Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte intinne > Priofisiúnaithe sláinte meabhrach

Print Page Send to a Friend

Priofisiúnaithe sláinte meabhrach

Eolas

Úsáideann seirbhísí sláinte mheabhrach in Éirinn cur chuige iltaobhach, ina gcuireann roinnt proifisiúnaithe a gcuid sainscileanna ar fáil ar bhealach atá comhordaithe agus comhlántach.

Liachleachtóir (LC)

Go minic is é an liachleachtóir an chéad duine a n-iarann tú cabhair air. Déanann sé/sí measúnú ar an bhfadhb agus d'fhéadfaí cogais a chur ar fáil chomh maith le monatóireacht a dhéanamh ar do riocht, nó d'fhéadfadh sé tú a chur ort chuig speisialtóir, m.sh. síciatraí, síceolaí nó comhairleoir, más gá. B'fhéidir go mbeadh an liachleachtóir in ann grúpa tacaíochta a mholadh don fhadhb áirithe seo. Sa chás go bhfuil daoine eile páirteach i gcúram an othair (m.sh. síciatraí, oibrí sóisialta, baill teaghlaigh agus rl) b'fhéidir go rachadh an liachleachtóir i gcomhairle leo chun an cúram is fearr san iomláine a chur ar fáil.

Síciatraí

Is dochtúr leighis é an síceatraí a dhéanann speisialtóireacht i sláinte mheabhrach. Tá síciatraí freagrach as cúram leighis d'othair shíciatracha (cogais, siomtóim fisiciúla, rl) agus tá siad páirteach i gcomhairleoireacht chomh maith. Go hiondúil oibríonn síciatraí in ospidéal nó aonad síciatreach nó mar pháirt d'fhoireann cúram phobail, ach is féidir leis/lei a bheith páirteach i gcleachtas príobháideach freisin. I gcuid is mó de na cásanna cuirfidh do liachleachtóir chuig síciatraí tú má cheapann sé/sí go bhfuil sé riachtanach, nó má éilíonn é. Go hiondúil déanann an siciatraí measúnú ar an duine ag clinic eisothair ospidéil, déanann sé diagnóis agus cuireann cóireáil ar an duine dá réir. D'fhéadfadh sé go mbeadh cóireáil le cogais i gceist nó atreorú chuig ball d’fhoireann sláinte mheabhrach. Má cheapann an siciatraígo bhfuil sé riachtanach, d'fhéadfadh sé/sí a mholadh go gcuirfí an t-othar isteach san ospidéal. Ní dhéantar an moladh seo go ginearálta, ach sa chás go bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag an duine.

Síceolaí

Tá an síceolaí oilte i staidéar na hiompraíochta daonna agus déantar iarracht mothúcháin, cuimhní agus iompraíocht a mhiniú. Is féidir le síceolaithe measúnú agus cóireáil a sholáthar ar bhealach síceolaíoch, a chuireann san áireamh measúnú pearsantachta, measúnú trí agallamh struchtúrtha, measúnú ar réimse leathan fadhbanna síceolaíocha - imní, dúlagar, ceisteanna féin mheasa, síceghnéasacha agus fadhbanna pósta. Is féidir leo cabhrú freisin le othairnscrúdú a dhéanamh ar an éifeacht atá ag an tinneas ar a saol agus bealaí a thaispeáint dóibh le go mbeidís in ann déileáil leis na héifeachtaí sin. Is é príomh aidhm an síceolaí ná an t-othar a chur ar an eolas chun go mbeadh tuiscint aige ar a thinneas. Nuair a bhíonn síceolaí páirteach i gcúrsaí sláinte mheabhrach, oibríonn sé/sígo hiondúil mar shíceolaí comhairleoireachta, pobail nó cliniciúil agus muna bhfuil cáilíochtaí leighis acu chomh maith ní ordaíonn siad cogais. Is baill de Chumann Síceolaíochta na Éireann iad formhór na síceolaithe. Cuireann an comhlacht proifisiúnta oiliúint chreidiúnta agus forbairt phroifisiúnta leanúnach ar fáil dá gcuid ball. Má tá aon cheist nó gearáin agat faoi aon bhall den Chumann, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an gCumann go díreach.

Síceolaí Cliniciúil

Tá cáilíocht speisialtóireachta i sláinte mheabhrach ag an síceolaí cliniciúil agus oibríonn sé/sí mar pháirt den bhfoireann sláinte mheabhrach in aonad nó in ospidéal agus tá siad páirteach i measúnú agus i gcomhairle teiripe. Is féidir teiripe teaghlaigh a sholáthar mar is cuí agus d'fhéadfaí bealaí ar leith cur chuige a usáid i gcomhair fadhbanna sonracha, cosúil le cur chuige chognaíoch iompraíochta do fhóibí. Go minic is é an Liachleachtóir (LC) nó an siciatraí an t-othar chuig an síceolaí cliniciúil nó is féidir leis é féin a chur chuige.

Síceolaí Pobail

Tá cáilíocht cliniciúil ag an síceolaí pobail agus oibríonn siad mar chuid d'fhoireann pobal-bhunaithe le daoine cosúil le oibrithe sóisialta, teiripeoirí urlabhra agus oifigigh leasa phobail. Tá an síceolaí páirteach i measúnú agus ag oibriú leo siúd a bhfuil réimse leathan fadhbanna acu, ina measc leanaí le deacrachtaí iompair, deacrachtaí oideachais agus eile.

Síceolaí comhairleoireachta

Bíonn cáilíocht i gcomhairleoireacht ag síceolaí comhairleoireacht agus oibríonn siad go príobháideach go minic, ag tairiscint cabhrach i gcomhair réimsí fadhbanna cosúil le deacrachtaí caidrimh, imní, féin-mheas íseal, rl. Ní síceolaí é gach comhairleoir.

Teiripeoir Iompair

Glacann teiripe iompair leis gur féidir leat athrú a chur ar rudaí a dhéanann daoine trí mhuineadh dóibh conas tabhairt faoi nithe ar bhealaí difriúla. Is í an aidhm atá ag teiripe iompair ná cabhrú leis an othar nósanna míchuibhiúla nó eagla neamhréasúnach a shrianú agus gur féidir é a usáid i gcóireáil a chur ar riocht iompair cosúil le neamhord goile agus fóibí. Ina lán cásanna is féidir iompar a fhoghlaim nó a dhearmadú trí feidhm a bhaint as teicníochta í bunúsacha oiriúnaithe. Úsáideann teiripeoir iompair teicníochtaí mar ghráin riochta, sa gcás go n-úsáidtear nósanna nach dteastaíonn agus spreagadh neamhthaithneamhach le chéile agus nuair a úsáidtear dí-íogóir sistéamach agus spreagadh a chuireann imní ar dhaoine in éineacht le ceann taithneamhach. D'fhéadfadh sé go mbeadh roinnt teiripeoirí iompair ina síciatraithe nó síceolaithe, ach ní gá gur mar seo a bheadh an cás. D'fhéadfadh sé go mbeadh an oiliúint chuí faighte ag daoine cosúil le altraí síciatrach nó oibrithe sóisialta le n-oibriú san réimse seo. Cé go n-úsáidtear an cinéal seo teiripe go coitianta i gcóiriú neamhóird iompair, b'fhéidir nach bhfuil fáil air i ngach réigiún.

Teiripeoir iompair cognaíoch

Déanann teiripe iompair cognaíoch (TIC) iarracht lagdhú a dhéanamh ar mhothúcháin mífheidhmiúla agus iompair, trí athrú a chur ar phátrúin iompair agus smaointe. Creideann na proifisiúnaithe a dhéanann speisialtóireacht sa chinéal seo teiripe go leanann athrú i siomtóim agus iompar athrú i smaointe. Is féidir an t-athrú seo a thabhairt chun cinn ar chúpla bealach, ina measc cleachtais ar bhealaí nua iompair agus anailís a dhéanamh ar phátrúin smaointe lochtacha. Is é cuspóir TIC ná lagdhú a dhéanamh ar anó, nó iompar nach dteastaíonn, trí cealú a dhéanamh ar an oiliúint seo nó trí oiliúint nua a bheadh níos oiriúnaí a chur ar fáil. Arís d'fhéadfadh sé nach síceolaithe ná síciatraí iad na teiripeoirí iompair cognaíoch seo go léir agus ba chóir duit seiceáil le do bhord sláinte lena fháil amach an bhfuil an tseirbhís ar fáil i do cheantar.

Comhairleoir

Tá alán cinéalacha comhairleoireachta le fáil do réimse leathan fadhbanna agus bíonn alán comhairleoirí ina speisialtóirí i réimsí áirithe cosúil le andúile nó bás. Cuirtear béim i ngach cur chuige ar neamh bhreithiúnas, éisteacht aireach agus ómós don chliant. Is í an aidhm atá leis an gcomhairleoireacht ná deis a thabhairt do dhaoine ceannas a thógáil ar a saol féin agus b'fhéidir nach leanfadh an comhairleoir aon teoiric faoi leith. Is iondúil go gcuireann an t-othar é féin chuig comhairleoir, cé go mb'fhéidir go mbeadh LC, síciatraí nó dlúthchara in ann duine oiriúnach a mholadh. Is síceolaithe cáilithe iad cuid de na comhairleoirí, ach tá cuid mhaith acu nach ea. Iad seo nach ea, d'fhéadfadh sé go mbeadh céim bunúsach nó oiliúint acu i réimsí eile nó/agus taithí oibre cuí (m.sh múinteoir, altra,rl) chomh maith le cáilíocht comhairleoireachta. Is féidir leis na cáilíochtaí seo éagsúlacht ó chéim Máistreachta go cúrsaí gearr-théarmach a bheith a baint leo. Tá sé tabhachtach go bhfuil tú sásta le oiliúint agus cáilíochtaí an chomhairleoir a roghnódh tú. Is féidir leat seiceáil go bhfuil do chomhairleoir cláraithe le Cumann Comhairleoireacht agus Teiripe na hÉireann. Is comhlacht náisiúnta é seo a eagraíonn scéimeanna creidiúniú do chomhairleoirí agus teiripeoirí aonaracha agus a choinníonn cláraitheoir náisiúnta do chomhairleoirí agus teiripeoirí le creidiúniú ón IACT. Tá forbairt déanta ag an IACT freisin ar Chód Eiticí agus Cleachtais do chomhairleoirí agus teiripeoirí. Má tá aon ghearáin le déanamh agat faoi theiripeoirí nó comhairleoirí, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an IACT. Is minic gur seisiún comhairleoireachta amháin sa tseachtain a bhíonn i gceist agus bíonn claonadh ann é a bheith gearr-théarmach níos minicí ná fad-théarmach, cé gur féidir leis a bheith éagsúil.

Comhairleoir Andúile

Cuireann comhairleoirí andúile measúnú, comhairle, eolas agus seirbhísí cóireála ar fáil do dhaoine atá ag fualaingt ó andúile san alcól, i ndrugaí agus sa chearbhachas. Sul más féidir comhairle a fháil don andúile, caithfidh an t-othar freastal ar chlár díshocsainithe más gá. Déantar an t-othar a chur ansin chuig seirbhís cóireála andúile atá pobal bhunaithe. De ghnáth úsáidtear comhairle aonarach agus grúpa leis an mbéim ar iarmairt iompair an andúilaí. Mar phríomh ghné den chóireáil déantar scrúdú ar na fachtóirí a chuireann tús le forbairt an andúie. Leagtar amach spriocanna le pátrúin iompair shláintiúla a bhunú. Páirt an-tabhachtach den chóireáil ná go mbeadh ball den teaghlach páirteach, a chuidíonn leis na spriocanna seo a bhaint amach. Maireann an clár ar an meán sé go hocht seachtainí, agus leantar é sin le seirbhís iarchúraim. Baineann an chuid is mo de na comhairleoirí le Cumann Andúilíochta agus Alcól na hÉireann, an comhlacht creidiúniú do chomhairleoirí andúilíochta in Éirinn. Is féidir seiceáil leis an gcomhlacht seo lena chinntiú go bhfuil oiliúint chóir agus taithí ag do chomhairleoir.

Síciteiripeach

Bíonn claonadh ag síciteiripe a bheith níos-doimhne ná comhairleoireacht. Tá sé bunaithe ar an smaoineamh, dá laghad eolas atá againn ar ár cheannfháthanna, ár mothúcháin agus ár ngníomhartha, is amhladh is mó a bhíonn siad i gceannas orainn, agus is amhlaidh freisin go bhfanann muid i bhfostú i sean phátrúin a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh duinn. Is féidir le síciteiripeach cabhrú le h-othair scrúdú a dhéanamh ar a n-intinn fochomhfhiosach. Trí aon cheann dá gcuid tiomána fochomhfhiosach, eagla agus mothúcháin a thabhairt chun solais agus déileáil leo, is féidir le othair sólás a fháil óna gcuid siomtóim. Go hiondúil faigheann síciteiripigh oiliúint iarchéime fada, a éilíonn go rachfaidh oiliúnaithe faoi theiripe, faoi dhó sa tseachtain go minic, ar feadh roinnt blianta. Athraíonn na teicníochtaí agus idirghabháileacha a úsáideann síciteiripigh de réir an fráma oibre theoiriciúil a bhfuil sé nó sí ag obair laistigh de.

Altra Síciatrach

Bíonn ról lárnach ag an altra síciatrach i gcúram an othar shíciatraigh, ar dhá bhealach, san ospidéal agus sa phobal. Oibríonn sé nó sí taobh istigh de sheirbhís shíciatrach mar pháirt de fhoireann cúraim sláinte. Cuireann altraí cúram fisiciúil chomh maith le cúram síceolaíochta ar fáil dá n-othair agus is féidir leo freisin an tacaíocht riachtanach a chur ar fáil do theaghlaigh na n-othar agus miseach a chur iontu. Bíonn éagsúlacht ag baint le gníomhaíochtaí na n-altraí ach is féidir leo áirithint a dhéanamh orthu seo:

  • Cúram d'othair lae
  • Cláir díshocsainithe
  • Oideachas ar mhicléinn altraí agus grúpaí pobail
  • Oideachas agus tacaíocht teaghlaigh
  • Teiripe grúpa, comhairle aonarach
  • Oibriú mar cheangal le seirbhísí d'othair cónaitheach, LCí, straitéis agus eagraíochtaí deonacha.
  • Ligean isteach go hospidéil agus glacadh le h-othair a eagrú
  • An chéad mheasúnú ar na h-othair a chuir liachleachtóirí chuig an ospidéal.

Go hiondúil fanann an t-altra síciatrach i dteagmháil leis na h-othair a scaoiltear abhaile ón ospidéal, ag tabhairt cuairt ar a dtithe agus ag freastal ar chlinicí eisothair agus ionaid cúraim lae. Tá altraí síciatrach pobail anois páirteach i riachtanaisí ath-thíthíochta othair.

Oibrí sóisialta sláinte mheabhrach

Bíonn oibrí sóisialta sláinte mheabhrach páirteach i seirbhís oibre sóisialta dhíreach a sholáthar d'othair atá faoi chúram síciatrach agus dá gcuid gaolta.. Déanann an t-oibrí sóisialta sláinte mheabhrach ceangal le baill eile de na seirbhísí éagsúla atá páirteach i gcúram na n-othair (m.sh, LCí, altraí sláinte poiblí, Oifigigh leasa phobail agus comhlachtaí deonacha) agus freisin le gaolta agus fostóirí. Tá siad páirteach freisin i gcomhráití foirne, forbairt polasaithe agus taighde. Is féidir leis an réimse seirbhísí gur féidir a chur ar fáil áirithint a dhéanamh do chabhair cóiríochta, cláir ceangail oibre, cabhair athshlánaithe cuí, scileanna sóisialta agus pobail, comhairleoireacht lucht méala, obair le daoine a ndearnadh mí-úsáid gnéis orthu agus le mí-úsáidaihteoirí gnéasacha. Beidh oibrithe sóisialta in ann cabhrú le daoine a bhfuil eolas ag teastáil uathu faoi shochair leasa shoisialaigh, cosuil le cártaí leighis agus liúntas cíosa, a bhféadfadh siad a bheith ina dteideal dóibh. Is féidir leo comhairle a thabhairt ar dhlí teaghlaigh, ina n-áiritear cliseadh pósta, foréigean teaghlaigh agus ceisteanna faoi chosaint leanaí. Ní cheapfar oibrí sóisialta duit ar an bpointe má tá tú ag fáil cóireála le haghaidh meabhairghalair, ach beidh ceann ar fáil duit má cheaptar go bhfuil gá leis.

Teiripeoir saothair

Cuireann teiripeoirí saothair seirbhís saothair ar fáil do dhaoine a bhfuil a n-ábáltacht ó thaobh déileáil le gniomhaíochtaí laethiúla faoi bhagairt nó lagaithe ar bhealach éigin mar gheall ar fhadhbanna fisiciúla, síceolaíochta nó forbartha. Is féidir le teiripeoirí saothair measúnú agus cóireáil a dhéanamh ar aon duine (duine fásta nó leanbh) a bhfuil deacrachtaí praicticiúla acu mar gheall ar mheabhairghalar, gortú timpisteach, airtríteas, pairilís ceirbreach, deacrachtaí foghlamtha, stróc agus comhbheirthe eile, coinníollacha forbartha, meathlúcháin nó néareolaíoch. Is í an aidhm atá leis an teiripe saothair ná deis a thabhairt don duine stíl-mhaireachtála chomh neamhspleach, táirgiúil agus chomh sásúil a bheith acu agus is féidir. Is féidir leis an gcóireáil áirithint a dhéanamh do fhéin-chúram, forbairt phearsanta, gluaiseacht agus rochtain, scileanna agus oiliúint, bainistíocht theaghlaigh, feasacht mhíchúmais, réiteach i gcomhair oibre, imirt dhírithe, bainistíocht struis agus teicníochtaí cúitimh.

Oiliúnaí tacaíocht ghairme

Is seirbhís í oiliúint ghairmoideachais a chuirtear ar fáil do dhaoine a bhfuil a saol trína chéile ag fadhbanna sláinte mheabhrach, agus ar mhaith leo tús nua a dhéanamh. Bíonn sé mar aidhm scileanna, eolas agus an dearcadh atá riachtanach chun dul isteach i bhfostaíocht, oiliúint bhreise, oideachas agus féin-fhostaíocht a chur ar fáil do na rannpháirtaithe. Bíonn sé mar aidhm freisin deiseanna oibre, an deis chun féin-mhúinín a aththógáil agus féin-luach a thabhairt ar ais agus an deis chun cáirde nua a dhéanamh agus bealaí agus cinéalacha caitheamh aimsire a fhorbairt, a chur ar fáil do na rannpháirtaithe. Cuireann Ionad Oiliúna Gairme gníomhaíochtaí ar fáil cosúil le adhmadóireacht, miotalóireacht, nósanna imeachta oifige, ealaíon agus ceardaíocht agus scileanna saoil (m.sh, scileanna idirphearsanta agus forbairt phearsanta). Aontaitear clár aonarach le gach oiliúnaí. Go hiondúil déantar atreorú trí phroifisiúnaí cosúil le síciatraí, ach is féidir le féin-atreorú tarlú freisin. Cé gur proifisiúnaithe sláinte mheabhrach iad roinnt de na hoiliúnaithe, cosúil le altraí síciatracha, d'fhéadfadh sé nach mbeadh aon oiliúint míochaine speisialta ag roinnt eile acu.

Rataí

Ní gá duit íoc as úsáid a bhaint as seirbhísí na bproifisiúnaithe sláinte mheabhrach atá ag obair i gcóras na mboird sláinte. Má shocraíonn tú úsáid a bhaint as seirbhís proifisiúnaithe sláinte príobháideacha, beidh éagsúlacht mór sa chostas. Ba chóir duit seiceáil leis na daoine atá páirteach le haghaidh tuilleadh eolais a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh

Go hiondúil is trí atreorú óna LC a fhaigheann daoine rochtain chuig proifisiúnaithe sláinte mheabhrach, idir phoiblí agus phríobháideach. Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le roinnt comhairleoirí, síceolaithe, rl., príobháideach. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le comhlachtaí proifisiúnta le haghaidh tuilleadh eolais a fháil faoi phroifisiúnaithe i do cheantar.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 March 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Sláinte Meabhrach
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar na seirbhísí sláinte in Éirinn atá ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt meabhairghalair.
  • Seirbhísí chun andúil a chóireáil
    Is fadbh í mí-úsáid alcóil ar feídir léi dul i bhfeidhm ar dhaoine is cuma cén aois iad nó cén cúlra atá acu. Tá eolas anseo faoi na roghanna éagsúla cóireála agus cén chaoi a theacht ar na seirbhísí seo.
  • Seirbhisi Leighis i bpriosun
    Deantar cur sios sa doicimead seo ar na seirbhisi leighis ata ar fail i bpriosun.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.