neamhdheonach an ospidéal síciatrach nó aonad a fhágáil. Tá reachtaíocht láidir i bhfeidhm lena chinntiú nach bhfuil a gcearta ceilte ar dhaoine le meabhair ghalar, nuair atá siad ag fáil cóireála síciatraí. Ina theannta, cosnaíonn an reachtaíocht seo clann an duine atá ag fáil cóireála síciatraí agus cinntíonn sé nach bhfuil géarchúis dá dhéanamh ina n-aghaidh mar gheall go bhfuil duine den chlann faoi chúram.

Tiocfaidh athrú ar na cearta agus ar na himeachtaí seo nuair a thiocfaidh an tAcht Sláinte Meabhrach, 2001, i bhfeidhm.

Rialacha

Más othar deonach tú, is féidir leat an t-ospidéal nó aonad a fhágáil ach caithfidh tú trí lá fógra a thabhairt faoin rún atá agat sin a dhéanamh.

Cuirtear othair shealadacha neamdheonacha isteach in ospidéil nó aonaid nó ionad ceadaithe síciatrach ar feadh tréimhse socraithe agus b'fhéidir go dtarlódh sé go gcuirfidh síneadh leis má mheastar go bhfuil sin cuí go cliniciúil. (Féach ligean isteach in ospidéil síciatrach). Go praicticiúil ní féidir leat an ospidéal síciatrach nó ionad cláraithe a fhágáil go dtí go mbreithníonn an síciatrach comhairleach go bhfuil tú sách maith chun sin a dhéanamh nó go bhfuil an tréimhse ama caite.

Cearta othar in ospidéil shíciatracha

Tá ceart ag gach othar litir a chuir ar aghaidh, gan oscailt chuig an Aire Sláinte, Uachtarán na hArd Chúirte, Cláraitheoir Coimircithe na gCúirteanna, an bord sláinte cuí nó Cigire na nOspidéal Meabhrach. Is féidir leis an Aire a shocrú go ndéanfadh Cigire na nOspidéal Meabhrach scrúdú ar an othar agus is féidir leis a threorú go scaoilfaí an t-othar abhaile má tá sé sin dlisteanach. Is féidir le Uachtarán na hArd Chúirte éileamh ar Chigire na nOspidéil Meabhrach cuairt a thabhairt, agus scrúdú a dhéanamh ar aon othar atá faoi choinneáil in aon ospidéal meabhrach in Éirinn agus tuairisciú dó nó de.

Is féidir le duine ar bith iarratas a dhéanamh chuig an Aire Sláinte le haghaidh ordú go ndéanfadh dhá dhochtúr scrúdú, ar othar atá faoi choinneáil agus is féidir leis an Aire, tar éis an tuairisc a bhreithniú, treoir a thabhairt go scaoilfaidh abhaile an t-othar.

Caithfear othar atá tar éis biseach a fháil ó mheabhairghalar a scaoileadh abhaile.

Tá pianóis ann faoi dhaoine a choinneáil go héagórach in ospidéil meabhrach. Leagan cuid xix den Acht um Chóireáil Meabhrach, 1945, amach pianóis a d'fhéadfadh cúirt dlí a ghearradh ar aon duine a bhí ghníomhach i sárú forálacha an Acht sin. Déanann an tAcht Sláinte Meabhrach, 2001, soláthar i leith duine ar bith a fuarthas ciontach i gcoir, faoi chuid 2 den Acht (an chuid a bhaineann leis na himeachtaí a leanfar i gcás iontráil neamhdheonach) nó a chuir bac ar obair Chigire na Seirbhísí Sláinte Meabhrach, d'fhéadfadh siad a bheith freagrach as ciontú achomair le fineáil suas go 1,904.61 euro nó téarma príosúin suas go 12 mí, nó an dá cheann le chéile.

Déanann an tAcht soláthar freisin go mbeidh duine ar bith a fuarthas ciontach as coir faoi fhorálacha cuid 5 den Acht Sláinte Meabhrach, 2001 (an chuid a bhaineann le riaradh ionaid síciatrach ceadaithe), freagrach, ar chiontú achomair, do na pianóis thuas, agus d'fhéadfaí fineáil suas go 63,486.90 euro agus/nó tréimhse príosúin suas go 2 bhliain a ghearradh má fhaightear ciontach faoi chiontú ar dhíotáil iad.

Gearradh Cúirt dlí na pianóis

Is féidir le aon ghaol nó cara den duine atá faoi choinneáil iarratas a dhéanamh chun an t-othar a scaoileadh abhaile agus má dheimhníonn oifigeach míochaine na hinstitiúide go bhfuil an t-othar contúirteach nó mífheiliúnach le scaoileadh abhaile, is féidir leis an ngaol nó an cara athchomharc a dhéanamh chuig an Aire Sláinte.

Tiocfaidh athrú ar na cearta agus ar na himeachtaí seo nuair a thiocfaidh an tAcht Sláinte Meabhrach, 2001, i bhfeidhm.

Athchomharc in aghaidh coinneála

Déanann an tAcht Sláinte Mheabhrach, 1945 soláthar sa gcás má cheapann othar go bhfuil sé/sí faoi choinneáil go héagórach, is féidir leis/léi (nó duine éigin ag feidhmiú ar a son) iarratas a dhéanamh chuig na cúirteanna le haghaidh athbhreithnithe breithiúnais faoi chinneadh na coinneála, iarratas a dhéanamh chuig an Aire Sláinte i gcomhair barúil neamhspleách nó scríobh chuig Cigire na nOspidéil Meabhrach, nó Uachtarán na hArd Chúirte.

Déanann alt 259 agus 260 soláthar do othair a bhí faoi choinneáil roimhe seo agus a dteastaíonn uathu imeachtaí a thosú i gcúirt dlí faoi fhorálacha an Acht, ní féidir leis/lei sin a dhéanamh ach amháin le cead na hArd Chúirte agus caithfear tús a bheith curtha leis na himeachtaí seo taobh istigh de 6 mhí ón lá deireannach a raibh an t-othar faoi choinneáil neamhdheonach.

Faoi fhorálacha an Acht Sláinte Meabhrach, 2001, beidh gach cinneadh chun othar a choinneáil nó síneadh a chur ar an gcoinneáil, ag teacht go huaithoibreach faoi athbhreithniú binse sláinte meabhrach taobh istigh de 21 lá, a mbeidh sé de chumhacht acu ligean isteach nó ordaithe athnuachan a dheimhniú nó a chúlghairm agus treoir a thabhairt go scaoilfidh an t-othar abhaile as an ionad ceadaithe atá i gceist. Sa chás nach bhfuil an t-othar sásta le cinneadh an bhinse, is féidir leis/léi achomharc a dhéanamh chuig an Chúirt Chuarda ar an mbunús nach bhfuil meabhairghalar air/uirthi, taobh istigh de 14 lá ó fuair sé/sí an fógra dá c(h)ur ar an eolas faoi chinneadh an bhinse.

Ní cheadófar achomharc chuig an Ard Chúirt in aghaidh chinneadh an Chúirt Chuarda ach amháin ar phointe dlí.

Soláthraíonn alt 73 den Acht nach féidir imeachtaí sibhialta a thionscnaimh ach amháin le cead roimh ré ón Ard Chúirt. Déanann alt 74 soláthar gur féidir leis an gCoimisiún Sláinte Meabhrach nua imeachtaí a thosú i leith sárú forálacha an Acht taobh istigh de 12mí ó dháta na coire líomhanta.

Cigire na Seirbhísí Sláinte Meabhrach

Ní mór do Chigire na Seirbhísí Sláinte Meabhrach cuairt a thabhairt agus cigireacht a dhéanamh ar gach institiúid síciatrach agus ionad ceadaithe agus tuairisc bhliantúil a chur ar fáil don Aire Sláinte. Caithfidh an Cigire cuairt a thabhairt ar gach institiúid uair amháin sa bhliain ar a laghad.

Conas iarratas a dhéanamh

Má theastaíonn uait duine a scaoileadh as ospidéal Meabhrach nó ionad ceadaithe, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an Stiúrthóir Cliniciúil ag an ospidéal no ionad.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.