Cuireann boird sláinte agus ospidéil phríobháideacha réimse leathan seirbhísí ar fáil do dhaoine le meabhairghalar. I measc na seirbhísí seo d'fhéadfaí seirbhísí do aosaigh le meabhairghalar agus daoine le néaltrú/ galar Alzheimer, chomh maith le alcólacht agus seirbhísí comhairleoireacht andúile a chur san áireamh. Cuirtear an chuid is mó de na seirbhísí seo ar fáil i gcónasc le h-eagraíochtaí sláinte meabhrach deonacha agus bíonn éagsúlacht leathan ar a infhaighteacht ó cheantar amháin go ceantar eile.
Tá rialacha sonracha faoi ligean isteach in ospidéil shíciatracha nó aonaid shíciatracha ceadaithe atá ceangailte le ospidéil ghinearálta. Murab ionann agus ospidéil ghinearálta d'fhéadfaí tú a chur isteach go i gcoinne do thola in ospidéal síciatrach nó in aonad síciatrach ceadaithe.
D'fhéadfaí géarsheirbhísí sláinte meabhrach d’othair chónaitheacha a chur ar fáil in ospidéil shíciatracha speisialta nó i ngéaraonaid shíciatracha ceadaithe in ospidéil ginearálta. Cuirtear seirbhísí sláinte meabhrach pobail ar fáil ar bhunús limistéir abhantraí. Le blianta beaga anuas, tá seirbhís do dhaoine le meabhairghalar curtha ar fáil, chomh fada agus is féidir sa phobal de réir earnálacha seachas in institiúidí móra. Baineann seirbhís earnáileach le ceantar ar leith (daonra 35,000). Tá an tseirbhís sláinte meabhrach freagrach as cúram an daonra iomlán taobh istigh dá limistéar abhantraí agus cuireann siad réimsí seirbhísí cuí ar fáil chun freastal ar riachtanais an othair.
Feidhmíonn ospidéil phríobháideacha shíciatracha go forleathan ar an mbunús céanna le ospidéil phríobháideacha eile. Baineann na rialacha maidir le ligean isteach neamhdheonach leo freisin.
Tiocfaidh athrú ar na rialacha faoi ligean isteach chuig ospidéil shíciatracha agus ar na socruithe rialacháin i gcomhair seirbhísí sláinte meabhrach nuair a chuirfear an tAcht Sláinte Meabhrach, 2001, i gcrích
D'fhéadfaí seirbhísí pobail do dhaoine le meabhairghalar a chuir ar fáil in ionad áitiúil i do cheantar. Cuirtear seirbhísí ar fáil go minic i gclinicí eisothair, ionaid cúram lae, ionaid sláinte meabhrach agus ospidéil lae. Bíonn éagsúlacht idir an réimse seirbhísí atá ar fáil ó ionad amháin go ceann eile agus is féidir cóireáil a chuir ar fáil do dhuine aonarach nó ar bhunús grúpa. Tá na réimsí seirbhísí seo a leanas le fáil:
D'fhéadfadh tú a bheith curtha ar aghaidh ag do LC nó, i roinnt cásanna d'fhéadfá féin siúl isteach chun fáil a bheith agat ar an tseirbhís. Ó cheart, ba chóir tú a bheith curtha ar aghaidh ag do LC.
Cuirtear seirbhís comhairleoireachta alcóil agus andúile ar fáil go minic sa phobal. Cuirtear na seirbhísí seo ar fáil go minic i gcónasc le heagraíochtaí deonacha. Arís is féidir leat féin dul isteach i gcomhair cóireála. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do bhord sláinte áitiúil nó bord sláinte i do cheantar le haghaidh eolas faoi sheirbhísí i do cheantar.
Tá réimse seirbhísí comhairleoireachta príobháideacha andúile agus alcóil ann freisin.
Cuireann roinnt bord sláinte seirbhís speisialta ar fáil do dhaoine atá ag dul amach sna blianta, agus cuireann siad seirbhís phobail agus chónaitheach ar fáil do fhualaingeoirí a bhfuil néaltrú nó galar Alzheimer orthu. Is gnáthach gurbh é do liachleachtóir dhéanann tú a chur chuig na seirbhísí seo.
Tá aonaid shíciatracha in ospidéil ghinearálta agus aonaid chónaitheacha i suímh pobail ag teacht in áit na sean ospidéal síciatracha móra. Tá forbairt dá déanamh chomh maith ar sheirbhísí cóireála lae, seirbhísí measúnaithe agus saothair agus athshlánaithe sa phobal.
Tá géarsheirbhísí d'othair chónaitheacha á gcur ar fáil in aonaid shíciatracha in ospidéil ghinearálta nó in ospidéil shíciatracha. Tá na hothair a ligtear isteach chuig na háiseanna seo faoi chúram síciatrach comhairleach le tacaíocht ó bhaill eile de fhoireann idirdhisiplíneach, ina measc dochtúir, altraí, síceolaithe, oibrithe sóisialta, teiripithe saothair agus foireann fo-ghabhálach.
Cuirtear cúram fadthéarmach ar fáil go hiondúil i réimse aonaid mar seo a leanas:
Ionaid chónaitheacha ard tacaíochta, a chuireann maoirseacht leanúnach ar fáil, le lán-tacaíocht chun maireachtáil go neamhspleách a éascú.
Ionaid chónaitheacha meán tacaíochta, a cheadaíonn roinnt éigin maireachtála go neamhspleách in éineacht le maor cónaitheach.
Ionaid chónaitheacha le tacaíocht íseal, a áisíonn maireachtáil go neamhspleách ach le roinnt tacaíochta altranais, leighis agus sóisialta .
Is iad an fhoireann idirdhisiplíneach a chuireann an t-othar chuig na haonaid seo i gcomhairle leis an othar.
Bunaíodh Grúpa Saineolaithe ar Pholasaí Sláinte Meabhrach chun:
Scrúdóidh an Grúpa Saineolaithe gach gné de chúram agus de chóireáil sláinte meabhrach. D'iarr an Grúpa aighneachtaí ar eagraíochtaí agus daoine leasmhara, agus ar an bpobal i gcoitinne i Deireadh Fómhair 2003 agus fuarthas breis is 140 aighneacht. Tá an grúpa ag breathnú anois ar na haighneachtaí seo. Táthar ag súil go gcríochnóidh an Grúpa Saineolaithe a chuid oibre i 2005.
Tá an ceart céanna agat i gcomhair seirbhísí sláinte phoiblí do mheabhairghalar agus atá do aon tinneas eile. Caithfidh tú íoc as cothabháil agus cóireáil in ospidéil shíciatracha phríobháideacha. Uaireanta ní chaitheann comhlachtaí árachais sláinte, le táillí ospidéil shíciatraigh sa chaoi céanna agus a chaitheann siad le táillí ospidéil ghinearálta. Bíonn na rialacha céanna i bhfeidhm i maidir le cúram institiúideach fadthéarmach do othair shíciatracha agus a bhíonn do chúram fadthéarmach institiúideach, do othair eile.
Cuirtear seirbhís ospidéil d'othair chónaitheacha agus d'othair sheachtracha ar fáil saor in aisce do leanaí faoi 16 bliain atá ag fualaingt ó mheabhairghalar.
Is féidir leat tú féin a chuir isteach go deonach in ospidéal síciatrach nó aonad. Má theastaíonn uait duine a chuir isteach chuig ospidéal síciatrach nó aonad, is féidir leat an fhoirm iarratais atá leagtha síos a fháil ón ospidéal síciatrach nó aonad, do liachleachtóir nó ó do bhord sláinte.
Cigire na Seirbhísí Sláinte Meabhrach
Coimisiúin Sláinte Meabhrach
Teach Naomh Máirtín
Bóthar Waterloo
Baile Átha Cliath 4
Teil: (01) 636 400
Faics: (01) 636 2440
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.